Jump to content

GaelVóta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Imeacht#GaelVóta
Cineálfeachtas vótála Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2024 - 
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Sprioccearta teanga, buanú teanga, athbheochan teanga agus tithíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincnag.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#GaelVóta Cuir in eagar ar Wikidata

Is feachtas é #GaelVóta chun cur ina luí ar an aos polaitiúil cearta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.

Bíonn formhór mór na bpáirtithe polaitiúla ag rá go bhfuil siad báúil don Ghaeilge, ach rialtas i ndiaidh rialtais ní dhéanann siad beart de réir a mbriathair.[1][2]

Rinneadh ciorruithe millteanacha ar an tacaíocht ón Stát in aimsir na déine tar éis géarchéime na mbanc[3] agus cé go bhfuil borradh faoin ngeilleagar anois, tá "bonn íseal stairiúil" faoin tacaíocht don Ghaeilge go fóill ó shin.[4]

Le blianta beaga anuas bíonn Conradh na Gaeilge ag foilsiú éilimh chun an scéal sin a réiteach, agus á gcur faoi bhráid na bpolaiteoirí a bhíonn ag seasamh i dtoghcháin in Éireann. Molann an Conradh do phobal na Gaeilge gealltanas seasmhach a lorg ó na iarrthóirí ina dtaobh.

Polaiteoir ag lorg vótaí

"Nuair a chnagann polaiteoir ar do dhoras, cuir ceist orthu: cad é a dhéanfaidh tusa don Ghaeilge agus don Ghaeltacht?

Ansin nuair atá an comhrá sin tosnaithe, go gcuirfear ceist 'an bhfuil tusa sásta tacú leis an bPlean Fáis, an Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus an gcuirfidh tú chun cinn é le do pháirtí?"[5]

"Tá ról againn ar fad le dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí"[5] a deir Julian de Spáinn, toisc go mbíonn polaiteoirí "ag bailiú aiseolais, agus cuireann siad ar ais sa chóras é atá ag gach páirtí polaitiúil, agus nuair a fheiceann siad na rudaí atá ag teacht chun cinn ag na doirse, tugann siad aird air sin."[5]

Olltoghchán 2024 ó dheas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre "mhóréileamh" ag CnaG do pholaiteoirí in Olltoghchán 2024, agus mionsonraí faoi gach ceannteideal:

  1. Plean Fáis 2024-2029, atá réitithe ag CnaG a chur i bhfeidhm (plean a cuireadh le chéile "thar ceann breis agus 130 eagras Teanga agus Gaeltachta ar fud na tíre"[6])
  2. Dul i ngleic leis an éigeandáil sa chóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de
  3. Dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht (.i. éilimh THINTEÁN)
  4. Aire sinsearach le bheith freagrach go díreach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta[7]

Plean Fáis 2024-2029

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad Fianna Fáil agus Fine Gael an t-aon dá pháirtí nár léirigh tacaíocht do na héilimh sa Phlean Fáis, m.sh. "méadú faoi thrí go beagnach €198m, nó 0.4% den chaiteachas náisiúnta, faoi 2030 ar an Ghaeilge."[8] Mhol Páirtí an Lucht Oibre go ndéanfaí é a mhaoiniú "de réir mar atá leagtha amach" ag CnaG.[6]

Gheall Sinn Féin go sroichfí an sprioc earcaíochta de dhaoine le Gaeilge sa státseirbhís faoi 2030 agus luaigh bearta áirithe chun an Ghaeilge a normalú i measc an phobail.[9]

Chuir "na páirtithe uile atá san iomaíocht san Olltoghchán" in iúl go dtacaíonn siad le coiste saineolaithe a bhunú laistigh den gcéad trí mhí den rialtas nua "chun polasaí oideachais lán-Ghaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt." Ba é an t-aon pháirtí nár ghlac leis an moladh gan choinníoll ná FG, a dúirt go rabhadar "oscailte chuige seo".[8]

Maidir le measúnú a dhéanamh ar chaighdeán an oideachais seo de réir an Fhráma Tagartha Chomónta Eorpach, níor thug FG freagra ar bith, ach dúirt FF go rabhadar oscailte don mholadh, agus bhí gach páirtí eile ar a shon.[8]

Gaeloideachas Teo.

