CLG Máigh Rua/An Bóthar
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | club spóirt | ||||
Dáta a bunaíodh | 1887 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | iomáint | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Bunaithe: | 1993 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Thoir | ||||||||||||||
Peil: | Sóisear B | ||||||||||||||
Iomáint: | Sinsear | ||||||||||||||
Dathanna: | Gorm, glas is dearg | ||||||||||||||
Páirc: | Páirc Uí Artaigh, Máigh Rua, Contae Luimnigh agus Páirc CLG An Bhóthar | ||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Máigh Rua/An Bóthar.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an club bunaithe i bparóiste Máigh Rua/An Bóthar ar bhruach Abhann na Maoilchéirne in Oirthear Chontae Luimnigh, 13km soir ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as baile Máigh Rua agus na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Maide Buí agus Ceapach na hAithne ar thaobh thuaidh na habhann agus i sráidbhaile An Bóthar agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Lios Mothláin agus An Briotás ar an dtaobh theas.
Cluichí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go bhfuil traidisiún an iomána níos láidre sa cheantar, imrítear peil agus iomáint sa chlub ach tá an bhéim dírithe go láidir i dtreo na hiomána.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Páirc Imeartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Páirc Uí Artaigh, príom-pháirc imeartha Máigh Rua/An Bóthar, suite ar phríomhshráid baile Máigh Rua. Baintear úsáid chomh maith as sean-pháir imeartha An Bóthar i mBóthar Sceiche Gainimh lámh le Crosbhóthar Uí Bhéara ar an N24.
Imreoirí Cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc iománaithe cáiliúla Máigh Rua/An Bóthar, tá Seosamh Mac Uaid (Joe Quiad) a bhí ar fhoirne Luimnigh a chaill cluichí ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na mblianta 1994 agus 1996 agus ar a bhronnadh an gradam Sárimreoir na Bliana na mblianta céanna, Eoin Ó Néill (Owen O’Neill), a bhí ar fhoireann na bliana 1996, agus Séamus Ó hIcí (Séamus Hickey) a bhí ar fhoireann na bliana 2007.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Limerick GAA (Béarla) Curtha i gcartlann 2008-01-09 ar an Wayback Machine
- Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).