Comhrá
‘Séard is comhrá ann ná daoine ag caint le chéile (cumarsáid idir beirt nó níos mó).[1]
Is annamh a labhraíonn daoine in abairtí iomlána. Déanann siad botúin ghramadaí. Athraíonn siad an chomhréir i lár abairte. Agus is cinnte nach mbaineann siad úsáid as lúibíní ina gcuid cainte, gan trácht ar leathstadanna.[2]
Lena chois sin ní bhíonn daoine gonta ná ábhartha; ní éiríonn leo scéal a insint gan céad scéal eile a tharraingt isteach agus gan míle tagairt a dhéanamh don aimsir.
Anuas air sin ar fad bíonn blas réigiúnda le sonrú ar chaint daoine go minic, nó stíl chainte a léireodh cén aoisghrúpa nó cén aicme shóisialta lena mbaineann siad, nó saintréithe pearsanta eile.[2]
Tá a lán saghsanna comhrá mar shampla....argóintí, leachtaí, comhrá rómánsúil, comhrá dáiríre, comhrá greannmhar, srl,
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ teanglann.ie (2024). "comhrá".
- ↑ 2.0 2.1 Alex Hijmans / tuairisc.ie (26 Feabhra 2024). "An chaint san fhicsean – bíonn blas ar an mbeagán".