Agus é ag trácht ar ghealltanais na bhforógra, rinne an staraí Kerron Ó Luain iontas de ghealltanas de chuid FF go ndéanfaidís an curaclam dara leibhéil a "leasú" le tuilleadh béime a chur ar an teanga labhartha, nó ba faoi aire de chuid FF, Norma Foley, a baineadh leathuair an chloig in aghaidh na seachtaine d'am múinte na Gaeilge. Gheall siad freisin tuilleadh deiseanna freastail ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí agus b'amhlaidh an scéal le FG.[9] Chuir an Comhaontas Glas béim ar an nGaeilge sa chóras oideachais ina bhforógra siúd, ag méadú líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge "faoi dhó".[10] Bhí an sprioc sin i gclár rialtais na dtrí páirtithe freisin an uair cheana, ach is amhlaidh gur i laghad a chuaigh an líon céanna,[11] an chéad uair gur tharla a leithéid le leathchéad bliain anuas.[9]

Deir Páirtí an Lucht Oibre go méadóidís líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge go dtí 100,000 roimh 2032. Deir siad áfach nach mbeadh siad sásta cúrsaí 3ú leibhéil a mhaoiniú.[9] Molann siad bliain den tumoideachas i mbunscoileanna lán-Bhéarla agus go múinfí ábhair eile seachas an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla. Sin rud atá Pobal seachas Brabús ag éileamh freisin.[11] I measc na moltaí eile atá ag PsB tá "tuarastal cóir" do na hoifigigh pleanála teanga agus ranganna do dhaoine fásta, m.sh. sna breac-Ghaeltachtaí agus d'iarrthóirí tearmainn atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht.[12] Dúirt na Daonlathaithe Sóisialta go dtabharfaidís "aird ar leith" don Ghaeltacht, ag gealladh "cláir éifeachtacha spreagtha geilleagair" dó.[13]

Tithíocht sa Ghaeltacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
An Bord Pleanála

Tá gach páirtí ar son dhá cheann d'éilimh THINTEÁN.[14] Ceann acu sin is ea treoirlínte pleanála Gaeltachta, a bhíothas ag súil leo ar feadh dhá bhliain um an dtaca sin, a fhoilsiú "gan mhoill", rud a bheifí ag súil leis go laghdódh sé an siar is aniar idir an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta a bhain leo le fada,[8] agus go gcuirfí i bhfeidhm iad.[14]

Is é an gealltanas eile atá gach páirtí ar a shon ná go gcuirfear Straitéis Daonra agus Tithíochta i bhfeidhm i ngach limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.[14]

Bhí gach páirtí seachas FG agus FF i bhfabhar Scéim na nDeontas Tithíochta Gaeltachta a chur i bhfeidhm arís, agus tá FF sásta "athbhreithniú" a dhéanamh air.[14]

Bhí gach páirtí seachas FG, FF, agus an Comhaontas Glas sásta na cumhachtaí le rannóg tithíochta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.[14]

Deir FF go bhfuil an Ghaeilge mar theanga bheo phobail agus cearta na gcainteoirí ina gcuspóir bunaidh dá gcuid.[11] Níor luaigh a bhforógra 'pleanáil teanga', "rud atá aisteach nuair a chuimhnítear ar a thábhachtaí is atá sin i saol na Gaeltachta faoi láthair."[6] D'admhaigh FG go bhfuil "riachtanais ar leith ag na pobail Ghaeltachta"[15] agus gheall siad, i measc rudaí eile, "go n-oibreoidh an páirtí agus iad i rialtas le hÚdarás na Gaeltachta chun soláthar suntasach tithe nua a fháil agus todhchaí fhadtéarmach na bpobal Gaeltachta a chinntiú." Ní bhfuair an tÚdarás iomlán na maoine a gheall Fine Gael roimh an téarma deireanach sa rialtas.

