CLG Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean
Béarla: Castletown/Ballyagran
Bunaithe: 1963
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear A
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Dubh is buí
Páirc: Béal Átha Grean, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Béal Átha Grean/Cluain Comhartha idir Baile an Gharraí agus Ráth Luirc i nDeisceart Chontae Luimnigh, 40km ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as sráidbhailte Béal Átha Grean agus Baile an Chaisleán agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Muileann Driú, Cluain Comhartha, Cúil an Ghabhann agus Draighneán. Is féidir le peileadóirí as paróiste Eithbhinn imirt le Baile an Chaisleán/Béal Átha Grean.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint sa cheantar, imrítear an pheil agus an iomáint i mBaile an Chaisleáin/Béal Átha Grean. Tá béim an chlub dírithe i dtreo na hiomána.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an iomáint á imirt i bparóiste Béal Átha Grean/Cluain Comhartha faoin am a bhunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus tá cuntas ann faoi chluiche i gcomórtas iomána Chill Mocheallóg i Mí Bealtaine na bliana 1895 inar bhuaigh Ard Phádraig ar fhoireann a bhí ag imirt faoin ainm Béal Átha Grean.

Níor bhunaíodh an club go hoifigiúil go dtí an bhliain 1900 agus d’imríodar ar dtús faoin ainm Béal Átha Grean. Bhí an iomáint ag fás go tapaidh ag an am sin sa chontae agus shroich an club nua cluiche ceannais Craobh Sinsear an Chontae na bliana 1906 ach chailleadar I gcoinne Cathair Laighin. Cuireadh stad leis an imirt le linn na dTrioblóidí agus ba chlub iomána sóisear é Béal Átha Grean nuair a ath-thosnaíodar le linn blianta na 1920í.

Bhí foireann peile a d'imir faoin ainm Cluain Comhartha gníomhach sa pharóiste sna blianta roimh an gCéad Chogadh Domhanda agus tá tuairisc ann faoi chluiche a bhuadar ar Dhrom Chollachair i mBéal Átha Grean i Mí Mhárta na bliana 1905. Is dócha gurbh an club céanna a bhí ann ach gur bhaineadh úsáid as ainmneacha ar leith i gcomhair na peile agus na hiomána.

Athraíodh ainm an chlub ó Bhéal Átha Grean go dtí Baile an Chaisleáin sa bhliain 1930 ach níor tháinig aon toradh as sin go dtí an bhliain 1946 nuair a bhuadar ar Chill Díoma chun Craobh Iomána Sóisear an Iarthair a ghabháil. Bhuadar an chorn arís trí uair as a chéile sna blianta 1952, 1953 agus 1954 ach níor éirigh leo craobh an chontae a thabhairt ar ais leo sa thréimhse sin. Shroicheadar cluiche ceannais na bliana 1952 ach chailleadar i gcoinne An Cheapach Mhór.

D’aistrigh an club ón Roinn Thiar go dtí An Roinn Theas sa bhliain 1957 agus sháraíodar ar An mBánóg chun Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt a bhuachaint sa bhliain dár gcionn. Athraíodh ainm an chlub don dara huair go dtí Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean sa bhliain 1960 ach bhíodar an-chiúin ar pháirc an imeartha suas go dtí blianta na 1970í. Shroicheadar agus chailleadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear na Roinne sna blianta 1973, 1974, 1976 agus 1978 agus chailleadar i gcoinne Garrdha Uí Spiolláin don dara huair sa bhliain 1978 i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Chontae.

D’éirigh le Baile an Chaisleán/Béal Átha Grean Craobh Iomána an Deiscirt a ghabháil faoi dheireadh sa bhliain 1985 agus bhuadar ar a gcomharsana Fíonach/Cill Mhíde roimh lucht féachana ollmhór i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear A Chontae Luimnigh na bliana 1986. Ba chlub sinsear iad an bhliain dár gcionn ach níor fhanadar ann ach bliain amháin mar, nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm i gcomhair na bliana 1988, cuireadh Baile an Chaisleán/Béal Átha Grean ag imirt na hiomána idirmheánaigh.

Thit na hiománaithe síos go dtí an grád sóisear A sa bhliain 2001 agus ba bheag nár thángadar ar an gcéad iarracht ach bhuaigh Cill Díoma orthu i gcluiche ceannais Craobh Sóisear A an Chontae na bliana dár gcionn. Ba é sin an ócáid ba ghaire dóibh filleadh ar an iomáint idirmheánach go dtí seo.

Ní raibh mórán le rá faoi pheileadóirí Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean suas go dtí an bhliain 1987 nuair a chailleadar cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Chontae i gcoinne Cill Íde. D’éirigh leo an teideal a bhuachaint sa bhliain 1994 nuair a bhuadar ar Chill Díoma.

Tá cáil ar leith bainte amach ag Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean sa chamógaíocht agus ba iad an club ba láidre sa chontae le linn blianta na 1970i. Bhuadar Craobh Camógaíochta Sinsear Club na hÉireann sa bhliain 1978.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha Bhaile an Chaisleáin/Béal Átha Grean suite 500km siar ó lár sráidbhaile Béal Átha Grean ar Bhóthar Fhíonaigh. Osclaíodh go hoifigiúil í sa bhliain 1990 agus tá clár mór forbartha i bhfeidhm ó shin i leith. Ós rud é go bhfuil ardán clúdaithe, ceithre seomra feistithe, páirc traenála agus lochtáin tógtha inti, tá an-éileamh ar an bpáirc i gcomhair cluichí craobh an chontae.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla Bhaile an Chaisleáin/Béal Átha Grean, tá Seán Ó Brosnacháin (John Bresnihan) a bhuaigh bonn Iomána Mionúir na hÉireann sa bhliain 1984 agus Gearóid Mac Conmara (Ger McNamara) a d’imir ar fhoireann peile Luimnigh le linn blianta na 1990í.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).