Flaithbheartach Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Flaithbheartach Ó Néill
Rí Ailigh

Saol
Eolas breithe 978 (Gregorian)
Bás 1036 (Gregorian)
Muintir
Athair Muircheartach 'Midheach'
Páistí
Gairm
Gairm monarc

Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Flaithbheartach Ó Néill (Sean-Ghaeilge Flaithbertach Ua Néill) (roimh 978 – 1036). D'éirigh sé as a choróin sa bhliain 1030 agus chuaigh sé ar oilithreacht go dtí an Róimh, agus dá bharr glaodh Flaithbheartach an Trostáin air. I ndiaidh bhás a mhic, Aodh, sa bhliain 1033, tháinig Flaithbertach ar ais mar cheannaire Uí Néill an Tuaiscirt.

Tosca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Flaithbheartach ó Domhnall ó Néill Ghlúindubh a bhí ann. Bhí an chlann níos dearanaí, Ó Néill, ríthe agus Iarlaí Thír Eoghain, ainmnithe as a shin-sin-seanathair. Bhí an chlann iomaíochta Mhic Lochlainn síolraithe as deartháir Néill, Domnall mac Áeda.

Bhí an chuid is mó de lár chúige Uladh, ón mBanna san oirthear go dtí An Feabhal san iarthair, faoi cheannas Chineál Eoghain agus a mórán ríochtaí faoi ghéillsine, agus na hOirialla an ríocht úd tábhachtaí ina measc. Bhí a gcuid críocha féin suite i gcontaetha Contae Dhoire agus Tír Eoghain mar atá inniu ann, ag síneadh ó thuaidh go dtí Inis Eoghain. Ar a dtaobh thoir bhí ríocht na nUlad, laghdaithe go Contae an Dúin agus deisceart Chontae Aontroma a bheag nó a mhór; ar a dtaobh thiar, bhí Tír Chonaill faoi cheannas a ngaoil, Cineál Chonaill; agus ar a dtaobh theas, bhí Bréifne agus ríocht na Mí.[1]

Bhí ríthe Ailigh de Chineál Eoghain lonnaithe ó dhúchas ar Inis Eoghain. Faoin 9ú haois, ámh, bhí a gcuid cumhachta sínithe soir, agus bhíodh insealbhaithe ag Tulach Óg agus adhlactha ag Ard Mhacha.[2] Cé nach raibh Ard Mhacha go díreach faoina smacht, bhí tionchar acu ann agus the kings kept a house there.

Roimh Chluain Tarbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios go cruinn cathain a rugadh Flaithbheartach, ach maraíodh a athair Muircheartach bliain 977 ag Amlaíb Cuarán.[3] Maítear i sliocht curtha isteach níos dearanaí i nAnnála Uladh gur rugadh Flaithbheartach an bhliain chéanna.[4] Cres Cumal Uí Mhaine ba ea a mháthair.[5] Furasta a sheanathair Domnall ua Néill, Ardrí Éireann, bás sa bhliain 980, agus tháinig Fergal mac Domnaill meic Conaing i gcomharbacht air mar rí Ailigh, a d'éirigh as b'fhéidir sa bhliain 989 agus a fuair bás sa bhliain 1001. Tar éis tréimhse roinnt blianta, tháinig uncail Fhlaithbheartaigh, Áed mac Domnaill, i gcomharbacht Fhearghail. Deirtear go raibh sé naoi mbliana is fiche d'aois agus deich mbliana i réim ag úsáid a bháis sa bhliain 1004.[6][7]

Feictear Flaithbheartach ar dtús sa bhliain 1005 agus ruathar á dhéanamh aige ar Leath Chathail, inár maraíodh rí na tuaithe, Aodh mac Tomaltaigh (Áed mac Tommaltaig). Rinne Flaithbheartach ruathar arís ar Leath Chathail sa bhliain 1007, agus maraíodh chomharba Aodha, Cú Uladh, an uair sin. Mar thoradh eile, rud a bhain ón socrú a chur Brian Bóramha i réim sa bhliain 1005, tar éis dó teacht le slua mór chuig Ard Mhacha agus ghéill Flaithbheartach do. Tháinig Brian arís sa bhliain 1006 agus arís eile in 1007, nuair a thóg sé mar ghialla, gialla Fhlaithbheartaigh féin a ghabh seisean ina hUlaid.[8][9][10] B'fhéidir é gur phós Flaithbheartach Bé Binn ní Bhriain. I measc a gclann bhí Aodh agus Domhnall.[5]

Lean Flaithbheartach leis ag cóiriú achrainn lena chomharsana. Rinne sé rí Chineál Chonaill a dhalladh agus a mharú sa bhliain 1009, agus rinne sé ruathar i lár na tíre chomh fada ó dheas is bun na Bóinne. Tháinig Brian mar thoradh ar ais ó thuaidh sa bhliain 1010, ghéill Flaithbheartaigh arís agus ghabh Brian gialla ó Thír Eoghain ar ais go Cill Dalua. Rinne sé ionradh ar Thír Chonaill sa bhliain 1011, agus Flaithbheartach an uair seo ina chomhghuaillí Bhriain agus a mha, Domhnall agus Murchadh. Ghéill Cineál Chonaill do Bhrian féin níos dearanaí sa bhliain.

