Hector Ó hEochagáin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Lúnasa 1969 55 bliana d'aois An Uaimh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig |
Áit chónaithe | Gaillimh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | láithreoir teilifíse |
Fostóir | TG4 Raidió Teilifís Éireann |
Teangacha | An Ghaeilge |
Láithreoir teilifíse Éireannach as an Uaimh i gContae na Mí is ea Hector Ó hEochagáin nó Hector. Bíonn cláir á gcur i láthair aige ar TG4 agus ar RTÉ. D'admhaigh sé ar The Podge and Rodge Show go bhfuil 'Shane' mar chéadainm bunaidh aige. Tá éirithe leis suim nua a spreagadh i measc an phobail i leith na Gaeilge, leis an stíl láithreoireachta chraiceáilte bhríomhar réchúiseach atá aige i leith chúrsaí an tsaoil. Bíonn cláir á gcur i láthair aige anois as Gaeilge agus as Béarla.
Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh é san Uaimh, i gContae na Mí agus d'fhreastail sé ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig sa bhaile sin. Bhí sé ar scoil ann ag an am céanna leis na fuirseoirí clúiteacha ón Uaimh, Dylan Moran agus Tommy Tiernan. D'fhoghlaim sé an chuid is mó dá chuid Gaeilge i nGaeltacht Ráth Cairn le Coláiste na bhFiann sa chontae céanna agus in Inis Meáin. D'fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide ar feadh tamaill, ach níor thaitin saol na hollscoile leis agus d'éirigh sé as gan céim a fháil. Chuaigh sé go dtí an Spáinn lena chailín agus chaith sé trí bliana ansin, áit ar éirigh sé líofa sa Spáinnis.[1]
Gairm Bheatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sular bhain sé cáil amach mar láithreoir ar TG4, d'oibrigh an tEochagánach mar chúntóir éifeachtaí teicniúla ar an gclár 'The Haunting of Hell House' agus ar an gclár 'Knocking on Death's Door'.
Seo a leanas a chuid oibre mar láithreoir teilifíse ó shin:
- TG4 : Ba é Amú le Hector an chéad chlár aige ar TG4 sa bhliain 2000-2005. Bhí sraith ar leith den chlár seo suite i ngach ceann de na hilchríocha; An Eoraip, Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas, An Áise, An Afraic agus an Astráil.
- RTÉ : Bhí na cláir Only Fools Buy Horses (2003) agus Hanging with Hector (2004) á gcur i láthair ag Hector ar RTÉ. Buaileann Hector le daoine cáiliúla sa chlár 'Hanging with Hector' agus leanann sé sa saol laethúil iad agus é ag labhairt leo as Béarla agus as Gaeilge. Bhuail sé le Bertie Ahern in eagrán amháin agus le fear eile na hUaimhe, Tommy Tiernan in eagrán eile. Ba léir gur chuir pearsantacht Uí Eochagáin as do Tiernan cuid áirithe ag an am agus é ag rá "Shut up" agus "Stop invading my aura" leis de shíor, le linn an agallaimh.
- TV3 : Ghlac Hector páirt sa chlár faisnéise Chasing the Lions le Risteárd Cooper i 2005. Lean an bheirt acu camchuairt 'The British and Irish Lions' sa Nua-Shéalainn.
- Fógraíocht: Glacann sé páirt i bhfógraíocht do rásaíocht na gcapall agus d'uisce beatha agus i bhfógraíocht a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge.[2]
An fhuirseoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Hector in a fhear an tí ag an oíche ghrinn Gáire As Gaeilge mar chuid d'Fhéile Ghrinn na Gaillimhe 2023.[3] I mbliana beidh trí ghig dá leithéid á gcur i láthair aige i mí Dheireadh Fómhair 2024, ceann acu sa tigh ósta Cois Cuain ar an Spidéal féin i nGaeltacht Chois Fharraige. Beidh beirt fhuirseoir aitheanta eile ar an stáitse gach oíche, as Aideen McQueen, Eddie Mullarkey, Al Porter, agus Bernard Casey.[4]
Mar chuid eile den fhéile beidh sé ag cur seó i láthair in éineacht le Dylan Moran, a bheas dírithe ar Bhéarlóirí agus daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim faoin teideal 'The Irish Words You Should Know'.[4]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Spreag Ó hEochagáin conspóid nuair a chuir sé as do dhaoine atá i gcoinne spórt fola, nuair a léirigh sé a mheas agus a shuim i dtarbhchomhrac ar an gclár Amú, agus é i Meicsiceo.[5]
Saol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cónaí air i gcathair na Gaillimhe faoi láthair lena bhean chéile agus a bheirt mhac.
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Hector's World: on the Road with Ireland's Favourite Redhead, (Baile Átha Cliath 2006) ISBN 1-84488-110-5
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=767[nasc briste go buan]
- ↑ "Seachtain na Gaeilge begions tomorrow" (as en) (2003-03-09).
- ↑ "Féile na gáirí". Galway Advertiser (19 Deireadh Fómhair 2023). Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ 4.0 4.1 "#GCF24 Full Programme On Sale Now" (en). www.galwaycomedyfestival.ie. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ ""I love bullfighting": TV's Hector". www.banbloodsports.com. Dáta rochtana: 2020-11-02.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Hector Ó hEochagáin ag an IMDB
- Gníomhaire Hector Curtha i gcartlann 2007-11-21 ar an Wayback Machine
- Físeán de Hector ag caint agus é ag oscailt Óstán Ramada i Leitir Ceanainn
- Scigmhagadh faoi Hector agus an t-aisteoir Tom Cruise ón gclár raidió grinn, Gift Grub
- Hector á luadh in alt idirlín mar dhuine cáiliúil de mhuintir na Mí Curtha i gcartlann 2007-11-20 ar an Wayback Machine
- Lá Nua: 'Suíomh nua idirlín Seolta ag Coláiste na bhFiann'[nasc briste go buan]
- Hector nuair a bhí sé i gColáiste na bhFiann Curtha i gcartlann 2008-05-18 ar an Wayback Machine