CLG Brú na Déise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brú na Déise
Béarla: Bruff
Bunaithe: 1887
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Idirmheánach
Iomáint: Príomh Idirmheánach
Dathanna: Dearg is bán
Páirc: An Brú, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Brú na Déise.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe sa chuid thiar theas de pharóiste Brú na Déise/Meánas/An Ghráinsigh i lár Chontae Luimnigh, 30km ó dheas ó Cathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile Brú na Déise agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Baile Uí Dhroighneáin, Baile na gCailleach agus Baile Ríosóid ach is féidir peileadóirí agus iománaithe ón gcuid eile den pharóiste timpeall sráidbhaile Meánas imirt leo freisin.

Cluichi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear peil agus iomáint agus d’ainneoin traidisiún na hiomána a bheith níos láidre sa cheantar, cuireann an club an bhéim chéanna ar an dá chód faoi láthair.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil tagairtí ann faoi chluiche iomána idir Brú na Déise agus Saor Theas i mí Lúnasa na bliana 1884, níor bhunaíodh an club go hoifigiúil go dtí an bhliain 1887. Tá sé i bhfeidhm gan stad faoin ainm céanna ón lá sin i leith.

Nuair a ghlacadh le rialacha caighdeánacha na peile agus na hiomána i ndiaidh bhunú CLG, d'eagraigh na clubanna comórtaisí eatarthu féin agus bhí clú mór ar an gceann a imríodh i mBrú na Déise. Tá tuairiscí ann faoi chluichí iomána sa bhaile inar ghlac foirne as Eithbhinn, An tOspidéal, Feadamar, An Dromainn agus Cnoc Áine páirt i Mí Meán Fómhair na bliana 1887.

Bhí cumhacht na hiomána dlúite i gceathrú thoir-thuaidh an chontae suas go dtí an bhliain 1897 agus, cé go raibh mór-shuim sa chluiche i mBrú na Déise ag an am, níor éirigh go maith leo le linn an tréimhse sin. Fiú amháin nuair a tháinig na céad craobhacha chontae go dtí deisceart an chontae, b’iad Cill Fhionáin agus Cromadh na foirne ba láidre sa cheantar. Mar sin féin, shroicheadar cluiche leathcheannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1904 agus iad ag imirt faoin ainm Réalta Brú na Déise nuair a bhuaigh An Cheapach Mhór orthu.

D’athraigh an scéal áfach le linn blianta na 1920í. D’ainneoin gur tharla an chogaíocht ba ghéire le linn an Chogaidh Cathartha sa limistéar idir Brú na Déise agus Cill Mocheallóg, thosnaigh an club ag imirt arís díreach ina dhiaidh agus shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1922. Cé gur chailleadar go dona i gcoinne Éire Óg an lá sin, bhíodar arís arís ann trí bhliain ina dhiaidh ach bhuaigh An Caisleán Nua Thiar orthu.

Is cosúil é gur tharla achrann éigin tar éis cluiche ceannais na bliana 1925 mar bhunaíodh club eile an pharóiste, Fánaithe na Camóige díreach ina dhiaidh agus bhuaigh an fhoireann sin Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt ar an gcéad iarracht sa bhliain 1926. Bhí Brú na Déise féin ag imirt iomána sóisir le linn blianta tosaigh na 1930í agus cé gur bhuadar an comórtas sin roinnt uair le linn blianta na 1940í agus blianta na 1960í, níor éirigh leo riamh Craobh Iomána Sóisear an Chontae a ghabháil.

Ba chlub iomána sinsear é nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988 ach bhíodar tar éis titim síos go dtí an grád idirmheánach le teacht na Mílaoise. D’fhanadar anseo go dtí gur bhuadar Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 2008.

Lasmuigh den bhliain 1926 nuair a bhuaigh An Gleann orthu i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Chontae, ní raibh mórán trácht ar Bhrú na Déise mar chlub peile suas go dtí blianta na 1970í. Tháinig Craobh Peile Sóisear an Deiscirt chucu don chéad uair sa bhliain 1972 agus ba chlub peile idirmheánach é le teacht na ngrád teoranta. D’fhilleadar ar ais ar pheil sóisear an bhliain dár gcionn agus níor thangadar ar ais go dtí gur ghabhadar Craobh Peile Sóisear A an Chontae i ndiaidh dóibh buachaint ar Chnoc Uí Choileáin sa bhliain 2008.

Páirc Imirhte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí páirceanna ar chíos ag Brú na Déise sa pharóiste sular cheannaíodar a bpáirc imeartha féin sa bhliain 1956. Nuair a osclaíodh é le cluiche iomána idir Luimneach agus Corcaigh i mí Aibreáin na bliana dár gcionn, tháinig slua 6,000 daoine chuig lárionad nua spóirt ina raibh cúrsa mini-ghalf, cúirteanna leadóige agus áiseanna traenála agus féachana a bhí réabhlóideach in Éirinn le linn blianta crua na 1950í. Is í páirc Brú na Déise, atá suite 500km ó Phríomhshráid an bhaile ar Bhóthar an Ospidéil, fós an tríú páirc iomána is tábhachtaí sa chontae.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla Brú na Déise, tá iománaithe Luimnigh blianta na 1980í Mícheál Ó Roghaill (Mike Reale) agus Antóin Ó Riordáin (Anthony O’Riordan, captaen foireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Mionúir na hÉireann sa bhliain 1984) agus cúlbáire foireann peile sinsear an chontae le linn blianta na 2000í Seán Ó Cadhla (Seán Kiely).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).