CLG Saor Theas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Saor Theas
Béarla: South Liberties
Bunaithe: 1884
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Sóisear A
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Glas is ór
Páirc: Páirc Uí Dhubhlaoigh, Cnoc Aodha, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Saor Theas.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe sa pharóiste thuathach Domhnach Mór/Cnoc Aodha ar imeall theas Cathair Luimnigh, 8km ó dheas ó lár na cathrach. Tagann formhór dá imreoirí ó na sráidbailte Baile an Fhaoitigh, Drom Bainne, Carn Fhearaígh agus Baile Síoda agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Ráth Shiúird, Lios an Fháltaigh agus Baile an Róistigh ina bhfuil an-chuid tithe aonair suite.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear peil agus iomáint sa chlub ach bhí an bhéim dírithe i gcónaí go láidir i dtreo na hiomána.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an club go hoifigiúil i mí Bealtaine na bliana 1884, sé mhí roimh bhunú Cumann Lúthchleas Gael féin agus ceaptar gurb é an dara chlub an is sine sa chontae i ndiaidh Chromadh. Ós rud é ná fuil baile ceart sa pharóiste, bhí mór-dhíospóireacht faoi ainm an chlub agus cinneadh ar ainm ársa na háite nuair ba chuid de saoirsí na cathrach í.

Tá tagairtí ann dá chéad chluiche iomána i gcoinne Brú na Déise i mí Lúnasa na bliana sin. Tá cuntas ann freisin faoi chomórtas iomána a d'eagraigh Saor Theas i mBaile an Fhaoitigh ag deireadh na bliana 1884 inar bhronnadh corn airgead orthu tar éis dóibh buachaint ar Chraobh Chumhra, Naomh Mícheál agus Na Seamróga. Ceaptar gurbh é seo an chéad chomórtas a d'imríodh sa chontae faoi rialacha caighdeánacha CLG.

Ba é Saor Theas an club iomána ba láidre sa chontae le linn blianta tosaigh an Chumainn agus d’imríodar sa chéad chluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1887. I ndiaidh dóibh an cluiche sin a chailliúint i gcoinne Máigh Rua, d’éirigh leo an chorn a ghabháil sna blianta 1888 i ndiaidh dóibh díoltas a bhaint amach i gcoinne Máigh Rua, sa bhliain 1889 tar éis an lámh in uachtar d'fháil ar Chathair Laighin agus arís sa bhliain 1890 nuair a bhuadar ar Chill Fhionáin.

Is cosúil go raibh club eile gníomhach i bparóiste Domhnach Mór/Cnoc Aodha ag an am gcéanna mar tá tuairisc ann faoi fhoireann darbh ainm dó Baile an Róistigh a chaill cluiche iomána i gcoinne Feadamar i Mí Eanáir na bliana 1896.

Níor éirigh chomh maith leo i ndiaidh leathnú na hiomána sa chontae le linn blianta na 1900í. Cé gur bhuadar Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae sa bhliain 1911, thit an club as a chéile idir na blianta 1918 agus 1924 de dheasca staide polaitúla an ama. Ba chlub iomána sóisear é suas go dtí an bhliain 1943 ach ní raibh aon ádh leo san iomáint sinsear go dtí blianta na 1960í nuair a bhuaigh Cill Mocheallóg orthu tar éis athimirt i gcluiche ceannais na bliana 1967.

B’iad blianta na 1970í dara ré órga na hiomána sa chlub agus ghabhadar corn an chontae sna blianta 1972, 1976, 1978 agus 1981 tar éis dóibh buachaint ar Thobar Phádraig, Bhrú Rí, Chill Íde agus Chill Mocheallóg i gcluichí ceannais na mblianta sin. Tháinig an meath anuas orthu arís nuair a thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 1997 agus, d’ainneoin iad cluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh a shroichint faoi shé ón am sin, níor éirigh leo fós filleadh ar an ngrád sinsear.

Ghlac Saor Theas páirt i gCraobh Peile Sinsear an chontae go dtí gur tháinig grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988. Ba pheileadóirí idirmheánacha iad ina dhiaidh sin, thiteadar síos go dtí an grád sóisear A sa bhliain 1990, d'fhilleadar ar bpeil idirmheánach tar éis dóibh an bua d'fháil ar Átháin i gcluiche ceannais Craobh Peile Sósear A Chontae Luimnigh na bliana 2002 ach thiteadar síos arís i ndiaidh na bliana 2008.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha Saor Theas, Páirc Uí Dubhlaoigh, suite i gceartlár an pharóiste i gCnoc Aodha.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc iománaithe cáiliúla Saor Theas, tá Éamonn Ó Greacháin (Eamon Grimes), captaen Luimnigh a bhuaigh craobh sinsear na hÉireann sa bhliain 1973, agus a chomráidí ar an bfhoireann sin Pádraig Ó hArtagáin (Pat Hartigan) agus Seosamh Mac Cionnaith (Joe McKenna) ar a bhronnadh an gradam Sárimreoirí na Bliana orthu aon uair déag eatarthu.

Dathanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chítear na stríocanna glasa is ór go minic ar ráschúrsaí na hÉireann agus na hEorpa mar is iad dathanna an airgeadóra SP Mac Mánais (JP McManus). Ba chathaoirleach an chlub Saor Theas é SP le linn blianta na 1970í agus d'aimnigh sé roinnt dá chapaill ar nós Joe McKenna agus Grimes i ndiaidh iománaithe cáiliúla an chlub.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
  • “Up The Souths: History of South Liberties GAA Club”, Greensmyth, Harry, 1984.