CLG Gaeil Baile na Cora

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaeil Baile na Cora
Béarla: Ballinacurra Gaels
Bunaithe: 1979
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sóisear B
Iomáint:
Dathanna: Dubh is ór
Páirc: Páirc Tír an Phoirt, Eastáit Bhagóid, Gáirdíní Baile na Cora, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Gaeil Baile na Cora .

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Bantiarna Lourdes ar an dtaobh theas de Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí as na ceantair Baile na Cora agus Bóthar de hÍde ina bparóiste féin, as Baile Shinéid agus An Ráth Bhán i bparóiste Banríona na Síochána agus as ceannntair eile ar thaobh theas na cathrach.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear ach peil sa chlub agus tá sé nasctha le Sean-Chríostaithe i gcomhair na hiomána.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh aon pharóiste Bantiarna Lourdes ann roimh An Dara Cogadh Domhanda agus ba cheantar tuaithe é ag an am sin. Ar dtús, d'imir muintir na háite le Mungairit, Saor Theas nó le clubanna móra na cathrach ar nós Éire Óg, Clochán agus Na Trádálaithe.

Bhí club darbh ainm dó Baile na Cora gníomhach sa cheantar ó bhlianta na 1920í agus tá tuairisc faoi chluiche iomána a d'imríodar i gcoinne Na Ceapaí Móire sa bhliain 1926. Is cosúil gur thiteadar as a chéile ag deireadh blianta na 1930í. Bhí club eile darbh ainm dó Na Páirceanna Glasa ann le linn blianta na 1940í agus na 1950í agus bhuadar Craobh Iomána Mionúir an Chontae sa bhliain 1947. Ghabh club an pharóiste in aice láimhe, Naomh Iosaef, Craobh Peile Sóisear na Cathrach sna blianta 1953, 1954 agus 1960.

Le linn blianta na 1960í, bunaíodh club eile sa cheantar ar a dtugadh Naomh Breandán agus bhuadar Craobh Peile Sóisear na Cathrach sa bhliain 1968 ach níl aon tuairisc fúthu i ndiaidh na bliana 1970í. Timpeall na bliana 1965, d'imir foireann óg as an gceantar faoin ainm Ruairí Mhic Easmuin ar feadh bliain nó dhó.

Ath-bhunaíodh an club atá sa lá inniu ann faoin ainm Gaeil Baile na Cora sa bhliain 1979. I measc dóibh a chabhraigh go mór le athbheochan na gcluichí Gaelacha sa cheantar, bhí an tiriseoir cáiliúil Séamus Ó Ceallaigh, a scríobh faoin ainm cleite Camán.

Tháinig peileadóirí Gaeil Baile na Cora le chéile le hiománaithe CLG Sean-Chríostaithe le linn blianta na 1980í ach d'fhan an bheirt acu mar chlubanna ar leith. D'ainneoin sin, d'imir fórine óga an dá chlub faoin ainm Baile Na Cora san iomáint agus sa pheil le linn blianta na 1990í.

Nuair ná raibh aon club gníomhach ar thaobh theas na cathrach sna blianta díreach roimhe sin, d’imir formhór peileadóirí na háite le Na Trádalaithe, Sean-Chríostaithe agus Mungairit.

Cé gur éirigh leo craobhacha na cathrach agus an chontae a ghabháil i ngrádanna na n-óg, sé Craobh Peile Sóisear B na Cathrach an t-aon chomórtas fásta a bhuaigh Gaeil Baile na Cora óna bhunú. D’imríodar peil sa ghrád Sóiser A suas go dtí an bhliain 2004.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha an chlub ar Eastáit Bhagóid i nGáirdíní Baile na Cora ar chíos ó Chomhairle na Cathrach óna bhunú.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir iar-iománaí an chontae Gearóid Ó hÉigeartaigh (Ger Hegarty), ball foireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 1994, ar fhoireann peile Gaeil Baile na Cora.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).