Chuaigh Flaithbheartach ar ais ar a sheandóigheanna, agus rinne ruathar eile ar na hUlaid, ag gabháil Dún Eachdach (taobh ó dheas de Lios na gCearrbhach) agus ghéill rí na nUlad, Niall mac Duib Tuinne, dó. Arís eile rinne sé ruathar ar na hUlaid agus ar Thír Chonaill sa bhliain 1012.[11][12][13]

Sa bhliain 1013, rinne Flaithbertach creach ar ríocht na Mí, faoi cheannas an iar-ardrí, Maol Seachnaill mac Domhnaill. Bhuail an dá arm le chéile gar de Cheanannas, ach chúlaigh Maol Seachnaill gan troid. Mar thoradh an mhioneachtra seo, is amhlaidh gur chreid a chomharsana gur leag agus leochaileach é Maoil Seachnaill, agus tharla cogadh leis na Laigin Áth Cliath. Tháinig an chiall chun críche ag Cath Chluain Tarbh ar an 23ú Aibreán 1014, inár maraíodh Brian Bóramha, cé gur bhuaigh a airm agus chloígh Maoil Seachnaill fir na Laigean agus Átha Cliath.[14][15][16]

Tar éis Chluain Tarbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus Brian marbh, chuaigh Maol Seachnaill agus Flaithbheartach ar sraith feachtas a chur Maol Seachnaill ar ais i gcoróin mar ardrí. De réir Cogadh Gael le Gaill (saothar bolscaireachta cumtha le linn ré fionnó Bhriain, Muircheartach), sa bhliain 1002, go gairid roimh teacht chun cinn Bhriain in ionad Mhaoil Seachnaill, bhí sé tairgthe ag Maol Seachnaill go n-éireodh sé as an Ard-ríogacht in áit Aodha mhic Dhomhnaill, uncail Flaithbheartaigh agus a réamhtheachtaí mar rí Ailigh, ar son tacaíochta in aghaidh Bhriain. Deir an Cogadh gur dhiúltaigh Aodh, agus go bhfuair Maol Seachnaill cabhair ach óna Connachta. Ní fios an chúis ar thacaigh Flaithbheartach le Maol Seachnaill cé nach ndearna a uncail amhlaidh.[17][18]

Fuair Maol Seachnaill bás sa bhliain in 1022. Rinne Flaithbheartach feachtais i lár na tíre sa bhliain 1025 agus ghéill Átha Cliath dó, ach rinne Donnchadha mac Briain mar an gcéanna sa bhliain 1026, agus Flaithbheartach arís an bhliain chéanna. Is dóigh ámh go raibh Áth Cliath éasca a chreachadh, óir go ndearna Niall mac Eochada, rí Ulad, amhlaidh freisin. An bhliain úd, rinneadh creach ar na hUlaid féin, agus Tír Conaill an bhliain dár gcionn.[19][20]

Faoin am seo, bhí Flaithbheartach níos mó 50 bliain d'aois. Fuair a mhac Domhnall bás sa bhliain 1027. Chuaigh sé ar oilithreach chuig an Róimh sa bhliain 1030, ag filleadh abhaile an bhliain dár gcionn, agus dá bharr a leasainm, an Trostán.[21][22][23] An bhliain chéanna, rinne Niall mac Eochadha creag ar Thulach Óg, agus rinne Aodh mac Flaithbertaigh ruathar mar dhíoltas. Sa bhliain úd freisin, rinne Flaithbheartach agus Aodh ruathar ar dheisceart Thír Chonaill.[24]

Timpeall an ama seo, d'éirigh Flaithbheartach as a choróin, agus tháinig i gcomharbacht ar mar rí Ailigh. Fuair Aodh bás ar an 30ú Samhain 1033, ámh, agus d'éirigh Flaithbheartach arís ina rí. Deirtear i nAnnála Inis Faithlinn:[25]

Flaithbertach h-Ua Neill do gabail Ailich dorithise[26] & a riarugud[27] do thuasciurt h-Erend ar sinserecht.
Flaithbheartach Ó Néill do ghabháil Aileach arís, agus riar tuaisceart Éireann dó as a shinsearacht

B'fhéidir é áfach nárbh é bás Aodha ba chúis a theachta ar ais, óir ní fheictear an eachtra seo ach go dtí an bhliain 1034 sna hannála.[28][29][30][31] More tharla morán i ndara réimeas Fhlaithbertaigh, agus fuair sé bás sa bhliain 1036 mar rí Ailigh.[32][33][34][35][36]

Níl Flaithbheartach san áireamh in ardríliostaí an lae inniu.[37][38] Rinne roinnt scríbhneoirí meánaoiseacha iarrachtaí é a aithint le rí in Buile an Scáil, agus b'fhéidir é go bhfuil sé le feiceál in Fáistine Bhearcháin. Is neamhiontaofa iad an dá fhoinse seo, ámh, murab ionann is Buile Choinn i bhfad níos luaite, ar a bhfuil siad bunaithe.[39] Léiríonn gan amhras nárbh Ardrí é na dánta stairiúla le Flann Mainistreach agus na hannála ar son Uí Néill tiomsaithe ag Ard Mhacha.[40]

