CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile Bricín/An Bóthar Mór
Béarla: Ballybricken-Bohermore
Bunaithe: 1885
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Sóisear A
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Corcra is buí
Páirc: Cathair Éile, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Baile Bricín/An Bóthar Mór in Oirthear Chontae Luimnigh, 15km soir ó dheas ó Cathair Luimnigh. Níl aon baile nó sráidbhaile sa pharóiste agus tagann formhór dá imreoirí ó na ceantracha tuaithe ar nós An Bóthar Mór, Baile Bricín, Cathair Éile, Carraig An Phearsúin agus Lodain atá suite idir Baile an Fhaoitigh agus Cathair Chinn Lis.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear peil agus iomáint agus d’ainneoin go bhfuil traidisiún níos láidre san iomáint sa cheantar, cuireann an club an bhéim chéanna ar an dá chód.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an club faoin ainm Baile Bricín sa bhliain 1885 agus d'imríodar i gcomórtaisí a bhí á eagrú ag clubanna ar nós An Bóthar, Saor Theas, Pailís na Gréine agus Cill Mhuire le linn blianta deiridh na 1880í. Ach ós rud é go raibh na ceithre chlub iomána ba láidre sa chontae ag an am, Saor Theas, Cathair Laighin, An Bóthar agus Máigh Rua, suite ar imeall pharóiste Baile Bricín/An Bóthar Mór, ní rabhadar ro-ghníomhach le linn blianta na 1890í agus is cosúil nár ghlacadar páirt i gCraobh Iomána an Chontae roimh thús an 20ú haois. Is é tuairisc ó Mhí Bhealtaine na bliana 1903 faoi chluiche idir Greanach agus Baile Bricín i gComórtas Iomána Bhrú na Déise an tagairt scríofa is sine don chlub atá ar fáil fós.

Tháinig an chéad chorn go dtí an paróiste sa bhliain 1912 nuair a ghabh Baile Bricín Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh. Níor imríodh an grád sin idir na blianta 1914 agus 1928 ach d’éirigh le Baile Bricín arís sa bhliain 1919 nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chuig an bparóiste don chéad uair.

Toisc gur tháinig formhór dá n-imreoirí as cuid thuaidh an pharóiste ag an am, athraíodh ainm an chlub go dtí An Bóthar Mór le linn blianta na 1920í agus ba faoin dteideal sin a bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae don dara huair sa bhliain 1932. Chuaigh an club i léig ina dhiaidh sin, d’fhill an t-ainm ar ais go Baile Bricín agus, lasmuigh de Chroabh Iomána Sóisear na Roinne Thoir sa bhliain 1975, níor bhuadar teideal ar bith suas go dtí blianta na 1990í. Tar éis dóibh cluichí cheannais na bliana 1990 a chailliúint i gcoinne Cnoc Áine agus na bliana 1993 i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha, bhuadar ar Chromadh chun Craobh Iomána Sóisear A an Chontae a ghabháil don tríú uair sa bhliain 1994.

Shroich Baile Bricín cluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae ar an gcéad iarracht sa bhliain dár gcionn ach bhuaigh Pailís na Gréine orthu tar éis cluiche conspóideach agus tá siad ag fanacht fós ar iomáint sinsear a imirt.

Ba bheag an bhéim a bhí ar an bpeil sa chlub suas go dtí an bhliain 2001 nuair a bhuaigh Baile Bricín Craobh Sóisear B an Chontae. Chailleadar cluiche ceannais Craobh Sóisear A an Chontae i gcoinne Na Piarsaigh sa bhliain 2005.

Socraíodh ar ainm an chlub a athrú go Baile Bricín/An Bóthar Mór sa bhliain 2008 chun an dá thaobh den pharóiste a athaint.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir an club a chuid cluichí i bpáirc an phobail in aice Scoil Náisiúnta Chathair Éile go dtí gur osclaíodh a pháirc imeartha féin trasna an bhóthair uaithi sa bhliain 2008.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir Damien de Brún (Damien Browne) ar fhoireann iomána an chontae le linn blianta na 1990í agus Seán Mac Uileagóid (John McElligot) ar fhoireann peile Luimnigh le linn blianta na 2000í agus ghnóthaigh Seán Ó Riain (Johnny Ryan) scór aonair 7-0 i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Chontae na bliana 1932.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).