TINTEÁN (feachtas)
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | feachtas polaitiúil |
| Cuspóir an tionscadail nó na gníomhaíochta | tithíocht, cearta teanga agus buanú teanga |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1 Samhain 2024 |
Is feachtas pobalbhunaithe é TINTEÁN atá dírithe ar dhul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.[1][2] Comhiarracht é idir an grúpa BÁNÚ ó Ghaeltacht Chonamara agus Conradh na Gaeilge, agus tá sé dírithe ar phobail Ghaeltachta uile na hÉireann.
Easpa tithíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is fadhb náisiúnta í an ghéarchéim tithíochta agus ní eisceacht na Gaeltachtaí. Tá cíosanna ag ardú as cuimse, easpa tithíochta fadtéarmach agus fadhbanna maidir le cead pleanála.[3] Géarchéim chultúrtha agus teanga atá sa ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht, chomh maith le ceann eacnamaíochta.[4]
Tá fadhbanna tithíochta ag cur inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol sa Ghaeltacht féin.[5] Dá réir sin, tá TINTEÁN ag iarraidh ar na polaiteoirí tosaíocht a dhéanamh de chearta tithíochta sna ceantair Ghaeltachta a chomhlíonadh.[1]
"Le blianta tá ráite ag pobal na Gaeltachta go bhfuil géarchéim tithíochta ag réabadh na gceantar seo, agus ag réabadh na Gaelainne dá réir. Ní féidir linn glacadh a thuilleadh le polasaithe rialtais atá ag éascú an léirscriosta." —Róisín Ní Chinnéide[1]
Mar shampla, tá cuimse lucht tithe saoire meallta ag áilleacht Chloch na Rón - as 600 teach agus árasán, níl ach 196 acu i seilbh mhuintir na háite. Tháinig laghdú 22% ar dhaonra bhaile Chloch na Rón ó aimsir Dhaonáireamh 1991 go dtí 2022.[6]
Éilimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá TINTEÁN ag éileamh:
- cumhachtaí tithíochta d'Údarás na Gaeltachta,
- scéim dheontais a dtithe Ghaeltachta (a cuireadh ar ceal in aimsir na déine tar éis chliseadh na mbanc[7]) a thabhairt ar ais,
- dréacht treoirlínte pleanála a fhoilsiú agus
- srian a chur ar thithe saoire sa Ghaeltacht.[5]
Go dtí seo, tá dhá shuíomh roghnaithe ag an Údarás mar áiteanna go bhféadfaí a bhforbairt i scéim tithíochta, rud a chuir TINTEÁN fáilte roimhe, ach scéal eile is ea an plean atá ag an Údarás na suíomhanna a aistriú go dtí dream éigin eile, "go speisialta nuair nach bhfuil an tÚdarás sásta a inseacht don phobal céard iad na dreamanna eile seo."[8]
Deir siad 'go bhfuil "cumhacht shoiléir" ag teastáil ón Údarás féin, le "Comhlacht Ceadaithe Tithíochta" a bhunú "lena chinntiú gur ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge a bheadh na suíomhanna á bhforbairt amach anseo".[8]
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ainm an fheachtais bunaithe ar an seanfhocal "Níl aon tinteán ar do thinteán féin". Deir TINTEÁN féin [go bhfuil] 'sciar mór daoine ann nach féidir an seanfhocal a thástáil.'[5]
Seoladh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seoladh an feachtas go hoifigiúil i rith phríomhfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna 2024. I measc na gcainteoirí ag an imeacht sin bhí an craoltóir Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Tiarnaigh ón Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge, agus Adhna Ní Bhraonáin ó BÁNÚ.[1]
Olltoghchán 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus na polaiteoirí ag lorg vótaí an phobail in Olltoghchán 2024, d'iarr TINTEÁN ar na hiarrthóirí casadh leo chun géarchéimeanna na Gaeltachta a phlé leo.[8] D'aontaigh teachtaí dála de chuid Shinn Féin (Pearse Doherty, Mairéad Farrell, Pa Daly agus Aengus Ó Snodaigh) an scéal a phlé leo ar an 6ú Samhain.[8]
Fuair TINTEÁN locht ar cháipéis polasaí Fhianna Fáil Ag Bogadh Ar Aghaidh le Chéile. "Gheall Fianna Fáil arís agus arís eile go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht", rud nach luaitear ina bhforógra.[9]
Gealltanais
[cuir in eagar | athraigh foinse]
