CLG Cnoc Áine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cnoc Áine
Béarla: Knockainey
Bunaithe: 1936
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Dubh is bán
Páirc: Coill Bhaile Eoghain, Cnoc Áine, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cnoc Áine.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Cnoc Áine timpeall Loch Goir idir Brú na Déise agus An Ospidéal i nDeisceart Chontae Luimnigh, 28km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó na sráidbhailte Cnoc Áine agus Eiltiún ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Baile an Bhagóidigh, Coill Bhaile Eoghain, Tobar Phádraig agus Loch Gair.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil traidisiún an iomána níos láidre sa cheantar, imrítear an pheil agus an iomáint sa chlub ach tá an bhéim dírithe fós go láidir i dtreo na hiomána.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an iomáint beo fós i bparóiste Cnoc Áine nuair a bunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus tá tuairisc ann faoi chomórtas iomána sóisear a eagraíodh i mBrú na Déise i mí Mheán Fómhair na bliana 1887 inar bhuaigh foireann faoin ainm Cnoc Áine ar Fheadamar. Is cosúil é, áfach, gurbh é Loch Goir an chéad club a bhunaíodh go hoifigiúil sa cheantar. Shroicheadar siúd cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1899 ach níor aimsíodar scór ar bith nuair a bhuaigh Cill Fhionáin go trom orthu.

Tá cuntaisí ann faoi chomórtas iomána inar ghlac foireann faoin ainm Eiltiún páirt sa bhliain 1903 ach, lasmuigh de sin, níl mórán tagairt faoi chluichí Ghealacha i bparóiste Cnoc Áine le linn blianta tosaigh an 20ú haois agus ní raibh aon chlub gníomhach ann le linn An Chéad Chogadh Domhanda agus na dTrioblóidí. Tá tuairisc ann faoi chomórtas iomána in Eiltiún inar bhuaigh An tOspidéal ar fhoireann ag imirt faoin ainm Coill Bhaile Eoghain. Le linn blianta na 1930í, d’imir peileadóirí an pharóiste le Brú na Déise, An Ospidéal agus Cnoc Loinge sular atheagraíodh club Cnoc Áine sa bhliain 1936.

Thosnaíodar ag imirt i gcomórtais agus tá tuairisc ann faoi chluiche a bhuaigh an club nua i gcoinne Chill Mocheallóg i mBuilgidin i Mí Deireadh Fómhair na bliana 1937. Tháinig Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt chucu don chéad uair sa bhliain 1941 agus bhuadar Craobh an Chontae sa bhliain 1953 nuair a bhfuaradar an lámh uachtar ar rogha na coitianta Saor Theas sa chluiche ceannais. Níor éirigh leo sa ghrád sinsear agus d’fhilleadar ar an iomáint sóisear i ndiaidh roinnt beag bliana.

Bhí nasc i bhfeidhm sna blianta 1975 agus 1976 leis An Ospidéal/Cathair Fuinse, a bhí ag imirt faoin ainm Na Fianna ag an am, inar imir peileadóir an dá pharóiste le Na Fianna agus na hiománaithe le Cnoc Áine.

Tháinig feabhas arís ar an iomáint le linn blianta na 1990í. Ghabhadh Craobh Sóisear A an Chontae don dara huair sa bhliain 1991 tar éis athimirt a bhuachaint ar Bhaile Bricín agus tháinig Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae chucu nuair sháraíodar ar Mhungairit i gcluiche ceannais na bliana 2001.

Imríodh an pheil ar dtús faoin ainm Eiltiún ach, cé go raibh foireann láidir mionúr acu le linn blianta deiridh na 1930í, ní raibh aon ádh acu go dtí gur bhuadar Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh sa bhliain 1982. Sé bhliain ina dhiaidh sin nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm i gcraobhacha sinsear agus idirmheánach an chontae, bhí Cnoc Áine ag imirt peile sóisear arís. Le béim an chlub ag díriú arís i dtreo na hiomána, ba ghairid ina dhiaidh sin ná gur thiteadar síos go dtí an grád sóisear B ach tháinig feabhas ar stádas na peile sa chlub nuair a bhuadar ar Chnoc an Doire i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear B Chontae Luimnigh na bliana 2005.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha Cnoc Áine suite i lár an pharóiste i gCoill Bhaile Eoghain, leathbhealach ar an mbóthar idir Brú na Déise agus An Ospidéal.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá Tomás Ó Dabhóc (Tommy Cooke), ball foireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1940, an tiománaí Pádraig Ó Ciarba (Patrick Kirby) a d’imir ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 2000í agus Antóin Ó Ciarba (Anthony Kirby), a d'imir peil le foireann sinsear an chontae le linn blianta na 1980í.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
  • “Rambling Through Knockainey”, Greensmyth, Harry, 1999 (Béarla).