Declan Costello
Dlí-eolaí agus iarpholaiteoir de chuid Fhine Gael ab ea Deaglún Mac Coisdealbha nó Declan Costello de ghnáth (1 Lúnasa 1926 - 6 Meitheamh 2011) a bhí mar Theachta Dála ar feadh 20 bliain, mar Ard-Aighne ar feadh ceithre go leith bliain agus mar bhreitheamh san Ard-Chúirt ar feadh 20 bliain sular éirigh sé as.
Rugadh i mBaile Átha Cliath é, mac Sheán Mac Coisdealbha a bhí ina Thaoiseach dhá uaire. Toghadh é den chéad uair in olltoghchán na bliana 1951 i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh agus atoghadh é ag gach olltoghchán ina dhiaidh sin go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1969. Sheas sé arís i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Theas ag olltoghchán 1973 agus toghadh arís é.
Ní raibh Fine Gael i gcumhacht i rith na 1960í agus ba cheannaire é Mac Coisdealbha de ghlúin nua polaiteoirí a bhí ag iarraidh Fine Gael a bhogadh ar chlé. Ba phríomh-údar é den cháipéis I dTreo Sochaí Cheart (Béarla: Towards a Just Society) a bhí mar chlár Fhine Gael in olltoghchán 1965. Bhí tionchar mór ar an gcáipéis ar an bpáirtí sna blianta ina dhiaidh sin.
Ceapadh mar Ard-Aighne é sa chomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bhuaigh olltoghchán 1973.
D'éirigh sé as an bpolaitíocht nuair a ceapadh é mar bhreitheamh san Ard-Chúirt sa bhliain 1977.
Bhí sé i gceannas ar an mbinse fiosrúcháin a scrúdaigh an tubaiste a tharla in Oileán Faoide sa bhliain 1979 nuair a phléasc long ola. Ceapadh é mar Uachtarán na hÁrd-Chúirte sa bhliain 1994 agus d'éirigh sé as sa bhliain 1997.