De réir a bhfreagraí don cheistneoir GaelVóta, tá gach páirtí ar son dhá cheann de na héilimh.[10] Ceann acu sin is ea treoirlínte pleanála Gaeltachta, a bhíothas ag súil leo ar feadh dhá bhliain um an dtaca sin, a fhoilsiú "gan mhoill", rud a bheifí ag súil leis go laghdódh sé an siar is aniar idir an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta a bhain leo le fada,[11] agus go gcuirfí i bhfeidhm iad.[10]
Is é an gealltanas eile atá gach páirtí ar a shon ná go gcuirfear Straitéis Daonra agus Tithíochta i bhfeidhm i ngach limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.[10]
Maidir le Scéim na nDeontas Tithíochta Gaeltachta, bhí gach páirtí i bhfabhar í a chur i bhfeidhm arís, ach amháin FG agus FF. Bhí FF sásta "athbhreithniú" a dhéanamh air.[10]
Bhí gach páirtí sásta na cumhachtaí le rannóg tithíochta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta ach amháin FG, FF, agus an Comhaontas Glas. Sé a dúirt FG ná "go n-oibreoidh" siad leis an Údarás chun tithíocht a chur ar fáil[10] agus d'admhaigh siad go bhfuil "riachtanais ar leith ag na pobail Ghaeltachta".[12] Bhí FF sásta "athbhreithniú" a dhéanamh ar an gceist[10] agus dúirt go mbeadh lámh lárnach ag an Údarás i soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.[13]
Mhol an Comhaontas Glas an cheist seo a chíor mar chuid de "straitéis chomhtháite Ghaeltachta" a chuireadh san áireamh anailís ó fhorais stáit agus ranna rialtais éagsúla.[10] (Tá easpa comhordaithe idir na ranna rialtais ina ábhar frustrachais do ghníomhaithe agus saineolaithe teanga le fada.[13]) Gheall siad freisin toghcháin an Údaráis a chur ar bun arís maraon le "córas nua tacaíochta do lucht Gaeilge sa Ghaeltacht", Tuismitheoirí na Gaeltachta san áireamh.[14]
Luaigh Páirtí an Lucht Oibre cead a thabhairt don Údarás "diúltú ar thithe príobháideacha a cuireadh ar díol sna Gaeltachtaí ionas go leanfaidh siad de bheith ar fáil don phobal teanga."[13]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 "Seoladh TINTEÁN: Feachtas Nua ag Dul i nGleic leis an nGéarchéim Tithíochta sa Ghaeltacht - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie (12 Samhain 2024). Dáta rochtana: 2024-11-24.
- ↑ Cearbhall Ó Síocháin ar RnaG (2025-03-13). "Géirchéim Tithíochta na Gaeltachta - Clár Tús Áite" (as ga-IE).
- ↑ "Gaeilge faoi ionsaí – Géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, ciorruithe agus easpa múinteoirí" (en-US). Socialist Party (Ireland) (2025-09-15). Dáta rochtana: 2025-09-29.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (1 Bealtaine 2025). "‘Tá teaghlaigh óga ag imeacht óna gceantar dúchais’ – easpa gnímh an rialtais faoi fhadhb tithíochta na Gaeltachta cáinte sa Dáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-29.
- 1 2 3 Éanna Ó Caollaí (04-11-2-24). "€14.2m caite ar fhógraíocht trí Ghaeilge in 2023". The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-24.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (29 Meán Fómhair 2025). "Cara agus namhaid san am céanna í an áilleacht i gCloch na Rón" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-29.
- ↑ Ó Ceallaigh, Ben (1 Nollaig 2021). "Breithiúnas an Bhoird Snip Nua agus Toil an Troika: Polasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann, 2008–2018". COMHARTaighde (7). doi:. ISSN 2009-8626.
- 1 2 3 4 "‘Cumhacht shoiléir’ i leith na tithíochta á héileamh d’Údarás na Gaeltachta". Tuairisc.ie (2024-11-06). Dáta rochtana: 2024-11-24.
- ↑ Conchúr Ó Faoláin (20-11-2024). "Tá tábhacht leis an 'Gaelvóta' sa toghchán: Conradh na Gaeilge". Seachtain / The Irish Independent.
- 1 2 3 4 5 6 7 "Gealltanais na bpáirtithe nochtaithe ag “Gaelvóta”" (29-11-2024). An Páipéar (5).
- ↑ "Glacann gach páirtí leis an mholadh don oideachas lán-Ghaeilge" (27-11-2024). Seachtain: lch 1.
- ↑ "A gcuid gealltanas don Ghaeilge tugtha ag Fine Gael". Tuairisc.ie (2024-11-18). Dáta rochtana: 2024-11-28.
- 1 2 3 Kerron Ó Luain (29-11-2024). "Ceist na Gaeilge i bhforógraí na bpáirtithe polaitiúla". An Páipéar (5).
- ↑ "Cén páirtí atá in ann an Gaelvóta a mhealladh... déan suas d'intinn anois" (27-11-2024). Seachtain: lch 4.