Jump to content

Tánaiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticTánaiste
SealbhóirLeo Varadkar
ó 27 Meitheamh 2020
CónaitheBaile Átha Cliath
Ceaptha agUachtarán na hÉireann
DlínseÉire
StáitÉire
Sainordú5 bliain
Cruthú29 Nollaig 1937

Is é an Tánaiste leascheannaire rialtais na hÉireann, nó an tOireachtas mar a thugtar air. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann, an teach ísle san Oireachtas. Ceaptar an Tánaiste ag Uachtarán na hÉireann, tar éis ainmníocht ón Taoiseach. D'fheidhmeodh an Tánaiste thar ceann an Taoisigh dá bhfaigheadh seisean bás nó dá gcuirfí ó chumas é, go dtí go gceapfaí Taoiseach nua.

Téarma

Tá bunús an nóis le fáil i seanchóras na nGael. Bhíodh Tánaiste ainmnithe ag Taoisigh chun a n-áit a ghlacadh dá marófaí iad nó dá dtarlódh rud ar bith a chuirfeadh cosc orthu a ndualgais a chomhlíonadh. Sa dóigh sin bhíothas ag súil nach mbeadh achrann nuair a bheadh comharba le piocadh. D'imigh an focal isteach sa Bhéarla sna 1530dí mar tanist a raibh an chiall "comharba tofa Taoisigh Ghaelaigh" leis. An chiall liteartha a bhí leis roimhe seo ná "comhthreommhar, sa dara háit", ón tSeanGhaeilge tanaise "comharba roghnaithe". "An té a bhfuiltear ag feitheamh leis' is bunchiall don fhocal ó tani-hessio na Ceiltise.

Stair

Cruthaíodh an oifig seo i 1937, in áit oifig an Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle a bhí ann i ré an Saorstát. Bunaíodh an oifig mar pháirt den bhunreacht nua Bunreacht na hÉireann. Ba é Seán T. Ó Ceallaigh, ó Fhianna Fáil, an chéad Tánaiste ar 29 Nollaig, 1937. Sa lá atá inniu ann, is coitianta go bhfaigheann ceannaire an dara páirtí is mó sa comhrialtas an post tábhachtach seo.

Liosta Tánaistí

Bhí trí théarma san oifig ag Seán F. Lemass (Fianna Fáil) agus Risteard Mac An Earraigh (Lucht Oibre). Bhí dhá théarma ag Liam Ó Neachtain (Lucht Oibre), agus téarma amháin ag na daoine eile.

Uimh An Tánaiste As Go dtí Páirtí
1 Seán T. Ó Ceallaigh 29 Nollaig, 1937 14 Meitheamh, 1945 Fianna Fáil
2 Seán F. Lemass 14 Meitheamh, 1945 18 Feabhra, 1948 Fianna Fáil
3 Liam Ó Neachtain 18 Feabhra, 1948 13 Meitheamh, 1951 Lucht Oibre
(2) Seán F. Lemass 13 Meitheamh, 1951 2 Meitheamh, 1954 Fianna Fáil
(3) Liam Ó Neachtain 2 Meitheamh, 1954 20 Márta, 1957 Lucht Oibre
(2) Seán F. Lemass 20 Márta, 1957 23 Meitheamh, 1959 Fianna Fáil
4 Seán Mac an tSaoi 23 Meitheamh, 1959 21 Aibreán, 1965 Fianna Fáil
5 Proinsias Mac Aodhagáin 21 Aibreán, 1965 2 Iúil, 1969 Fianna Fáil
6 Erskine Childers 2 Iúil, 1969 14 Márta, 1973 Fianna Fáil
7 Breandán Mac Fheorais 14 Márta, 1973 5 Iúil, 1977 Lucht Oibre
8 Seoirse Ó Colla 5 Iúil, 1977 30 Meitheamh, 1981 Fianna Fáil
9 Micheál Ó Laoire 30 Meitheamh, 1981 9 Márta, 1982 Lucht Oibre
10 Réamann Mac Searraigh 9 Márta, 1982 14 Nollaig, 1982 Fianna Fáil
11 Risteard Mac An Earraigh 14 Nollaig, 1982 20 Eanáir, 1987 Lucht Oibre
12 Peadar de Barra 20 Eanáir, 1987 10 Márta, 1987 Fine Gael
13 Brian Ó Luineacháin 10 Márta, 1987 31 Deireadh Fómhair, 1990 Fianna Fáil
14 Seán P. Mac Uilliam 13 Samhain, 1990 12 Eanáir, 1993 Fianna Fáil
(11) Risteard Mac An Earraigh 12 Eanáir, 1993 17 Samhain, 1994 Lucht Oibre
15 Parthalán Ó hEachthairn 19 Samhain, 1994 15 Nollaig, 1994 Fianna Fáil
(11) Risteard Mac An Earraigh 15 Nollaig, 1994 26 Meitheamh, 1997 Lucht Oibre
16 Máire Ní Áirne 26 Meitheamh, 1997 13 Meán Fómhair, 2006 An Páirtí Daonlathach
17 Mícheál Mac Dubhghaill 13 Meán Fómhair, 2006 14 Meitheamh, 2007 An Páirtí Daonlathach
18 Brian Ó Comhain 14 Meitheamh, 2007 7 Bealtaine, 2008 Fianna Fáil
19 Máire Ní Chochláinn 7 Bealtaine, 2008 9 Márta, 2011 Fianna Fáil
20 Éamon Mac Giollamóir 9 Márta, 2011 4 Iúil, 2014 Lucht Oibre
21 Joan Burton 4 Iúil, 2014 6 Meitheamh, 2016 Lucht Oibre
22 Frances Fitzgerald 6 Meitheamh, 2016 28 Samhain, 2017 Fine Gael
23 Síomón Ó Cómhanaigh 30 Samhain, 2017 27 Neitheamh, 2020 Fine Gael
24 Leo Varadkar 27 Meitheamh, 2020 anois Fine Gael