Galileo (taiscéalaí spáis)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisGalileo
Galileo mission patch.png
Galileo Preparations - GPN-2000-000672.jpg
Cineál miseanclár NASA
OibritheoirJet Propulsion Laboratory logo.svg   Jet Propulsion Laboratory
NASAAmes.gif   Ames Research Center (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Taiscéalaí spáis ab ea Galileo. Lainseáladh an spásárthach sa bhliain 1989 ón tointeálaí spáis ag NASA. Shroich sé Iúpatar i 1995.[1]

Ar 11 Nollaig 1990, thóg grianghrafanna den domhan
Rinne Galileo tornhais ar mhaighnéadaisféar Ganymede sa bhliain 1996
Galileo Jupiter.gif

Rinne sé atmaisféar Iúpatair a thástáil go díreach, gealacha Galileo a iniúchadh go mion, agus pictiúir de na príomhghealacha sin a tharchur a bhí suas le 100 oiread níos géire ná na pictiúir a ghlac Voyager 2 sa bhliain 1979.

Rinne Galileo tomhais ar atmaisféar is maighnéadaisféar an phláinéid. Don chéad uair, bhí teagmháil aige le hastaróideach (ar tugadh Gaspra air), agus thóg grianghrafanna de ghealach astaróidigh, arís don chéad uair. Bhí sé in ann pictiúir a thógaint d'imbhualadh 20 giota de chóiméad Shoemaker-Levy le taobh na hoíche d'atmaisféar an phláinéid i 1994.

D'fheidhmigh Galileo cúig bhliain ar a laghad níos faide ná a bhí beartaithe, agus dódh é in atmaisféar Iúpatair sa bhliain 2003.

Jupiter's clouds.jpg

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]