Johannes Scotus Eriugena

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohannes Scotus Eriugena

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith810
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás877
66/67 bliana d'aois
An Fhranc Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht
Gairmfealsamh, aistritheoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 9ú aois
Faoi thionchar
TeangachaAn Laidin
Ord crábhaidhBeinidictigh
Eile
Ciontaíodh ieiriceacht Cuir in eagar ar Wikidata

Diagaire Éireannach, fealsamh Nua-Phlatónach, agus file ab ea Johannes Scotus Eriugena. Scríobh sé roinnt mhaith saothar, ach is so-aitheant sa lá atá inniu, agus chuaigh i bhfeidhm ar daoine sna céadta bliain ina dhiaidh sin ná a chuid tráchtaireachtaí, aistrithe ón Ghréigis, a rinne sé ar obair an dhiagaire agus fhealsaimh Pseudo-Dionysius an tAreopaguch.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’úsáid Johannes Scotus an fhoirm "Eriugena" den bhuafhocal a cuireadh lena ainm in aon lámhscríbhinn amháin. Is é is brí leis ná ‘a rugadh in Éirinn (Ériú)’. Ba é ‘Scottus' an téarma Laidine ar “Éireannach” nó “Gaelach” agus, dá bhrí sin, aistrítear a ainm mar “Johannes, an Gael a rugadh in Éirinn”. Is é “Scotti” an téarma ar thug na Rómhánaigh ar na hÉireannaigh. Litríodh an focal mar ‘Scottus’ (le dhá ‘t’ seachas ceann amháin) sna lámhscríbhinní luatha suas go dtí b’fhéidir an 11ú aois. Tugtar ‘Scottigena’ (“a rugadh in Éirinn”) air sna lámhscríbhinní corruair, freisin.

Tá sé tábhachtach é a idirdhealú ón bhfealsamh d’aois ní ba dhéanaí, Duns Scotus.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rí Cairilínsigh Séarlas Maol

B’Éireannach é Johannes Scotus Eriugena, agus ba in Éirinn a fuair sé a chuid oideachais. D’aistrigh sé go dtí an Fhrainc (timpeall 845) agus tháinig sé i gceannas ar an Acadamh Palaitíneach faoi chuireadh an Rí Cairilínsigh, Séarlas Maol. Tháinig sé i gcomharbacht ar Alcuin Eabhrac (735-804) mar cheannasaí Scoil an Pháláis. Is amhlaidh gur tháinig borradh mór faoin gclú a raibh ar an scoil seo, a bhí tábhachtach mar institiúid san Athbheochan Cairilínseach, faoi cheannasaíocht Ériugena, agus tharla gur thug an Rí cead a chinn don fhealsamh a raibh a chos isteach leis. Ba mháistir scoile é Alcuin seachas fealsamh ach ba scoláire iomráiteach na Gréigise a bhí in Ériugena chomh maith le fealsamh, duine a raibh scil aige a bhí annamh in Iarthar na hEorpa ag an am sin, cé go raibh sé coitianta i measc lucht foghlama sa tréimhse luath i stair na hÉireann agus sa tréimhse Mheánaoiseach in Éirinn chomh maith, mar a léirítear in úsáid an chló Gréigise i lámhscríbhinní Éireannacha sa Mheánaois. D’fhan sé sa Fhrainc ar feadh tríocha bliain ar a laghad agus táimid beagnach dearfach de gurbh sa tréimhse sin a scríobh sé a chuid saothar uile.

Alfred Mór

Níl mórán eolais againn faoina shaol aosta. Tá scéal amháin ann go bhfuair sé cuireadh ó Alfred Mór na Sasana teacht go hOxford, gur oibrigh sé go dín ansiúd ar feadh blianta fada, gur éirigh leis a bheith ina ab in Malmesbury, agus ansin go bhfuair sé bás nuair a thug a chuid daltaí bairbín dó lena gcuid stíleas (styli). Níl sé soiléir an ceart go léifear brí litriúil nó brí fhíorach sa scéal seo, agus ceapann roinnt scoláirí go bhfuil seans ann gur ar Johannes eile atá sé ag tagairt. Is é is dóichí ná nár fhág sé an Fhrainc riamh, agus ceaptar go bhfuair sé bás in 877, de ghnáth. De réir na fianaise atá ann, ní féidir dearbhaigh arb chléireach nó tuata é, ach meastar gurb chléireach é, agus manach leis sin, b’fhéidir, nuair a chuirtear in áirimh nósanna na haimsire atá i gceist.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cónra Ardeaspaig Hincmar in Ardeaglais Rheims -

