CLG Gallbhaile (Luimneach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gallbhaile
Béarla: Galbally
Bunaithe: 1905
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sinsear
Iomáint: -
Dathanna: Dubh is bán
Páirc: Gallbhaile, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Gallbhaile.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe sa chuid de pharóiste Gallbhaile/Lios Fearnáin atá suite i nDeisceart Contae Luimnigh, i nGleann Eatharlaigh ar imeall Sléibhta na nGailtí, 45km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tá leath eile an pharóiste i gContae Thiobraid Árann, áit a bhfuil club darbh ainm dó Eatharlach.

Tagann formhór imreoirí an chlub as baile Gallbhaile, as na ceantracha tuaithe an pahróiste máguaird ar nós Na Caológa, Dún Trí Liag, An Cnocán Breac agus An Caisleán Cria agus as baile Cnoc Loinge, sráidbhaile Garrdha Uí Spiolláin agus as ceantracha tuaithe máguaird i bparóiste Cnoc Loinge/Gleann Bruacháin ar nós Baile Mhistéala na dTamhan agus Gleann Bruacháin.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear ach an pheil amháin sa chlub agus tá sé nasctha le Garrdha Uí Spiolláin i gcomhair na an hiomána.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil CLG, imríodh an pheil go forleathan in oirdheisceart Chontae Luimnigh ach níl aon trácht faoi aon chlub bunaithe i leath thiar pharóiste Gallbhaile/Lios Fearnáin go dtí an bhliain 1905 nuair a chláraigh Cnoc Mór na nGaibhlte le Coiste an Chontae. Tá tuairisc ann faoi chluiche ceannais comórtas peile Baile an Londraigh a chailleadar i gcoinne Cnoc na mBua, An tOspidéal i Mí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Roimhe sin, is cosúil gur imir peileadóirí na háite le Baile an Londraigh nó le Eatharlach i gContae Thiobraid Árann.

Ní raibh mórán le rá faoin gclub go dtí gur atheagraíodh Roinn CLG Deisceart Luimnigh sa bhliain 1925 agus bhuadar Craobh Peile Sóisear an Deiscirt don chéad uair sa bhliain 1928 faoin ainm Gallbhaile. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d’éirigh leo Craobh Peile Sóisear an Chontae a bhuachaint don chéad uair nuair a sharaíodar ar Sheanghualainn sa chluiche ceannais.

Shroich foireann ón bparóiste faoin ainm Na Caológa cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Deiscirt na bliana 1933. Ach cé gur tháinig craobh na roinne ar ais chuig Gallbhaile sna blianta 1946 agus 1948, is beag toradh a raibh ar a gcuid saothar i gcomórtaisí an chontae go dtí blianta na 1960í.

Foireann Gallbhaile a bhuaigh Craobh Peile Mionúir A Chontae Luimnigh i bhFeadamar, 12ú Deireadh Fómhair 2002

Nuair a bhuaigh Clochán orthu sa bhliain 1969, ba é Gallbhaile an chéad chlub as deisceart an chontae a shroich cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh ón mbliain 1932 ach bhí an mí-ádh orthu gur tháinig foireann láidir eile as an roinn, Cromadh, le linn blianta na 1970í. Cé gur tháinig Gallbhaile chun chin le linn blianta na 1980í agus cé gur bhuadar Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 1993 i ndiaidh bliain amháin a chaitheamh sa dara ghrád, bhí orthu fanacht go dtí an bhliain 1994 sular bhuadar Craobh Sinsear an Chontae don chéad uair i ndiaidh buachaint ar An Athair Ó Cathasaigh.

Bhí an bua acu arís trí bhliain ina dhiaidh sin, ní ar an bpáirc imeartha ach i ndiaidh achomhairc I gcoinne Ollscoil Luimnigh ach, d’ainneoin go raibh ag éirí leo i ngrádanna na n-óg san am chéanna, thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2001. Bhí na seansanna acu filleadh ar an bpríomhghrád ach chailleadar cluiche ceannais Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh faoi dhó i gcoinne Áth an tSléibhe sna blianta 2002 agus 2007.

Cé ná raibh mórán traidisiún sa spórt sa pharóiste go dtí sin, thosnaigh an iomáint sa chlub le linn blianta deiridh na 1970í. Shroich Gallbhaile cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh sa bhliain 1992 ach chailleadar i gcoinne Teampall an Ghleanntáin. D’éiríodar as an spórot sa bhliain 2000 nuair a thángadar le chéile le Garrdha Uí Spiolláin. Bhí roinnt imreoirí as Gallbhaile ar fhoireann Garrdha Uí Spiolláin a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 2005.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir Gallbhaile le blianta ar páirc an phobail i lár an bhaile sular cheannaíodar a pháirc imeartha féin 1km laistiar ón sean-pháirc.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc peileadórií cáiliúla Gallbhaile, tá Mícheál Ó Coise (Mike Quish), ball foireann na Mumhan a bhuaigh Corn Idirchúigeach na Peile sa bhliain 1978 agus Tadhg Ó Coimín (Timmy Cummins) ar ir imir ar fhoireann Luimnigh I gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1991. Is é Seán Ó Cadhla (John Kiely) an t-aon iománaí an chlub ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).