CLG Na Piarsaigh (Luimneach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na Piarsaigh
Béarla: Na Piarsaigh
Bunaithe: 1968
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Idirmheánach
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Gorm is dubhghorm
Páirc: Páirc Uí Dhromghuaill, Céide na Leamhain, Faiche Cathair Daibhín, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Na Piarsaigh .

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Na Piarsaigh bunaithe i bparóistí Coróin Naofa Mhuire agus Críost Rí ar an dtaobh thuaidh de Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí as fo-bhailte Cathair Daibhín, Cuarbhóthar Thuaidh, Cloch an Mhéara agus Fearann Seoin timpeall Bóthar na hInse.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil béim an chlub dírithe i dtreo na hiomána, imrítear peil agus iomáint. Tá clú mór bainte amach ag Na Piarsaigh i gomórtaisí na n-óg.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an club sa bhliain 1968 chun freastal ar na bruachbhailte nua a bhí á thógáil sa cheantar ag an am agus b'iarbhaill CLG Sairséalaigh an Chonartha (a thit as a chéile sa bhliain 1998) iad roinnt dá bhunaitheoirí.

Cé gurb é Na Piarsaigh an t-aon chlub amháin anois sna gráid fásta ar thaobh thuaidh na cathrach, bhí roinnt clubanna ann i gceantar Sparr Thuamhan ó bhunú CLG. Ina measc, bhí Carraig an Chonartha a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1891, Na Sáirséalaigh agus An Conradh, a chaill cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1941. Tháinig Na Sáirséalaigh agus An Conradh le chéile sa bhliain 1942 mar Sáirséalaigh an Chonartha agus bhuaigh an club sin craobh sinsear an chontae trí bhliain as a chéile san iomáint idir na blianta 1951 agus 1953 agus dhá uair déag sa pheil idir na blianta 1946 agus 1975.

Bhí clubanna eile ann in Uí Chuanach, an chuid de pharóiste An Páirtín/Míleac/UíChuanach atá suite i gContae Luimnigh. D'imríodar faoin ainm Uí Chuanach le linn blianta na 1890í agus bhí club eile darbh ainm dó Fánaithe Lansdún a gníomhach le linn blianta na 1930í. Atheagraíodh Fánaithe Lansdún mar club peile arís sa bhliain 1979 ach thiteadar as a chéile sa bhliain 1996.

Nuair a bhunaíodh Na Piarsaigh, bhí an bhéim chéanna ar an dá sport ar dtús agus shroich an club cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1982. Ach ó lár blianta na 1980í, tá an bhéim dírithe ar an iomáint, go mór mór i ndiaidh dóibh an grád sinsear a bhaint amach sa bhliain 1992 nuair a bhuadar Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh. Cé nár éirigh leo fós i gCraobh Sinsear an Chontae, is club an-láidir é Na Piarsaigh i gcomórtaisí iomána na n-óg.

Níor imir Na Piarsaigh aon pheil in aon chor idir blianta deireadh na 1980í agus an bhliain 1995 nuair a bhí socrú acu le CLG Fánaithe Lansdún. Spreagadh suim nua sa spórt sa chlub le teacht na Mílaoise agus bhuaigh na peileadóirí Craobh Sóisear A an Chontae sa bhliain 2006.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmníodh páirc imeartha Na Piarsaigh i gCathair Daibhín i gcuimhne Nollaig Ó Dromghuaill, ar dhuine de bhunaitheoirí an chlub, a d'imir ar fhoireann Átha Cliath i gcluiche ceannais Craobh Iomána na hÉireann sa bhliain 1961. Ceannaíodh í go gairid i ndiaidh bhunú an chlub, agus ba ansin a osclaíodh an clubtheach nua-aimseartha i gContae Luimnigh.

Imreoiri Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá Damien Ó Coigligh (Damien Quigley ar a bhronnadh an gradam Sár-Imreoir na Bliana i ndiaidh á imirt i gcluiche ceannais Craobh Iomána na hÉireann sa bhliain 1994) agus iarpheileadóir Luimnigh le linn blianta na 1980í Tomás de Brún (Tom Browne).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).