Den chuid is mó, tá a chuid saothar bunaithe ar Naomh Agaistín, ar an mbréag-Dinísias, ar Maximus an tAdmhaitheoir, agus ar na hAithreacha Capadóiceacha, agus is saothair Nua-Phlatónacha iad gan dabht ar bith. D’athnuaigh sé dearcadh tharchéimnitheachas an Nua-Phlatónachais agus a cur chuige ar a dtugtar “céimlathas grádaithe”. Agus é ag féachaint siar ar shaothar Phlatóin, d’éirigh leis an díospóireacht sin idir an t-ainmníochas agus an réadúlachas a athbheochan. Is é an chéad saothar a bhfuil eolas againn faoi a scríobh sé sa tréimhse seo ná tráchtas ar an Eocairist, ach tá sé sin caillte, faraor. Tá an cuma ar an scéal gur chuir sé an teagasc chun cinn nach raibh san Eocairist ach siombalachas nó cleachtas comórtha, barúil a raibh ag Berengar ó Tours níos déanaí sa stair agus a cáineadh agus a daoradh é dá bharr. Mar chuid dá phionós aithrí, deirtear go raibh ar Berengarius tráchtas Eriugena a dhó go poiblí. Cé chomh fada is a bhfuil fianaise againn faoi, áfach, ceapadh ag an am gurbh ortadocsach é Eriugena agus cúpla bliain ina dhiaidh roghnaigh Hincmar, ardeaspag Rheims, é chun cosaint a dhéanamh ar theagasc shaoirse an toil in aghaidh an teagaisc réamhchinntiúcháin ar mhol an manach Gottschalk (Gotteschalchus). Chuaigh slua mór de lucht na hEaglaise in aghaidh tráchtas Gottschalk toisc gur dhiúltaigh sé an luach atá de dhlúth agus d'inneach in oibreacha maithe. Tá an tráchtas De divina praedestinatione, a cumadh chun an díospóireacht seo a chur i gcríoch, fós againn, agus is ceaptar gurb mar gheall ar inneachar an tráchtais sin gur cuireadh amhras ar ortadocsacht Ériugena.

Ba ar téarmaí spéacláireacha amháin a raibh argóint Eriugena maidir le ceist an réamhchinntiúcháin bunaithe agus tosaíonn sé leis an dearbhú dána gurb ionann an fealsamh agus an reiligiún go bunúsach. Bhí an tslí ina phléann sé ceist an údaráis agus ceist an loighic ní ba shuntasaí ná sin fós. Thairg Eriugena promhadh saoithiúil nach féidir réamhchinniúint a bheith ann ach amháin ar mhaithe leis an maith, toisc gur gairtear de gach duine a bheith ina naomh. Chuaigh Drepaius Florus, Canóin Lyons, agus Prudentius glan i gcoinne an tráchtas, agus daoradh faoi dhó é i gcomhairlí na hEaglaise: in Valence in 855; agus in Langres in 859. Tugadh tuairisc ar a gcuid argóintí mar pulpes Scotorum (“leite Éireannach”) agus commentum diaboli (“fionnachtain an diabhail”) sa chéad chomhairle luaite.

Chreid Eriugena go bhfrithchaitheann gach aon duine agus gach aon neach gnéithe Dé, go bhfuil gach aon neach ag teannadh ar na gnéithe sin a bhaint amach, agus go bhfuil sé i ndán dóibh go mbainfidís amach iad i ndeireadh na dála. Chreid Eriugena in apocatastasis (nó an athmhuintearas uilíoch), teoiric a deir go dtaga an cruinne faoi thiarnas Dé den athuair, i bhfad na haimsire.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Teimpléad:Cite SEP
  • Teimpléad:OL author
  • Eriugena: Dialectic and Ontology in the Periphyseon, Ontology.
  • Complete List of the Editions and Translations of the Works of Eriugena, Ontology.
  • "A–J", Bibliography on Eriugena's Philosophical Work, Ontology.
  • "K–Z", Bibliography on Eriugena's Philosophical Work, Ontology.
  • Opera Omnia by Migne Patrologia Latina with analytical indexes, EU: Documenta Catholica omnia.
  • Teimpléad:PASE
  • John Scotus and "John the Sophist", Elfinspell.