Dearg le Fearg
Feachtas polaitiúil agus sraith agóidí atá Dearg le Fearg ⭕, chun cur in aghaidh na n-ionsaithe a bhí á ndéanamh ar an Ghaeilge. Bunaíodh Conradh na Gaeilge an feachtas sa bhliain 2013. Ar an 15 Feabhra 2014, eagraíodh mórshiúl[2] i mBaile Átha Cliath, le cur in iúl don rialtas go raibh pobal na Gaeilge “Dearg le Fearg”. Deich míle Gaeilgeoir ó fud an oileáin a bhailigh le chéile, is cosúil, lena gcearta teanga a éileamh[3]. Tá agóid á heagradh don 21ú lá Bealtaine i mBéal Feirste.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an Comhaontú Chill Rìmhinn sa bhliain 2006 roinnt dualgas agus coimitmintí ar bun a chaithfear a chomhlíonadh i dTuaisceart Éireann,[4] ina measc bhí Acht na Gaeilge.[5] Gheall Rialtas na Breataine in Aguisín B go mbeadh Acht Teanga Ghaeilge ann:
"‘agus go oibreoidh sé i gcomhar leis an Fheidhmeannas atá le teacht le forbairt na Gaeilge a mhéadú agus a chosaint."[6]
An "Dream Dearg"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an "Dream Dearg"[7] le chéile sa bhliain 2016 mar gheall ar an fhrustrachas i measc phobal na Gaeilge sa Tuaisceart faoi ionsaithe leanúnacha ar an Ghaeilge, is cosúil, ó rialtas agus ionadaithe pobail[8]. "Acht na Gaeilge" sa Tuaisceart atá ag teastáil ón Dream Dearg, rud a chosnódh an Ghaeilge óna leithéid d'ionsaithe amach anseo, dar leo. Chuaigh feachtas an Dream Dearg agus an íomhá den fháinne bhán ar chúlra dearg go mór i bhfeidhm ar na meáin shóisialta sa bhliain 2016/17.
Siombailí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ‘an fuilghrúpa O’ ar an gcúigiú straoiseog is mó úsáid i measc na nGael ar Twitter. Ní cúrsaí fola ná leighis a bhíonn i gceist ag lucht labhartha na Gaeilge nuair a bhíonn an straoiseog seo in úsáid acu, ainneoin teideal oifigiúil na siombaile, ach ‘Dearg le Fearg’. Tá an ciorcal bán ar chúlra dearg tarraingthe ag lucht an fheachtais chucu féin mar shuaitheantas idirlín. Tá leaganacha eile den chomhartha, mar shampla, ‘an ciorcal mór dearg’ ⭕, ann freisin.[9]
Amhrán "Dearg le Fearg"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo amhrán le Bunscoil Bheanna Boirche, Caisleán an Mhuillinn[10]
Táimid dearg le fearg,
Is tá bród inár nglór,
Gaeil óga dhílis muid,
Ag labhairt Gaeilge mar is cóir.
Is í teanga cheart na nGael í,
Ag ár sinsir romhainn féin,
Ba mhaith linn cothrom na féinne,
Sin é ár mian.
Tá an Ghaeilge ar bharr na teanga
Ag gach duine againn go léir,
An teanga aoibhinn is ársa atá,
Fud fad an domhain faoin spéir.
Nach bhfuil níos fearr tuillte,
Ag an teanga ghleoite seo,
A bhí anseo linn le fada,
Is a bheidh againn go deo?
Ach ní thig linn fanacht mar atá,
Agus muid ag seasamh siar,
Caithfidh rudaí bheith ceart is cothrom,
Tá an méid sin iomlán fíor.
Níl muid ag iarraidh barraíocht,
cothromas sin an mhéid,
Tá Gaeilge chomh tábhachtach le teanga ar bith,
Creid nó ná creid.
Éistigí linn anois a chairde,
Le guth geal glórach Gaelach,
Scairtimid amach os ard
Le crógacht agus misneach,
Is Gaeil muidne,
Is táimid iontach bródúil as,
Níor mhaith linn anois,
Ach cearta, cóir is meas.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An "Dream Dearg" ar Facebook
- An "Dream Dearg" ar Twitter
- Litir a scríobh Pobal agus Turas sa bhliain 2014
- Feachtas "Stádas" (2004-2005)
- TINTEÁN (2024)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Maitiú Ó Coimín (18 Deireadh Fómhair 2017). "An 50 emoji is ansa le Gaeil – is gealgháireach lucht na Gaeilge ar líne ?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-17.
- ↑ Dearg le Fearg ar Youtube, ar 18 Feabhra 2014
- ↑ Meon Eile, 18 Feabhra 2014
- ↑ "Réiteach ar ceisteanna Chill Rìmhinn de dhíth- Adams". www.sinnfein.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-24. Dáta rochtana: 2019-05-20.
- ↑ dfa.ie (2006). "St Andrews agreement". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ "Cuairt Stáit" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-20.
- ↑ An Dream Dearg ar Facebook
- ↑ Meon Eile 13 Eanáir 2017
- ↑ Maitiú Ó Coimín (18 Deireadh Fómhair 2017). "An 50 emoji is ansa le Gaeil – is gealgháireach lucht na Gaeilge ar líne ?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-17.
- ↑ IrishNews.com 9 Aibreán 2014