Pa Daly
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1969 56/57 bliana d'aois Trá Lí, Éire |
| 29 Samhain 2024 – Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| 8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
Is polaiteoir Éireannach é Pa Daly ar ball de Shinn Féin é. Toghadh Daly don Dáil i mí Feabhra 2020 agus arís in 2024.[1]
Glaodh chun an barra é sa bhliain 1996. D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe ar feadh tamaill sular chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath. D'fhill sé sa deireadh go Tra Lí, agus chuir sé cleachtadh dlí ar siúl.[2]
Tá Daly pósta ar Mary agus tá ceathrar páistí acu. Glacann sé páirt sna clubanna CLG agus sacair, agus sa Tralee parkrun, chomh maith.
Toghadh Pa Daly (SF) ar an gcéad chomhaireamh in 2020 le farasbarr de 2,788 vóta. Bhí 20% den vóta aige. Atoghadh é in Olltoghchán 2024.
Tá togha na Gaeilge aige agus cloistear go minic é ar Raidió na Gaeltachta.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Pa Daly". Oireachtas Members Database.
- ↑ "Election 2020: Pa Daly (Sinn Féin)" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-24.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (25 Samhain 2024). "Danny Healy-Rae i mbaol agus seans ag FF ar an dara suíochán i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.