Pápa Pól VI
Bhí Pól VI mar phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1963 agus 1978.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Giovanni Battista Montini an ainm breithe aige. Rugadh é i mBrescia i dtuaisceart na hIodáile i 1897.
Chuaigh Montini don chliarscoil i 1916 agus oirníodh é ina shagart i 1920. Bhí céimeanna aige ón Ollscoil Ghreagóireach, Ollscoil na Róimhe agus an Acadamh Uasail. Chaith Montini cuid mhaith dá shagartóireacht mar mhaorlathaí sa Churia Rómhánach agus bhí sé ag obair díreach faoin bPápa Pius XII ar feadh roinnt bliana, sula cheapadh é mar Ardeaspag Milano agus Cairdinéal.
Pápacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh Montini mar phápa tar éis bháis Eoin XXIII i 1963 le linn an an Dara Comhairle Vatacánach.
Breathnaíodh ar Phól mar liobrálach ar dtús. Bhí an Dara Comhairle Vatacánach ar siúl nuair a ceapadh é, fóram faoi chaidreamh idir an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus an saol comhaimseartha.
Thug Pól VI isteach athraithe liotúirgeacha tar éis na Comhairle. Cuireadh deireadh leis an tAifreann Laidineach ar feadh seal agus tógadh isteach Aifreann Phóil VI i dteangacha na ndaoine.
Ach ansin, sa bhliain 1968, sheol an Pápa Pól VI an imlitir Humanae Vitae[1]. Foilsíodh an imlitir seo de thoradh Dara Comhairle na Vatacáine. Chuir an eaglais cosc ar Chaitlicigh an fhrithghiniúint a úsáid[2]. Bhí mórchuid de Chaitlicigh liobrálacha ina choinne. Níor ghlac sé ina iomláine le himlitir Humanae Vitae.
Ba é an chéad pápa a thaisteal taobh amuigh den Iodáil.
Chuir Pól VI suim i gcúrsaí éacúiméineacha, Bhuail sé le Ardathair Athenagoras I (ardathair éacúiméineach agus ceannaire ar Eaglais Cheartchreidmheach na Gréige).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin Iodáil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1897]