Emoji

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Dream Dearg  nó feachtas 'Dearg le Fearg'  

Is éard is Emoji ann ná na híocóin nó na pictiúir atá le fáil ar leithéid Facebook agus ar ghutháin chliste is aipeanna.[1] Úsáidtear iad le cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin, in áit focal|focail]] nó coincheapa féin a scríobh. Bíonn roinnt daoine i mbun chomhrá iomlán a dhéanamh leis na straoiseoga seo amháin, gan focal ar bith a úsáid. Chuir Katy Perry físeán ceoil amach inar úsáid sí emoji le cur síos a dhéanamh ar a hamhrán.[2]

Seamróg

Ealaíon clóscríofa - ¯\_(ツ)_/¯

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir stair na straoiseog a rianú chomh fada siar leis an alt seo ón iris aoire Mheiriceánach Puck sa bhliain 1881.

Meastar gur tháinig straoiseoga chun cinn i gceart i ré an idirlín i 1982, nuair a mhol an t-eolaí ríomhaireachta Scott Fahlman go mbainfí úsáid as :-) agus :-( le jócanna agus ráitis dháiríre a aithint ó chéile. Tháinig an focal portmanteau ‘emoticon’ chun tosaigh ina dhiaidh sin bunaithe ar ‘emotion icon’.

Cuireadh an focal ‘emoji’ le Foclóir Béarla Oxford sa bhliain 2013, ó fhocail Seapáinise a chiallaíonn ‘pictiúr’ agus ‘carachtar’. Cruthaíodh na hemojis féin ag deireadh na 1990idí ag an ngréasán guthán NTT DoCoMo sa tSeapáin.

Fiúntas[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Ghaeilge a thugtar ar ‘emoticons’ agus ‘smilies’ araon ná straoiseog, cé go bhfuil difear eatarthu. Is téacs atá i gceist leis na hemoticons ach is pictiúir chearta iad emoji agus tá carachtair ar leith acu in Unicode, an caighdeán códála carachtar atá in úsáid timpeall na cruinne. Fágann sin gur gá don ríomhaire caitheamh leo mar litreacha agus tá seans go bhfuil bosca folamh ann ina n-áit mura bhfuil an pic ar eolas ag an ríomhaire.

Is féidir scéalta a insint leis na straoiseoga. Tá a leithéid de rud is Emoji Dick ann, an t-úrscéal fada Béarla úd slua-aistrithe go hEmojis.

Cruthaítear jócanna leo chomh maith agus déantar iarracht amhráin a aistriú. Dar le suirbhé sa Bhreatain,[1] tá ochtar as gach deichniúr tar éis úsáid a bhaint astu. Deir 72% de dhaoine óga go bhfuil sé níos éasca dóibh a gcuid mothúchán a chur in iúl leo. Deir 29% go n-úsáideann siad iad i leath dá gcuid dteachtaireachtaí iad.

Is féidir ceisteanna a chur nó a fhreagairt leo, is ionann ordóg in airde agus ‘sea’, is féidir póg a sheoladh, do mhothúcháin a léiriú.

Anuas air sin baintear úsáid astu le tuilleadh beochta a chur i rud.

Teangeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2016, bhí ‘foclóir’ nua curtha amach ag EmojiWorldBot le go mbeidh “bealach éasca ag cainteoirí Gaeilge na straoiseoga atá uathu a aimsiú”.[3] Maígh lucht EmojiWorldBot go gcabhraíonn a n-uirlis le pobal an domhain uile labhairt le chéile i dteanga a thuigeann cách.

D’oibrigh foireann idirnáisiúnta dearthóirí agus cláraitheoirí ríomhaire le chéile, trí an aip "Telegram", chun an uirlis a chruthú ina dteanga féin. Ba é an tOllamh Kevin Scannell, ó Ollscoil Missouri, a rinne an obair ó thaobh na Gaeilge de.

Gaeilge ⭕[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá taighde déanta ag an ríomheolaí Kevin Scannell ar na straoiseoga is coitianta i measc lucht na Gaeilge ar Twitter. Baineann go leor de na straoiseoga atá sna 10 straoiseog is mó úsáid le cúrsaí aimsire. Is í ‘an ordóg dhearfach’ an ceathrú straoiseog ar an liosta. Úsáidtear é chun ‘is maith liom’ a chur in iúl.[4]

Tá ‘an fuilghrúpa O’ ar an gcúigiú straoiseog is mó úsáid i measc na nGael ar Twitter. Tá an ciorcal bán ar chúlra dearg tarraingthe ag lucht An Dream Dearg chucu féin mar shuaitheantas idirlín. Tá leaganacha eile den chomhartha, ‘an ciorcal mór dearg’ ⭕, ar an liosta freisin.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Eoin P. Ó Murchú (2ú Meitheamh 2015). "An teanga is mó fás… Ó Emojia! Straoiseoga anois mar chuid rialta den Ghaeilge" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-11-17.
  2. Sinéad Ingoldsby (28 Lúnasa 2015). "Barúil ón bhocsa - Ré an emoji < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2022-11-17.
  3. "An chéad ‘foclóir’ emoji Gaeilge ar fáil anois" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-17.
  4. 4.0 4.1 Maitiú Ó Coimín (18 Deireadh Fómhair 2017). "An 50 emoji is ansa le Gaeil – is gealgháireach lucht na Gaeilge ar líne ?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-17.