Ard-Chúirt (Éire)
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Déileálann Ard-Chúirt na hÉireann (Béarla: The Irish High Court) leis na cásanna sibhialta agus coiriúla is tromchúisí agus is tábhachtaí ag an gcéad chéim, agus gníomhaíonn sí freisin mar chúirt achomhairc i gcásanna sibhialta sa Chúirt Chuarda. Tá an chumhacht freisin aici cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dlí bunreachtúil, agus athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh ar gníomhartha an rialtais agus comhlachtaí poiblí eile.
Bunaíodh an Ard-Chúirt faoi hAirteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, agus deonaíonn an Bunreacht "lándlínse bhunaidh, agus cumhacht chun breith a thabhairt, i ngach ní agus ceist dlí nó fíorais cibé sibhialta nó coiriúil iad" chomh maith leis an gcumas chun a chinneadh " bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta" Is é an tUachtarán an duine a cheapann na Breithiúna.
Mar sin féin, mar a bhíonn ag beagnach gach cumhacht bhunreachtúil a bhíonn ag an Uachtarán, déantar na ceapacháin faoi réir "chomhairle an Rialtais". Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo go n-ainmníonnn an rialtas na breithiúna agus ceadaíonn an tUachtarán iad go huathoibríoch.
Bíonn uasmhéid de 32 gnáthbhreitheamh Ard-Chúirte ann, cé go mbíonn Uachtarán na Cúirte Cuarda agus Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí ina gcomhaltaí ex officio freisin. De ghnáth, éisteann breitheamh amháin cás amháin, ach is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte a ordú go n-éistear cás áirithe le trí breitheamh ina suí le chéile - tugtar roinnchúirt uirthi mar dhea.
Éistear gnáthchásanna i bhfoirgneamh na gCeithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, cé go mbíonn an chúirt ag suí go rialta lasmuigh den phríomhchathair.
Tháinig an Breitheamh Richard Johnson i gcomharbacht ar an Breitheamh Onórach, an tUasal Joseph Finnegan mar Uachtarán na hArd-Chúirte i mí na Nollag 2006, agus tháinig an Breitheamh Onórach, an tUasal Nicholas Kearns i gcomharbacht uirthi i Mí Dheireadh Fómhair 2009 [1]. Ba í Mella Carroll an chéad bhean a sheirbheáil ar an gcúirt, sé sin idir 1980 agus 2005.
Breithiúna na hArd-Chúirte [athraigh]
- Nicholas Kearns, Uachtarán na hArd-Chúirte
- Vivian H. Lavan
- Paul J.P. Carney
- Declan Budd
- Mary Laffoy
- Michael Moriarty
- Peter Kelly
- Thomas C. Smyth
- Kevin C. O'Higgins
- John Quirke
- Iarfhlaith O'Neill
- Roderick Murphy
- Daniel Herbert
- Paul Butler
- Liam McKechnie
- Henry Abbott
- Éamon Óg de Valera,
- Mary Finlay Geoghegan
- Michael Peart
- Barry White
- Paul Gilligan
- Sean Ryan
- Elizabeth Dunne
- Michael Hanna
- John McMenamin
- Frank Clarke
- Kevin Feeney
- Brian McGovern
- Maureen Clark
- Peter Charleton
- John Hedigan
- Bryan MacMahon
- George Birmingham
- Mary C. Irvine
- John A. Edwards
- Patrick J. McCarthy
- Garrett Sheehan
- Daniel O'Keeffe
- Ex-Officio, John L. Murray, Uachtarán na Cúirte Uachtaraí
- Ex-Officio, Matthew Deery, Uachtarán na Cúirte Cuarda