Aodh an Macaomh Tóinleasc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAodh an Macaomh Tóinleasc
Beathaisnéis
Breith12 haois
Bás1177
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAodh Méith Ó Néill, Niall Ruadh Ó Néill, Muircheartach Ó Néill, Domnall Ó Néill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuircheartach 'Muighe Line', King of Ulster (en) Aistrigh

Rí Thír Eoghain ag Tulach Óg den 12ú haois ba ea Aodh an Macaomh Tóinleasc (Sean-Ghaeilge Áed in Macáem Tóinlesc[1]) mac Muircheartaigh Ó Néill (bás 1177). Ba eisean an chéad dá chlann a raibh ról suntasach aige i saol polaitíochta thuaisceart na tíre, tar éis bhás rí Thír Eoghain agus Ardrí Éireann, Muirchertach Mac Lochlainn.

Le tacú Dhonnchadha Uí Chearbhaill, rí na Oiriall, d'éirigh Aodh ina rí Thír Eoghain, cé go freasúra Mhic Lochlainn. Coinnigh sé greim ar a ríogacht go pointe éigin óir gur ghéill sé do Ruairí Ó Conchúir, rí cumhachtach na gConnacht. I dteannta leis siúd, bhí Aodh ar an bhfód in aghaidh ionradh na Normannach.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur mhac é Aodh le huasal darbh ainm Muircheartach a maíodh sa 13ú haois gur de shliocht Uí Néill é.[2] Deirtear go ndeachaigh Aodh ar altramas i measc chlann Uí Thoirtre na nOiriall, raibh ó thuaidh de Loch nEathach.[3][4] Insítear sa Leabhar Eoghanach den 16ú haois go raibh cónaí aige le clann Uí Flainn, taoiseach Uí Thoirtre, ach tá fianaise ann go raibh sé le clann níos ísle Uí hUrthuile.[5]

Sa bhliain 1160, maraíodh Muircheartach i gCath Magh Lughad, dá mb'fhíor buailte go soineanta ag Lochlann Mac Lochlainn, gaol rí Thír Eoghain Ardrí Éireann, Muircheartach Mac Lochlainn.[6] Bhí Lochlann Mac Lochlainn i mbun éirí amach ag Domhnall Ó Gairmleadhaigh agus Cineál Mhaoin (dream lonnaithe gar de Srath Bán) a chur faoi chois.[7] Maraíodh Lochlann Mac Lochlainn in éiric an ghnímh seo ag mac Mhuircheartaigh — nó Aodh féin nó deartháir leis.[8][9]

Is doiléir é toradh an dúnmharaithe seo, ach sa bhliain 1166, i ndiaidh dalladh rí Ulad, Eochaidh mac Duinn Sléibhe, b'éigean do Mhic Lochlainn dul i ngleic le héirí amach na nOiriall, Bréifne agus deisceart Thír Eoghain fiú.[10][11] Tréigeadh Muircheartach Mac Lochlainn ag an gcuid is mó dá ghaiscígh, agus maraíodh é.[12][13][14] De réir Leabhar Mhic Cárthaigh, chuaigh ansin Donnchadh Ó Cearbhaill na nOiriall, athair altrama Eochadha dallta agus údar bhás Mhuircheartaigh, chuig Magh Iomchláir (gar de Dhún Geanainn agus rinneadh rí Thír Eoghain d'Aodh.[2]

Ríogacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhaígh Aodh, nó a sliochtaigh, gurbh é príomhionadaí Uí Néill Thír Eoghain, a mhaígh gurbh é Ardrí Éireann den 10ú haois, Niall Glúndubh, é a sinsear.[15] Le breis is céad bliain, idir 1053 agus 1166, bhí siad sáraithe ag muintir Mhic Lochlainn, lonnaithe ar Inis Eoghain, a rianaigh a nginealach ó deartháir Néill, Domnall Dabaill.[16][17]

Mar thoradh cheannas Mhic Lochlainn, d'imigh Uí Néill agus a lárionad Tulach Óg as radharc óna foinsí.[5] Go deimhin, tá ceannairí Uí Bhriain taifeadta sa ríogacht Tulaigh Óig ag deireadh na 1070í, b'fhéidir agus Mhic Lochlainn ag iarraidh tionchar Uí Néill ann a bhriseadh.[5] Mar thoradh, ní fios go cruinn bhunúis Aodha, ní cathain a ghlac seisean nwí a sliochtaigh an sloinne Ó Néill, nó an raibh sé de ceart acu.

