Institiúid Críost Rí Ard-Shagart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaInstitiúid Críost Rí Ard-Shagart
(la) Institutum Christi Regis Summi Sacerdotis
(fr) Institut du Christ Roi Souverain Prêtre Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrICRSS Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsochaí na beatha aspalda Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Meán Fómhair 1990
Bunaitheoir(í)Gilles Wach agus Philippe Mora Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáininstitute-christ-king.org Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Institiúid Críost Rí Ard-Shagart (Laidin: Institutum Christi Regis Summi Sacerdotis) ar 1 Meán Fómhair 1990 i ndeoise Mouila i nGabon na hAfraice. Institiúid Sagart is ea í a cheiliúiríonn an tAifreann Laidineach faoi spiorad Beinidict Naofa, Tomás Acuin Naofa agus Proinnsias de Sales Naofa. Bhunaigh an Gilles Wach agus an tAthair Philippe Mora, beirt iar-scoláire Choláiste na nGael sa Róimh, an Insititiúid. 's iad na Adhraitheoirí Chroí Ríoga Íosa Chríost Ard-Shagart brainse baineann na hInstitiúide.

Go gairid tar éis bhunú na hInstitiúide, cuireadar fúthu i Gricigliano na Tuscáine in Ard-deoise Firenze na hIodáile. 'S í an Fhraincis teanga oifigiúil na hInstitiúide. Tá siad lonnaithe i 11 tír anois. Dhá Domhnach sa mhí, tagann sagart de chuid na hInstitiúide go Luimneach, chun an Aifrinn Laidinigh a léamh i Séipéal Phádraig Naofa ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath i gCathair Luimnigh agus tá teach acu sa chontae. Thosaigh an Institiúid ag léamh aifreann míosúil i gCathair na Gaillimhe i mBealtaine 2010.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]