CLG Cill Díoma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cill Díoma
Béarla: Kildimo
Bunaithe: 1884
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: -
Iomáint: Idirmheánach (Cill Díoma/Pailís Chaonraí)
Dathanna: Gorm is bán
Páirc: An Cnoc Rua, Cill Díoma, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cill Díoma .

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe ar bhruach theas Béal na Sionainne agus ar bhruach thiar Béal na Máighe sa chuid thoirtheas de pharóiste Cill Díoma/Pailís Chaonraoi in Iarthar Chontae Luimnigh, 14km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile Cill Díoma agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Baile Uí Chathláin, An Cnoc Rua agus Baile Ó gCathasaigh. Tá club eile, Pailís Chaonraoí, ann i bparóiste Cill Díoma/Pailís Chaonraoí agus is féidir le gach iománaí as an bparóiste uile imirt le Cill Díoma.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear ach an iomáint amháin sa chlub faoi láthair ach imríodh an pheil chomh maith suas go dtí tús na mílaoise nua. Imríonn formhór peileadóirí Cill Díoma le Pailís Chaonraoí anois.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba limistéar iomána é baile Cill Díoma ó thús agus bunaíodh an club ag an am gcéanna le bunú CLG féin sa bhliain 1884. Tá tuariscí ann faoi chomórtas iomána a d'eagraigh Cill Díoma sa bhliain 1891 inár bhuaigh Fág an Bealach Áth Dara ar An tAthair Ó Murchú Faing sa chluiche ceannais agus bhíodar an-ghníomhach i gcomórtaisí ar fud an chontae le teacht 20ú haois.

Cé go bhfuil cuntas ann faoi fhoireann ag glacadh páirt i gcomórtaisí peile faoin ainm Pailís Chaonraoi sa bhliain 1903, níor scoilt an dara chlub sa pharóiste go hoifigiúil ó Chill Díoma go dtí an bhliain 1906. Tá stair an dá chlub nasctha le chéile ó shin i leith. Thángadar le chéile sa bhliain 1916 ach scoilteadar arís sa bhliain 1920. D’imríodar mar Cill Díoma/Pailís Chaonraoi ón mbliain 1950 go dtí gur chuir Coiste an Chontae an club ar fionraí i ndiaidh eachtra le linn cluiche sa bhliain 1959. Tháinig an club aontaithe ar ais arís sa bhliain 1965 ach scoilt Pailís Chaonraoi arís de sa bhliain 1971 nuair a chuadar isteach i Roinn an Iarthair agus d’fan Cill Díoma sa Roinn Cathrach.

Ba bhall de Coiste CLG Thiar an Chontae é CLG Cill Díoma suas go dtí an bhliain 1954 nuair a atheagraíodh na ranna agus d’aistríodar go dtí an Roinn Cathrach.

B’iad blianta na 1930í ré órga iomána Chill Díoma. Sháraíodar ar Chill Mocheallóg i ndiaidh achomhairc chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1933. Shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh san dá bhliain ina dhiaidh sin ach bhuaigh Átháin orthu. Cé gur bhuadar craobh sóisear na cathrach sna blianta 1956, 1958, 1982, 1984, 1998, 2000, 2001 agus 2002, níor éirigh leo corn an chontae a ghabháil arís go dtí an bhliain 2002 nuair a bhuadar ar Bhaile an Chaisleáin/Béal Átha Grean sa chluiche ceannais. Is club iomána idirmheánach é CLG Cill Díoma ó shin i leith.

Sa pheil, bhuadar craobh sóisear A na cathrach sna blianta 1955 agus 1980 agus bhuadar craobh sóisear B na cathrach le linn blianta na 1980í agus na 1990í sular éirigh an chlub as imirt leis an liathróid mór.

Tháinig Cill Díoma agus Pailís Chaonraoi le chéile sna gráid óga sa bhliain 2006 faoin ainm Gaeil Chill Ulta agus bhuadar craobh peile mionúir B an chontae arís sa bhliain sin.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha Chill Díoma suite sa Chnoc Rua, leathbhealach idir baile Cill Díoma agus Sean-Chill Díoma, 1km ó dheas ó lár an bhaile.

Iimreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sé Pádraig Mac Mathúna (Paddy McMahon) an imreoir is cáiliúla a tháinig as Chill Díoma. Ba bhall den fhoireann a bhuaigh craobh iomána sóisear an chontae sa bhliain 1933 é agus ghnóthaigh sé boinn Uile-Éireann le Luimneach sna blianta 1934 agus 1936 agus arís sa bhliain 1940 i ndiaidh dó aistriú go dtí Átháin.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).