Aifreann Laidineach
Is é is bun-bhrí leis an téarma Aifreann Laidineach ná "Aifreann i Laidin", ach úsáidtear é freisin le brí "Aifreann de réir deasghnáth Chomhairle Trent" (Missa Tridentina nó Aifreann Triontach).
Aifreann i Laidin[cuir in eagar | athraigh foinse]
I dtús na Críostaíochta is sa Ghréigis a ceiliúradh an tAifreann i gcathair na Róimhe, ach ón tríú aois ar aghaidh ceiliúradh é, ní amháin sa Róimh ach i ngach tír Iarthar Eorpa, i Laidin, teanga an léinn agus an chultúir sa limistéar sin go dtí an Athbheochan agus (i bhfoirm laghdaithe) do gtí an 19ú aois. Mar eisceacht, úsáidtí an tSean-Sláibh sa Bhalcáin le ceadú na bPápaí.[1] [2]
Is é riail láithreach na hEaglaise, tar éis Dara Comhairle na Vatacáine, nach bhfuil iallach ar an sagart an Laidin a úsáid ag ceiliúradh an Aifrinn dó, ach ceadaítear dó í a úsáid i gcónaí, ach amháin in Aifrinn ar chlár lena gceiliúradh i dteanga an phobail (Redemptionis sacramentum, 112).
Aifreann Chomhairle Trent[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Cumann an Aifrinn Laidinigh ann chun an Aifreann a chaomhnú in Éirinn mar ba ghnách é a cheiliúradh roimh 1970. Ceadaítear do na grúpaí a bhfuil ceangail eadarthu agus an fhoirm sin den Aifreann feidhm a bhaint as an Leabhar Aifrinn a d'fhoilsigh an Pápa Eoin XXIII sa bhliain 1962, in ionad an eagráin chomhaimseartha. Leis an litir Summorum Pontificum shocraigh an Pápa Beinidict XVI na rialacha a bhaineann le húsáid an Leabhar Aifrinn sin.
Eagraíochtaí Traidisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Cumainn Sagairtiúil agus Oird Rialta
- Reachtas Aspalda Eoin Máire Vianney Naofa - Campos-RJ, An Bhrasaíl [3]
- Bráithreachas Sagartúil Peadar Naofa - Fribourg, An Eilvéis [4]
- Institiúid Críost Rí Ard-Shagart - Sieci, An Iodáil [5]
- Bráithreachas Uinsinn Ferrer Naofa - Chémeré-le-Roi, An Fhrainc [6]
- Institiúid Pilib Neri Naofa - Berlin, An Ghearmáin [7]
- Beinidictigh – Clear Creek - Hulbert, OK, Stáit Aontaithe Mheiriceá [8]
- Beinidictigh – Fontgombault - Fontgombault, An Fhrainc
- Beinidictigh – Gaussan - Lezignan Corbieres, An Fhrainc [9] Curtha i gcartlann 2005-04-06 ar an Wayback Machine
- Beinidictigh – Le Barroux - Le Barroux, An Fhrainc [10]
- Beinidictigh – Randol - Cournols, An Fhrainc [11]
- Beinidictigh – St. Pierre de Clairac - Saint Pierre de Clairac, An Fhrainc [12]
- Beinidictigh - Triors - Chatillon Saint Jeans, An Fhrainc
- Insitiúid Rialta na Croise Naofa Riaumont - Liévin Cedex, An Fhrainc [13]
- Canónaigh Rialta Máthair Dé - Lagrasse, An Fhrainc [14]
- Canónaigh Rialta Iarúsailéim Nua - Chesterfield, MO, Stáit Aontaithe Mheiriceá [15]
- Manaigh Muire Cairmil - Powell, WY 82435, Stáit Aontaithe Mheiriceá [16]
- Institiúid an Aoire Mhaith - Bordeaux, An Fhrainc [17]
- Sámtha Baineann Traidisiúnta
- Beinidictigh – Jouques, An Fhrainc
- Beinidictigh – Le Barroux, An Fhrainc [18]
- Beinidictigh – Rosans, An Fhrainc
- Ban-Chanónaigh Rialta Máthair Dé - Gap, An Fhrainc [19]
- Siúracha na Fola Ró-luachmhar – Schellenberg, Liechtenstein
- Siúracha na Fola Ró-luachmhar – St. Pelagiberg, An Eilvéis
- Beinidictigh Muire, Banríon na nAspal - Kansas City, Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá [20]
- Adhraitheoirí Chroí Ríoga Íosa Chríost Ard-Shagart, Sieci, An Iodáil [21]
- Cairmilítigh Díbhrógacha - Valparaiso, Nebraska, Stáit Aontaithe Mheiriceá [22]
- Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Baffe, An Fhrainc
- Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Draguignan, An Fhrainc
- Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Nantes, An Fhrainc
- Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Pontcalec, Berne, An Fhrainc
- Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Saint Cloud, An Fhrainc
- Íobartaigh Rialta Chroí Ró-Naofa Íosa – Marseille, An Fhrainc
- Institiúid Seirbhísigh Banríon na nAspal - Columbus, OH, Stáit Aontaithe Mheiriceá
Traidisiúnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Easpag Raymond Leo de Búrca
- Easpag Athanasius Schneider
- Taylor Marshall
- Jakob Rees Mogg
- Joseph Odermatt
- Gilles Wach
- Ginés Jesús Hernández-Martínez