Iúpatar (pláinéad)
Is é Iúpatar an cúigiú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus an ceann is mó de na pláinéid ar fad. Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama. D'fhéach Galileo Galilei air trí theileascóp sa bhliain 1610 agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar gealacha Galileo orthu sin i gcónaí (Io, Europa, Ganymede agus Callisto). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phláinéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.
Is pláinéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar gásfhathaigh ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan. Hidrigin (90%) agus héiliam (10%) ar fad atá sa phláinéad seachas blúirí bídeacha de gháis eile, uisce, agus amóinia. Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108 °C an mheánteocht atá ann.
Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm radaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid Satarn.
Gealacha Iúpatair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 63 shatailít ag Iúpatar, nuair a seiceáladh an uair dheireanach é, ach bíonn cinn nua á n-aithint go minic. Is gnách folúsghlantóir an spáis a thabhairt ar Iúpatar, nó baineann sé den spás an chuid is mó de na scuabréaltaí agus de na hastaróidigh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Domhan. Chonacthas sampla maith den obair seo i Mí Iúil 1994, nuair a bhuail an scuabréalta úd Shoemaker-Levy 9 faoi Iúpatar.
Struchtúr Iúpatair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceann de na gásfhathaigh sa Ghrianchóras é Iúpatar, is é sin, níl ach croí beag solaid ann agus gás nó leacht ina thimpeall. Is é an ceann is mó de na pláinéid sa Ghrianchóras, nó tá sé 142,984 chiliméadar ar trastomhas ag an meánchiorcal. Tá Iúpatar 1.326 g/cm³ ar dlús, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar an dara pláinéad is dlúithe de na gásfhathaigh, ach ar ndóigh, tá na pláinéid domhanchosúla (an Domhan, Mearcair, Véineas, agus Mars) níos dlúithe ná Iúpatar.
Tá uachtar an atmaisféir ar Iúpatar comhdhéanta as hidrigin agus héiliam - is í an hidrigin an comhábhar is mó, agus ní sheasann an héiliam ach do 8-12 % den chomhdhéanamh. Nó sin é an céatadán de réir líon na móilíní. Scéal eile é go bhfuil adamh an héiliam níos troime ná móilín na hidrigine. De réir mhais na n-adamh, tá 75 % hidrigin agus 25 % héiliam ann, a bheag nó a mhór. Ag tuirlingt anuas san atmaisféar dúinn, áfach, gheobhaidh muid romhainn comhdhéanamh is casta ná sin, nó tá dúile níos troime thíos ansin, timpeall ar 5 % den iomlán. Is féidir, mar sin, iarsmaí de chomhdhúile a aithint in íochtar an atmaisféir a bhfuil sileacan, fosfar, carbón, ocsaigin, nítrigin nó dúile eile iontu: meatán CH3CH3, uisce H2O, amóinia NH3, foisfín PH3, agus a lán eile. Amuigh ar fhorimeall an atmaisféir, arís, aithnítear criostail shioctha amóinia. Thaispeáin na gathanna ultraivialaite agus infridhearga go bhfuil hidreacarbóin sách casta, ar nóis na beinséine, ann chomh maith.
Creidtear go bhfuil comhdhéanamh an atmaisféir ar Iúpatar an-chosúil le réaltnéal na gréine fadó - an réaltnéal as ar fáisceadh na pláinéid in imeacht na milliún bliain. Scéal eile, áfach, go bhfuil an neon i bhfad níos teirce ansin ná sa Ghrian, agus an héiliam féin beagáinín níos gainne.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ISBN-10: 0387987460.
- ↑ ISBN-10: 0387987460.
- ↑ URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
- ↑ URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html. Dáta rochtana: 6 Deireadh Fómhair 2010. URL Cartlann: http://www.peeep.us/9725d0ea. Dáta a cartlannaíodh: 16 Deireadh Fómhair 2010.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
- ↑ URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
- ↑ Ráite i: Keplerian elements for approximate positions of the major planets. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 15 Feabhra 2015.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 8.3 URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
- ↑ 9.0 9.1 Jürgen Oberst (4 Nollaig 2010). "Report of the IAU Working Group on Cartographic Coordinates and Rotational Elements: 2009" (as Béarla) (2): 101-135. doi: .
- ↑ Ráite i: Regents Exams and Answers: Earth Science--Physical Setting 2020. Leathanach: 419.
athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|