CLG Teampall an Ghleanntáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teampall an Ghleanntáin
Béarla: Templeglantine
Bunaithe: 1898
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: -
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Glas is ór
Páirc: Teampall an Ghleanntáin, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Teampall an Ghleanntáin.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Teampall an Ghleanntáin thuas sna conic idir An Caisleán Nua Thiar agus Mainistir na Féile in Iarthar Chontae Luimnigh, 60km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Teampall an Ghleanntáin agus ceantracha tuithe an pharóiste máguaird ar nós Ráth Chathail, An Inse Bhán agus Dún Mhic Cionaoith, as baile agus paróiste Mainistir na Féile agus as baile agus paróiste Áth na Sléibhe.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear ach an iomáint amháin sa chlub. Ce ná fuil aon nasc oifigiúil ag Teampall an Ghleanntáin leis na clubanna peile in aice leo, tagann imreoirí ón Athair Ó Cathasaigh agus ó Áth na Sléibhe chucu i gcomhair na hiomána.

Imríonn peileadóirí an pharóiste le Móin na nGé, Tuar na Fola, An tAthair Ó Cathasaigh agus Áth an tSléibhe. I roinnt grád na n-óg, tá Teampall an Ghleanntáin nasctha le Tuar na Fola faoin ainm Gaeil an Ullacháin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba pharóiste peile é Teampall an Ghleanntáin nuair a eagraíodh cluichi Gaelacha ar dtús agus ghlac imreoirí na háite páirt i gcomórtaisí peile in Iarthar Luimnigh sular bhunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1989. Chailleadar cluichí ceannais Craobh Peile Sinsear Iarthar Luimnigh sna blianta 1902, 1905 agus 1906. Tá cuntas ann ó Mhí Samhna na bliana 1905 faoi chomórtas ina raibh an cluib ag fail an lámh in uachtar ar Chaisleán Uí Mhathúna i gcomórtas san Fheothanach sular chríochníodh an cluiche go luath toisc go raibh an oíche tar éis titim.

Maraon lena lán paróistí in oirthear agus in iardheisceart an chontae, leathnaigh an iomáint go tapaidh iontu sna blianta díreach roimh an gCéad Cogadh Domhanda agus cuir an club an chéad fhoireann le chéile sa bhliain 1913. Bhí an bhéim chéanna ar an dá chód i dTeampall an Ghleanntáin nuair a atosaíodh craobhacha sóisear an chontae i ndiaidh na dTrioblóidí agus chailleadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Iarthair i gcoinne Caisleán Uí Mhathúna sa bhliain 1930. Ach d’athraigh an scéal nuair a bhuaigh na hiománaithe ar Chill Díoma chun Chraobh an Iarthair a ghabháil sa bhliain dár gcionn agus tá an lámh in uachtar ag an gcamán sa chlub ón am sin i leith.

B’iad blianta na 1930í an ré ba thorthúla i stair imeartha an chlub. D’éirigh leo arís i gCraobh Iomána Sóisear an Iarthair sa bhliain 1937 agus leanadar ar aghaidh chun bhuachaint ar Dhún Bleisce i gcluiche ceannais Craobh an Chontae. Ach d’ordaigh Coiste an Chontae go nathimreofaí an cluiche, dhiúltaigh Teampall an Ghleanntáin teacht ar an bpáirc agus bronnadh an teideal ar Dhún Bleisce.

Ba é sin buaichphoínte iomána Teampall an Ghleanntáin. Chailleadh an-chuid imreoirí don imirce le linn blianta na 1940í agus na 1950í agus bhí roinnt blianta ann nuair ná raibh a dhóthain iománaithe fágtha sa phaaróiste chun fhoireann a chur ar an bpáirc. Tháinig feabhas éigin ar an scéal nuair a cheannaíodar a bpáirc imeartha féin sa bhliain 1978 agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear B an Iarthair sna blianta 1983, 1990, 1991 agus 1992. Tar éis cluiche ceannais na bliana 1991 a chailliúnt i gcoinne Na Piarsaigh, tháin an chéad chorn chontae chuig an bparóiste nuair a sháraíodar ar Ghallbhaile i gCraobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh na bliana dár gcionn.

Ní raibh go leor imreoirí acu sa scuad chun fanacht ach ar feadh cúpla bliain sa ghrád sóisear A. Thángadar le chéile le Athair Ó Cathasaigh agus Áth na Sléibhe chun iomáint faoin ainm Eoin Rua i ngrádanna na n-óg sna blianta 1993 agus 1997 ach ba dheacair foirne a eagrú idir trí chlub. Déirigh níos fearr le Teampall an Ghleanntáin nuair a a d’fhilleadar orthu féin agus, tar éis glún nua a chur le chéile, bhuadar ar Dhún Bleisce chun Craobh Iomána Sóisear B an Chontae a ghabháil don dara huair sa bhliain 2007.

Cé gur shroich Teampall an Ghleanntáin cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Iarthair sa bhliain 1985, laghdaigh an suim sa pheil nuair a bhí ag éirí leis an iomáint le linn blianta na 1990í. D’éirigh an club as an sport ar fad sa bhliain 1998.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha Teampall an Ghleanntáin suite i Ráth Chathail, 2km soir ó lár an sráidbhaile. Thosníodh ar chlár fhorbartha sa bhliain 1998 agus tá cothromaíocht agus draenáil na páirce agus togáil an ardáin féachana críochnaithe anois.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc iománaithe cáiliúla an chlub ar imir a fhoirne an chontae, tá Liam Ó Cuill (Billy Quill) as blianta na 1930í, Liam Ó Murchú (Liam Murphy) as blianta na 1980í agus Séan Ó Ríordáin (John Riordan) agus ('Séamus Ó Ríordáin) as f’oirne mionúir agus faoi-21 blianta na 2000í.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).