Roderic O’Gorman
Roderic O'Gorman sa bhliain 2014 | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 12 Nollaig 1982 43 bliana d'aois Mullach Eadrad, Éire |
| 29 Samhain 2024 – Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| An tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais | |
| 27 Meitheamh 2020 – 23 Eanáir 2025 ← Katherine Zappone – Norma Foley → | |
| 8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath London School of Economics Ospidéal an Rí |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Comhaontas Glas |
Is polaiteoir Éireannach agus teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath Thiar, é Roderic O’Gorman (a rugadh ar an 12 Nollaig 1982). D'éirigh sé ina cheannaire ar an gComhaontas Glas ar an 7 Iúil 2024.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bain suíochán ar Comhairle Chontae Fhine Gall i 2014 sular éirigh leis suíochán Dála a bhaint amach i 2020. Chinn air suíochán a fháil i 2007, 2011 agus 2016.[2]
D'éirigh O'Gorman ina Chathaoirleach ar an gComhaontas Glas in 2011, post a choinnigh sé go dtí 2019.

In Olltoghchán 2020, sciob O’Gorman an ceathrú suíochán ó Ruth Coppinger (PsB) in 2020.
Ceapadh O'Gorman mar Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige in 2020.
I mí Iúil 2024, fuair O'Gorman an ceann is fearr ar an Seanadóir Pippa Hackett sa chomórtas do cheannaireacht an pháirtí (984 vóta a fuair O’Gorman ó bhaill an pháirtí agus 912 vótá a fuair Pippa Hackett sa vótáil a reáchtáladh ar líne).[1] Vótáil 1896 ball sa toghchán, as na 3,425 duine a bhí i dteideal vóta a chaitheamh. Tháinig O’Gorman i gcomharbacht ar Eamon Ryan.
Ó shin i leith, bhí laghdú mór ar thacaíocht na nGlasach ach bhí próifíl náisiúnta ag O’Gorman mar cheannaire a pháirtí, rud a chabhraigh leis a shuíochán a choinneáil in Olltoghchán 2024. Toghadh Roderic O’Gorman (CG) don 5ú suíochán i ndiaidh an 13ú comhaireamh. Níor éirigh le Comhaontas Glas aon suíochán eile a bhuachan san olltoghchán 2024.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Roderic O’Gorman tofa ina cheannaire ar an gComhaontas Glas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-08). Dáta rochtana: 2024-07-08.
- ↑ Nuacht RTE (2024-07-08). "Roderic O'Gorman ina cheannaire ar Chomhaontas Glas" (as ga-IE).