Caílte mac Rónáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCaílte mac Rónáin
Cineálduine ficseanúil
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
CruinneAn Fhiannaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, ball den ccc ab ea Caoilte (Sean-Ghaeilge Caílte) mac Rónáin, nia Fhionn mhic Cumhaill. Bhí cumas aige rith ar luas lasrach agus labhairt le hainmhithe. Ba scéalaí den scoth é, agus luaitear roinnt dánta na Fiannaíochta leis.

Sinsearacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal gearr as Meán-Ghaeilge Finn agus Gráinne, insítear gurb í a shinsearach "mac OisgenConscen, mac ghabha Múscraige Dobrut; is mac iníon Chumaill é."

Cath Gabhra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear sa seanscéal Cath Gabhra nár tháinig slán de bhaill na bhFiann i ndiaidh an chatha deiridh ach an bheirt ghaiscí, Caílte agus Oisín. Is príomh-phearsana iad sa scéal Acallam na Senórach, ina maireann siad go ré na Críostaíochta, agus insíonn siad scéalta na bhFiann do Naomh Pádraig, tagtha le gairid.

Cas Corach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Laoch seanscéalach ab ea Cas Corach a chabhraigh le Caílte tri ainmhí ar nós conreachta, iníonacha Airitech, a mharú. Thagaidís gach Samhain as an uaimh ag Ráth Cruachan amach, agus dhíothaidís caoirigh. TheN bhreá leo ceol, mar sin, sheinn Cas a chruit chun chur isteach orthu agus iad a mhealladh ar ais chuig a riocht daonna, fad is a chaith Caoilte sleá a ndeachaigh tríd an triúr isteach, á marú.

Claíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí claíomh aige darbh ainm Cruachoscarach (Cruadh-Chosgarach[1]).

Scathniamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí iníon ag Bodhbh Dearg mac Daghdha darbh ainm Scathniamh. Bhí sise agus Caoilte i ngrá, ach cuireadh iachall orthu scaradh óna chéile. Níor bhuail siad le chéile arís go dtí siad beirt sean, seargtha, agus Caoilte ar cheann de na Fianna deireanacha a mhair fós.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Finn agus Gráinne, eag. agus aistr. Kuno Meyer, "Finn and Grainne." Zeitschrift für celtische Philologie 1 (1897), ll. 458-61. CELT.
  • Cath Gabhra
  • Tá cur síos ar Chaoilte sa dán "The Hosting of the Sidhe" le W.B. Yeats.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. coscar ar eDIL