Acht na Gaeltachta 2012

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Údarás na Gaeltachta ag stiúr Acht na Gaeltachta 2012 agus na Bailte Seirbhíse Gaeltachta sa Ghaeltacht agus tá siad ag stiúir cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht freisin

Is acht de chuid Oireachtas na hÉireann é Acht na Gaeltachta 2012 (English: The Gaeltacht Act 2012).

Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht: sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo, cé go bhfuil teorann thíreolaíochta ann dona ceantair Gaeltachta go fóill. Anois tá an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Tá deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.[1] [2]

Chomh maith le leasuithe a dhéanamh ar fheidhmeanna áirithe de chuid Údarás na Gaeltachta, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don Údarás maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, déantar foráil faoin Acht chun líon comhaltaí bhord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.

Shínigh an tUachtarán Acht na Gaeltachta 2012 ar an 25 Iúil 2012.[3]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht- Údarás na Gaeltachta
  2. Líonraí Gaeilge- Foras na Gaeilge
  3. Acht na Gaeltachta 2012 -An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta