Ríthe na Deasmhumhan
Seo a leanas liosta ríthe na Deasmhumhan.[1] De shliocht Mhic Cárthaigh an chuid is mó dóibh.
Ainm | Réimse | Athair | Gaol le réamhtheachtaí |
---|---|---|---|
Tadhg | 1118 - 1123 | Muireadach | mac Muireadaigh mhic Cárthaigh (Eoghanacht Chaisil) |
Cormac (éilitheoir) |
1123 - 1127 | Muireadach | deartháir Taidhg |
Donnchadh (éilitheoir) |
1127 | Muireadach | deartháir Cormaic |
Cormac (éilitheoir, curtha ar ais) |
1127 - 1138 | Muireadach | deartháir Donnchadha |
Donnchadh (éilitheoir, curtha ar ais) |
1138 - 1143 | Muireadach | deartháir Cormaic |
Diarmaid Mór na Cille Baghain éilitheoir |
1143 - 1185 | Cormac | nia Donnchadha |
Tadhg Glao Ó Briain éilitheoir |
1122 - 1154 | Diarmaid mac Toirrdhealbhaigh | mac Diarmada mhic Toirrdhealbhaigh |
Muircheartach Ó Briain éilitheoir |
1167 - 1168 | Toirrdhealbhach mac Diarmada | col ceathrar Taidhg Ghlao mhic Diarmada |
Domhnall Mór na Corra | 1185 - 1206 | Diarmaid Mór | mac Diarmada Mhóir |
Fingen | 1206 - 1207 | Diarmaid Mór | deartháir Domhnaill Mhóir |
Diarmaid Duna Droignein | 1207 - 1229 | Domhnall Mór na Corra | nia Finghin |
Cormac Fionn | 1229 - 1247 | Donal Mór na Corra | deartháir Diarmada Duna Droignein |
Domhnall Got | 1247 - 1251 | Donal Mór na Corra | deartháir Cormaic Fhionn |
Finghin | 1251 - 1261 | Domnall Got Cairprech | mac Domhnaill Got Cairprech |
Cormac | 1261 - 1262 | Domnall Got Cairprech | deartháir Finghin |
Domhnall Rua | 1262 - 1302 | Cormac Fionn | col ceathrar Cormaic |
Donal Óg | 1302 - 1306 | Domhnall Rua | mac Domhnaill Rua |
Donnchadh Carrthain | 1306 - 1310 | Cormac Fionn | ? |
Diarmaid Óg | 1310 - 1326 | Donnchadh Carrthain | mac Donnchadha Charrthain |
Cormac | 1326 - 1359 | Donnchadh Carrthain | deartháir Diarmada Óig |
Domhnall Óg | 1359 - 1390 | Cormac | mac Cormaic |
Tadhg na Mainistreach Móire | 1390 - 1428 | Domhnall Óg | mac Domhnaill Óig |
Domhnall an Dana | 1428 - 1469 | Tadhg na Mainstreach Móire | mac Taidhg na Mainstreach Móire |
Tadgh Liath | 1469 - 1503 | Domhnall an Dana | mac Domhnaill an Dana |
Domnall | 1503 - 1508 | Tadhg Liath | mac Taidhg Léith |
Cormac Ladhrach | 1508 - 1516 | Tadgh Liath | deartháir Domnall - Éileamh I |
Tadgh na Leamhna | 1508 - 1514 | Domhnall | mac Domhnall, nia Cormaic Ladhraigh - Éileamh II |
Domhnall an Druiminín | 1516 - 1558 | Cormac Ladhrach | mac Cormaic Ladhraigh |
Domhnall | 1558 - 1596 | Domhnall an Druiminín | mac Domhnaill an Druiminín |
Taoisigh Mhic Cárthaigh níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhaígh Terence Francis MacCarthy an teideal Ceann na Fine Mac Cárthaigh Mór. Ghlac Príomh-Aralt na hÉireann leis an maíomh sa bhliain 1992. Sa bhliain 1999, ámh, tarraíódh an t-aitheantas, nuair a nochtadh gur cumadh fianaise ar son an mhaímh.
I Meitheamh 2009, glacadh aitheantas le Liam Trant MacCarthy (a rugadh 27ú Nollaig 1957) as an Róidéis Theas ó Garter Principal King of Arms ag College of Arms i Londain mar sliochtach sinsearach and éilitheor don teideal Mac Cárthaigh Mór.[2] Is é mac Cormac Trant Mhic Cárthaigh (1931-1999) mhic Liam Trant (solicitor) (1894-1967) mhic William Patrick Trant (1853-1901), mhic Daniel as Srugrena agus a mhná chéile Ellen iníon Patrick Trant as Contae Phort Láirge. Feictear an dá ghlúin is sine i nginealach foilsithe ag an iar-Ulster Office of Arms.[3] Foilsíodh ginealach na clainne in Burke's Irish Landed Gentry faoin alt "MacCarthy of Srugrena Abbey, Co. Kerry".[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eoghanachta
- Ríthe na Mumhan
- Mhic Cárthaigh Riabhach
- Mhic Cárthaigh Mhúscraí
- Iarla Dheasmhumhan
- Iarla Clann Carty
- Mhic Gearailt
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Descent of the Crown of Desmond, 1118-1596". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-12. Dáta rochtana: 2020-04-20.
- ↑ Norfolk 51,162. College of Arms, Londain.
- ↑ Irish Recorded Pedigrees, Imleabhar 28, ll. 77-8.
- ↑ Burke's Irish Landed Gentry (1912).