Amailtia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Amailtia

Is í Amailtia an 5ú satailít nádúrtha de chuid Iúpatair, a fionnadh sa bhliain 1892. Tá Amailtia ag fithisiú Iúpatair faoi 181,000 km den phláinéad, a bheag ná a mhór, agus níl cianphointe na gealaí ródhifriúil leis an ngarphointe - tá an fhithis réasúnta ciorclach. Tá Amailtia 270 km ar thrastomhas, a bheag nó a mhór, ach tá sí an-mhírialta ina cosúlacht - níl sí in aon chóngar do bheith sfearúil. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Edward Emerson Barnard a d'aithin í, an fear ceanna a bhfuil Réalta Barnard ainmnithe as. Tugtar Iúpatar a Cúig ar Amailtia chomh maith, agus mar is léir ón teideal, tá imeachtaí an ghearrscéil fhicsin eolaíochta úd Jupiter Five le hArthur C. Clarke bunaithe ar Amailtia nó ar a timpeallacht. Tá Amailtia ag fithisiú Iúpatair in aice an fháinne ar a dtugtar "fáinne leámháin Amailtia", agus tá an fáinne comhdhéanta as dusta a tháinig ó Amailtia féin.

Glactar leis gur leac oighir is mó atá in Amailtia. Aithnítear cráitéir agus iomairí móra ar an ngealach seo. Ba iad na taiscéalaithe spáis úd Voyager a hAon agus Voyager a Dó sa bhliain 1979 a thug na chéad ghrianghrafanna d'Amailtia dúinn, ach ina dhiaidh sin ba é an fithiseoir úd Galileo a thóg grianghrafanna ní ba mhionchruinne sna 1990idí.

Tá ceithre ghné de chosúlacht Amailtia ainmnithe - dhá chráitéar agus dhá spota geal. Is iad na cráitéir ná Pan agus Gaea, agus is iad na spotaí geala ná Lyctos Facula agus Ida Facula. Facula an téarma a úsáidtear le tagairt do spotaí geala ar dhromchla Amailtia.