CLG Naomh Ciarán (Luimneach)
![]() | |||||||||||||||
Béarla: | Saint Kierans | ||||||||||||||
Bunaithe: | 1970 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Thiar | ||||||||||||||
Peil: | Sinsear | ||||||||||||||
Iomáint: | Idirmheánach | ||||||||||||||
Dathanna: | Glas is ór | ||||||||||||||
Páirc: | Cúil Cheapach, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Naomh Ciarán.
Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an club bunaithe i bparóiste Cúil Cheapach/Cill Cholmán in Iarthar Chontae Luimnigh idir Ráth Caola agus Faing, 40km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as ceantracha tuaithe an pharóiste ar nós Cill Cholmáin, Cúil Cheapach, An Chraobh agus An Coinicéar agus as sráidbhailte Ardach agus Carraig Chiarraí agus na ceantracha tuaith máguaird i bparóiste Ardach/Carraig Chiarraí ar nós Dún gConmhaoile, Cnoc na Boithe agus Ráth Rónáin. Is féidir le iománaithe as na paróistí An Gleann, Faing/Seanghualainn, Leamhchoill/Baile Dhá Thuile agus Áth an tSléibhe imirt le Naomh Ciarán chomh maith.
Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá traidisiún láidir peile agus iomána sa dá pharóiste agus bhí an bhéim chéanna sa chlub ar an dá chód suas go dtí blianta na 1970í nuair a shroich Naomh Ciarán cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh don chéad uair. Cé gur imrítear an iomáint fós, tá an pheil níos láidre sa chlub ón am sin i leith.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá páirc imeartha Naomh Ciarán suite I gCúil Cheapach, lámh leis an séipéal agus an scoil náisiúnta. Baintear úsáid ar ócáid as seanpháirc Ardaigh atá suite i mbaile Ardach.
Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]
I measc peileadóirí cáiliúla an chlub ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh, tá Pádraig Ó Laochdha (Pa Leahy) as blianta na 1970í, Liam Baróid (Liam Barrett) as blianta na 1980í agus Seán Mac Cárthaigh (Johnny McCarthy) as blianta na 2000í.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Limerick GAA (Béarla) Curtha i gcartlann 2008-01-09 ar an Wayback Machine
- Coolcappa-Kilcolman Parish (Béarla)
- Ardagh-Carrickerry Parish (Béarla)
- Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).