Rinne Aodh tús le ceannas Mhic Lochlainn i dTír Eoghain a bhriseadh. Deirtear gur tugadh a leasainm in Macáem Tóinlesc dó óir gur dhiúltaigh sé seasamh i láthair Mhuircheartaigh, ardrí Mhic Lochlainn, agus é siúd ar chuairt ar athair altrama Aodha.[5]

Tar éis dó féin a fhógairt mar rí, bhí ar Aodh fós mic Mhuirchertaigh a chloí, ina measc an damhna, Niall Mac Lochlainn.[2] Sa bhliain 1167, tháinig an tArdrí nua, Ruairí Ó Conchúir, i gceannas slua i dTír Eoghain isteach, agus roinn sé an ríocht ina dá leath, Niall taobh ó thuaidh de Shliabh gCallann agus Aodh raibh ó dheas de.[18][19] Thug an bheirt leath-ríthe gialla do Ruairí ansin. An bhliain dár gcionn, i dteannta le habb Dhoire, thug an bheirt fhear cuairt ar Ruairí ag Áth Luain agus glacadhar bronntanais.[20][21] As 1169 ar aghaidh, tháinig na hAngla-Normannaigh go hÉirinn, ag baint de smacht Ruairí ar a chuid críoch.[22] De réir Chanson de Dermot et du Comte, tháinig Aodh sa bhliain 1174 le slua 3000 fearr ag tacú le Ruairí ag a léigear Átha Troim, ag an am i gceannas Hugh de Lacy.[23]

Is dócha go raibh Aodh i réim i dTír Eoghain ón mbliain 1170 go dtí 1174 ar a laghad, ach bhí sé curtha as ag am a bháis.[24] Insítear i Leabhar Mhic Carthaigh go deimhin go raibh Aidhm ina rí Thír Eoghain agus na nUladh uile sa bhliain 1171.[23] Más fíor áfach, tá sé taifeadta go raibh idir Niall (bás 1176) agus a dheartháireacha Conchúr (bás 1170) agus Maol Seachlainn (bás 1185) ina éilitheoirí ar an ríoghacht sna 1170í.[25][26]

Maraíodh Aodh sa bhliain 1177 ag Maol Seachlainn Mac Lochlainn.[23] Insítear i nAnnála Uladh gurbh rí Chineál Eoghain agus rídhamhna Éireann uile é Aodh.[27][28] I reith bhliain a bháis, bhí an Angla-Normannach John de Courcy ag cloí na tíre taobh thoir den Bhanna.[29] I ndiaidh scór bliain coimhlinte, bhí Aodh Méith mac Aodha in ann ríogacht Tír Eoghain a glacadh agus le tríocha bliain a bheith i réim.[30][31]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Annals of Ulster, AD 431–1201, CELT: Corpus of Electronic Texts, 2003, aisghafa 24 May 2011
  • Mac Carthaigh's Book, AD 1114–1437, CELT: Corpus of Electronic Texts, 2003, aisghafa 24 May 2011
  • Teimpléad:ODNBweb
  • Teimpléad:ODNBweb
  • MacCotter, Paul (2008), Medieval Ireland : Territorial, Political and Economic Divisions, Dublin: Four Courts Press, ISBN 978-1-84682-098-4
  • Moody, T. W.; Martin, F. X.; Byrne, F. J., eds. (1984), Maps, Genealogies, Lists: A Companion to Irish History, Part II, New History of Ireland: Volume XI, Oxford: Oxford University Press, ISBN 0-19-821745-5
  • Ó Doibhlin, Éamon (1970), "Ceart Uí Néill: A Discussion and Translation of the Document", Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society, Cumann Seanchais Ard Mhacha/ Armagh Diocesan Historical Society, 5 (2): 324–58, doi:10.2307/29740775, ISSN 0488-0196, JSTOR 29740775
  • Simms, Katherine (2000), "Late Medieval Tír Eoghain: The Kingdom of 'the Great Ó Néill'", in Dillon, Charles; Jeffries, Henry A. (eds.), Tyrone: History & Society, Interdisciplinary Essays on the History of an Irish county (William Nolan, series editor), Dublin: Geography Publications, pp. 55–84, ISBN 0-906602-71-8
  • Teimpléad:ODNBweb

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. tón Compds, buachaill leisciúil, ar eDIL
  2. 2.0 2.1 2.2 Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 130
  3. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 129
  4. MacCotter, Medieval Ireland, lch. 232
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 129
  6. Ó Doibhlin, "Ceart Uí Néill", lch. 331
  7. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 129, Cenél Maín idir suite idir Caisleán na Finne agus An Baile Nua"
  8. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 129
  9. AU 1160.6
  10. Duffy, "Mac Lochlainn [Ua Lochlainn], Muirchertach"
  11. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 130
  12. Duffy, "Mac Lochlainn [Ua Lochlainn], Muirchertach"
  13. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 130
  14. AU 1166.10
  15. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", ll. 127–28
  16. Duffy, "Mac Lochlainn [Ua Lochlainn], Muirchertach"
  17. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", ll. 127–28
  18. Flanagan, "Ua Conchobair, Ruaidrí"
  19. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 130
  20. Flanagan, "Ua Conchobair, Ruaidrí"
  21. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", ll. 130–31
  22. Flanagan, "Ua Conchobair, Ruaidrí"
  23. 23.0 23.1 23.2 Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 131
  24. Simms, "Ó Néill, Aodh".
  25. Moody, Martin and Byrne, Map, Genealogies and Lists, lch. 195
  26. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 131
  27. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", lch. 131
  28. AU 1177.3
  29. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", ll. 131–32
  30. Moody, Martin, Byrne, Map, Genealogies and Lists, ll. 140, 211–13
  31. Simms, "Late Medieval Tír Eoghain", ll. 132–35; Simms, "Ó Néill, Aodh"