Mhol an Comhaontas Glas an cheist seo a chíor mar chuid de "straitéis chomhtháite Ghaeltachta" a chuireadh san áireamh anailís ó fhorais stáit agus ranna rialtais éagsúla.[14] (Tá easpa comhordaithe idir na ranna rialtais ina ábhar frustrachais do ghníomhaithe agus saineolaithe teanga le fada.[9]) Gheall siad freisin go gcuirfidís toghcháin don Údarás i bhfeidhm arís (rud a gheall FF freisin[9]) agus go raibh fúthu "córas nua tacaíochta do lucht Gaeilge sa Ghaeltacht a chruthú", Tuismitheoirí na Gaeltachta san áireamh.[6]

Luaigh Páirtí an Lucht Oibre cead a thabhairt don Údarás "diúltú ar thithe príobháideacha a cuireadh ar díol sna Gaeltachtaí ionas go leanfaidh siad de bheith ar fáil don phobal teanga."[9]

Aire Sinsearach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní cheapfadh Fine Gael Aire Sinsearach ach dúirt Fianna Fáil go gceapfaí Aire Gnóthaí Tuaithe agus Gaeltachta. Tá gach páirtí eile tacúil maidir leis agus dúirt Páirtí an Lucht Oibre go mbeidís ag éileamh "Aire Stáit le freagracht as an Ghaeilge agus as an Oideachas."[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Éanna Ó Caollaí (17 Meitheamh 2024). "Pobal na Gaeilge ‘tinn tuirseach’ de bheith lasmuigh den Dáil". The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-22.
  2. Marcus Ó Conaire (2019-12-27). "Seasann polaiteoirí go díongbháilte ar son na Gaeilge go dtí go mbíonn seasamh díongbháilte le tógáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
  3. Ó Ceallaigh, Ben (1 Nollaig 2021). "Breithiúnas an Bhoird Snip Nua agus Toil an Troika: Polasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann, 2008–2018". COMHARTaighde (7). doi:https://doi.org/10.18669/ct.2021.05. ISSN 2009-8626. 
  4. Conradh na Gaeilge. "#GaelVóta 2024 - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
  5. 5.0 5.1 5.2 Conchúr Ó Faoláin (20-11-2024). "Tá tábhacht leis an 'Gaelvóta' sa toghchán: Conradh na Gaeilge". Seachtain / The Irish Independent. 
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 "Cén páirtí atá in ann an Gaelvóta a mhealladh... déan suas d'intinn anois" (27-11-2024). Seachtain: lch 4. 
  7. "#GaelVóta 2024 - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 "Glacann gach páirtí leis an mholadh don oideachas lán-Ghaeilge" (27-11-2024). Seachtain: lch 1. 
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 9.4 9.5 9.6 Kerron Ó Luain (29-11-2024). "Ceist na Gaeilge i bhforógraí na bpáirtithe polaitiúla". An Páipéar (5). 
  10. "Dúbailt ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus cúrsaí tríú leibhéal sa teanga geallta ag an gComhaontas Glas". Tuairisc.ie (2024-11-13). Dáta rochtana: 2024-11-28.
  11. 11.0 11.1 11.2 "‘Ná dearmad an Ghaeilge agus tú sa bhothán vótála’ – achainí lucht feachtais". Tuairisc.ie (2024-11-28). Dáta rochtana: 2024-11-28.
  12. "Cúrsaí saor in aisce sna coláistí samhraidh agus €26 milliún breise do TG4 á mholadh ag Pobal seachas Brabús". Tuairisc.ie (2024-11-15). Dáta rochtana: 2024-11-28.
  13. "Na Daonlathaithe Sóisialta chun ‘aird ar leith’ a thabhairt ar cheantair agus ar phobal na Gaeltachta". Tuairisc.ie (2024-11-20). Dáta rochtana: 2024-11-28.
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 14.4 14.5 "Gealltanais na bpáirtithe nochtaithe ag “Gaelvóta”" (29-11-2024). An Páipéar (5). 
  15. "A gcuid gealltanas don Ghaeilge tugtha ag Fine Gael". Tuairisc.ie (2024-11-18). Dáta rochtana: 2024-11-28.