Summorum Pontificum

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadSummorum Pontificum
Cineálmotu proprio (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsitheIúil 2007 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarPápa Beinidict XVI Cuir in eagar ar Wikidata

Le foilsiú an motu proprio Summorum Pontificum a scríobh an Pápa Beinidict XVI, cuireadh síos ar na rialacha canónta a bhaineann le húsáid an Leabhair Aifrinn a d'fhógair an Pápa Eoin XXIII sa bhliain 1962 san Eaglais Chaitliceach.

Foilsíodh an cháipéis an 7 Iúil 2007, chomh maith le litir ón bPápa inar cuireadh síos ar na fáthanna ar foilsíodh í. Tháinig sí i bhfeidhm an 14 Meán Fómhair 2007.

Leis an gcáipéis sin, tugtar níos mó saoirse le haghaidh cheiliúradh an Aifrinn de réir Chomhairle Trento. De réir na cáipéise sin, is féidir le sagart paróiste, in ionad an Easpaig (mar a bhí de réir rialacha Quattuor abhinc annos Curtha i gcartlann 2004-08-25 ar an Wayback Machine ón mbliain 1984), cead a thabhairt chun an tAifrinn a cheiliúradh de réir Leabhar Aifrinn na bliana 1962 le haghaidh grúpaí.