Tomás Acain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tomás ó Aquino)
Infotaula de personaDochtúir na hEaglaise
Tomás Acain

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Thomas Aquinos
Beathaisnéis
Breith1225 (Féilire Ghréagóra)
Roccasecca (Ríocht na Sicile)
Bás7 Márta 1274
48/49 bliana d'aois
Mainistir Fossanova (Stáit an Phápa)
Áit adhlacthaChurch of the Jacobins (en) Aistrigh (1369–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pháras (1245–1248)
Ollscoil Napoli Federico II (1239–1245) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAquino
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht agus diagacht
Gairmdiagaire, fealsamh, scríbhneoir, sagart Caitliceach Rómhánach, ollamh, diagaire Caitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtThomism (en) Aistrigh, just war theory (en) Aistrigh agus scolaíochas
Mac/iníon léinn de chuidAlbertus Magnus
Mac/iníon léinnHenry Bate of Malines (en) Aistrigh agus Remigio dei Girolami
Faoi thionchar
TeangachaLaidin na meánaoise, Iodáilis na Meánaoise agus an Laidin
Ord crábhaidhDoiminicigh
Ardú
Lá féile28 Eanáir
7 Márta Cuir in eagar ar Wikidata
Fearann an naoimh nó an déMúinteoir ollscoile, cosantóir, Belcastro, Aquino, foghlaim, chastity (en) Aistrigh, diagaire agus scoláire
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalDochtúir na hEaglaise Cuir in eagar ar Wikidata
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLandulphe d'Aquino

Musicbrainz: ea7f0f74-18fc-409c-ba6c-ed1cae12cddc IMSLP: Category:Aquinas,_Thomas Find a Grave: 21372374 Cuir in eagar ar Wikidata
Benozzo Gozzoli, Triumph of St Thomas Aquinas, 1471

Sagart Caitliceach Iodálach ab ea Naomh Tomás Acain (c. 12257 Márta 1274). Fealsamh agus diagaire a bhí ann agus é ina bhall d'Ord Doiminiceach na Seanmóirithe.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Naomh Tomás Acain sa bhliain 1226 i Roccasecca, Aquino, An tSicíl, i gcaisleán a athar, an Cunta Landulph. Chaith Tomás a luathshaol faoi phribhléid, toisc gur bhain sé le teaghlach uasal rachmasach, agus cuireadh ardoideachas air. Cuireadh ar scoil as baile é nuair a bhí sé cúig bliana d’aois, agus thuig a chuid múinteoirí go luath gur duine an-éirimiúil a bhí ann.[1]

Chomh luath agus a bhí sé fásta go leor, in aois seacht mbliana déag dó, tháinig Tomás faoi thionchar na gluaiseachta nua Doiminiceánach. Shocraigh sé ar dhul isteach in Ord na nDoiminiceánach, ord a bhunaigh San Doiminic.[2] Chuir a mhuintir, a bhí traidisiúnta go maith, ina aghaidh seo. Ní raibh a theaghlach sásta agus cuireadh faoi ghlas é.

D'éalaigh Tomás sa bhliain 1245. Agus de réir a chéile, d’éirigh le Tomás a mhian a fháil.

Cuireadh go Páras é don chéad uair agus é fiche bliain d'aois. D'fhan sé ann go dtí 1248, agus ansin cuireadh go Cologne é. Tháinig sé ar ais go Páras i 1252 agus d’éirigh sé thar a bheith cairdiúil le Louis IX, Rí na Fraince an am sin.

Rinneadh Dochtúir le Diagacht de, agus thug sé léachtaí ar an Diagacht i gcathracha tábhachtacha mar an Róimh. Leath a cháil mar scoláire ionas gur bronnadh an gradam air bheith mar éarlamh na mac léinn agus na n-ollscoileanna.

S. Thomae Aquinatis In octo Physicorum Aristotelis, 1595

Sa bhliain 1261, chuir an Pápa ceist air teacht chun na Róimhe le múineadh inti.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail fís é i lár an aifrinn i Nollaig 1273; afáiseach, stop sé a chuid scríbhneoireachta. Bhí sé ag scríobh 'Summa Theologica', a phríomhshaothar, agus níor chríochnaigh sé é riamh.

Ar an mbealach chun Dara Chomhairle Lyon dó, ar ordú ón bPápa Greagóir X, bhuail tinneas é. Fuair sé bás ag an mainistir Chistéirseach de Fossa Nuova na hIodáile, ar 7 Márta 1274 (rith fola san inchinn b'fhéidir?) in aois 48 nó 49 dó.

Aristotelis Politicorum libros, 1478 Tomás de Aquino ed. Johannes Ferrarius

Múinteoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá meas ag an Eaglais Chaitliceach air mar eiseamláir múinteora, go háirithe i ngeall ar oideachas sagart. Scríobh sé breis agus fiche leabhar le linn a shaoil. Níor éirigh leis a mhórshaothar léinn, an 'Summa Theologica', a chríochnú áfach.

Tá sé ar na trí dhuine dhéag is fiche a dtugtar Múinteoirí na hEaglaise orthu, agus meastar gurb é an diagaire is fearr san Eaglais.

Tugtar an Dochtúir Ainglí agus an Doctor Universalis air.

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Tomás ar na diagairí is tábhachtaí san fhealsúnacht nádúrtha Chlasaiceach, agus chuir sé scoil fhealsúnach ar bun a dtugtar an Tómachas uirthi.

Is é Summa Theologica a phríomhshaothar.

Taisí naoimh, église des Jacobins, Toulouse

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duine de na diagairí ba mhó tionchair dár mhair riamh ba ea Tomás. D’ainmnigh an Pápa Pius V é bheith mar Dhochtúir na hEaglaise nuair a chanónaíodh é sa bhliain 1323.

Thaitin an mhúinteoireacht chomh mór sin le Tomás go mbreathnaítear anois air mar éarlamh ar scoileanna, ar ollscoileanna agus ar mhic.

Ar an 28 Eanáir, ceiliúrtar Lá Fhéile Tomás Acain (titeann an 7 Márta, lá a bháis, i rith an Charghais).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2009 (2009). "Acmhainní do Phobal na Scoile / Comhad Fíricí". Dáta rochtana: 2021.
  2. An Chomhairle Oideachais de Chomhdháil Easpag Éireann (diocese of Kerry) (2012). "Téama: Corp Beo Chríost Gníomhach Inár Saol (Post-primary-resources)". Dáta rochtana: 2021.