CLG Sean-Chríostaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sean-Chríostaithe
Béarla: Old Christians
Bunaithe: 1962
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil:
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Dearg is dubh
Páirc: An Ráth Bhán, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Sean-Chríostaithe.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Banríona na Síochána ar an dtaobh theas de Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí as eastáit ar nós Baile Shinéid, Páirc Uí Chinnéide agus An Ráth Bhán ina bparóiste féin, as Cnoc Theas i bparóiste Na Clainne Naofa, as Baile na Cora agus Bóthar de hÍde i bparóiste Bantiarna Lourdes agus as ceannntair eile ar thaobh theas na cathrach.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iomáint amháin a imrítear sa chlub agus tá sé nasctha le Gaeil Baile na Cora i gcomhair na peile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh aon pharóiste Banríona na Síochána ann roimh An Dara Cogadh Domhanda agus ba cheantar tuaithe é ag an am sin ina raibh traidisiún mór na hiomána. Ar dtús, d'imir muintir na háite le Saor Theas nó le clubanna móra na cathrach ar nós Éire Óg, Na Trádálaithe agus Clochán.

Bunaíodh Sean-Chríostaithe sa bhliain 1962 chun freastal ar iar-dhaltaí Scoil na mBráthar Sráid Seasnáin a bhí i measc na meánscoileanna ba láidre in Éirinn san iomáint ag an am. Bhuadar ar Chlocán i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh na bliana céanna ach ba san iomáint a raibh príomh-bhéim an chlub. D’imríodar sa ghrád sinsear suas go dtí lár blianta na 1970í nuair chuaigh an club i léig mar ná raibh an oiread sin iománaithe ag teacht chucu ó Scoil na mBráthar.

Ionas go mbeadh imreoirí óga in ann teacht chucu, chuireadar fúthu i bparóiste Banríona na Síochána agus thángadar le chéile le club na n-óg Cnoc Theas. D’imríodar faoin teideal Sean-Chríostaithe/Cnoc Theas i gcomórtaisí na n-óg le linn blianta tosaigh na 1980í agus shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Mionúir an Chontae na bliana 1984. Sna blianta ina dhiaidh sin, d’éiríodar as an bpeil ar fad nuair a nascaíodar le Gaeil Baile na Cora agus d'imir fórine óga an dá chlub faoin ainm Baile Na Cora san iomáint agus sa pheil le linn blianta na 1990í.

Bhuaigh Sean-Chríostaithe Craobh Iomána Idirmheánach an chontae sa bhliain 1992 ach ní raibh scuad domhain go leor acu riamh chun feachtas éifeachtach a dhéanamh ar Chraobh Sinsear an Chontae agus bhíodar ag troid i gcoinne an ísliú i gcónaí. Thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 1999 agus bhíodar ag imirt iomáint sóisear A faoin mbliain 2007.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sean-Chríostaithe ag imirt sa Ráth Bán óna mbunú. I ndiaidh dóibh an suíomh a cheannach ó Chomhairle na Cathrach, tá siad tar éis dhá pháirc imeartha a chur síos agus clubtheach a thógáil le linn blianta na 2000í.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá Beircheart Ó hArtagáin (Bernie Hartigan) a bhuaigh bonn Craobh Iomána Sinsear na hÉireann sa bhliain 1973, agus Gearóid Ó hÉigeartaigh (Ger Hegarty) a d'imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais na bliana 1994.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).