I ndiaidh bhás Fhlaithbheartaigh, tháinig a ghaol Mhic Lochlainn chun cinn. Feictear an duine deireanach dá mhuintir sna hannála sna 1080í, agus imíonn siad as radharc as sin amach. De bharr seo, molann scoláirí amhail Francis John Byrne nach raibh tionchar ar bith ag sliochtaigh Néill Ghlúindhuibh, agus gur ghlac Aodh an Macaomh Tóinleasc, é féin de shinsearacht anaithnid, an sloinne Uí Néill sa 12ú haois. Le fírinne, rí ba é Aodh ar teaghrán ag Ruairí Ó Conchúir, a dheighil Tír Eoghain idir Mhic Lochlainn agus Aodh sa bhliain 1167.[41] Maíonn daoine an lae inniu leis an sloinne Ó Néill gurb é Aodh a sinsear, mar shampla Clan MacNeill as an Albain.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, Londain: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
  • Byrne, Francis John (2005), "Ireland and her neighbours, c.1014–1072", in Ó Cróinín, Dáibhí (ed.), Prehistoric and Ireland Ireland, A New History of Ireland, I, Oxford: Oxford University Press, pp. 862–898, ISBN 978-0-19-922665-8
  • Duffy, Seán (2004), "Brian Bóruma (Brian Boru) (c.941–1014)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, retrieved 22a Deireadh Fómhair 2007 Check date values in: |access-date= (help)
  • Duffy, Seán (2004), "Ua Néill, Flaithbertach (d. 1036)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, retrieved 6ú Márta 2008 Check date values in: |access-date= (help)
  • Flannagan, M. T. (2004), "Ua Conchobair, Ruaidrí (Rory O'Connor) (c. 1116–1198)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, retrieved 6ú Márta 2008 Check date values in: |access-date= (help)
  • Hudson, Benjamin (2004), "'Máel Sechnaill mac Domnaill (948–1022)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, retrieved 6ú Márta 2008 Check date values in: |access-date= (help)
  • Hudson, Benjamin (2005), Viking Pirates and Christian Princes: Dynasty, Religion and Empire in the North Atlantic, Oxford: Oxford University Press, ISBN 0-19-516237-4
  • Ó Cróinín, Dáibhí (1995), Early Medieval Ireland: 400–1200, The Longman History of Ireland, Londain: Longman, ISBN 0-582-01565-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Duffy, Atlas of Irish History, ll. 26–31.
  2. Byrne, Irish Kings, lch. 125.
  3. Annála Uladh, AU 977.1.
  4. AU 977.2.
  5. 5.0 5.1 Duffy, "Flaithbertach".
  6. Duffy, "Flaithbertach"
  7. AU 1001.2, 1004.5.
  8. Duffy, "Brian"; Duffy, "Flaithbertach"
  9. AU 1005.3, 1005.7, 1007.6 & 1007.7
  10. Annála Inis Faithlinn, AI 1007.3.
  11. Duffy, "Flaithbertach"
  12. AU 1009.4, 1009.6, 1010.4, 1011.2, 1011.6, 1011.7 & 1012.2
  13. AI 1010.4, 1011.2 & 1011.5.
  14. Duffy, "Brian"; Duffy, "Flaithbertach"
  15. Hudson, "Máel Sechnaill"
  16. AU 1013.3.
  17. Duffy, "Flaithbertach"
  18. Hudson, "Máel Sechnaill".
  19. Duffy, "Flaithbertach"
  20. AU 1025.4, 1026.1, 1026.2, 1026.3, 1027.6 & 1028.8.
  21. Duffy, "Flaithbertach"
  22. AU 1027.3, 1030.4 & 1031.1.
  23. Edel Bhreathnach, "Abbesses, Minor Dynasties and Kings in clericatu: Perspectives of Ireland, 700–850" in Michelle Brown & Carol A. Farr (eag), Mercia: An Anglo-Saxon Kingdom in Europe, ll. 113–125
  24. AU 1031.4 & 1031.8.
  25. AI 1034.8
  26. e.g., frithissi, frith-éis, ar eDIL
  27. ríarad, riar, ar wDIL
  28. Duffy, "Flaithbertach"
  29. AU 1033.10
  30. AI 1034.8.
  31. Byrne, "Ireland and her neighbours", lch. 881.
  32. AU 1036.4; Annála Loch Cé, ALC 1036.7
  33. Chronicon Scotorum, CS 1036
  34. Annála na gCeithre Máistrí, AFM 1036.4
  35. Annála Tiarnaigh, AT 1036.4
  36. Gan teideal, AI 1036.2
  37. Byrne, Irish Kings, aguisín 1
  38. Acadamh Ríoga na hÉireann, New History of Ireland.
  39. Hudson, Prophecy of Berchán.
  40. Byrne, "Ireland and her neighbours", lch. 868.
  41. Flanagan, "Ua Conchobair, Ruaidrí".