CLG Pailís Chaonraí
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | club spóirt | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Spórt | peil Ghaelach iomáint | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| Bunaithe: | 1906 | ||||||||||||||
| Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
| Roinn: | Cathrach | ||||||||||||||
| Peil: | Sóisear A | ||||||||||||||
| Iomáint: | Idirmheánach (Cill Díoma/Pailís Chaonraí) | ||||||||||||||
| Dathanna: | Bán is gorm | ||||||||||||||
| Páirc: | Pailís Chaonraí, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
| |||||||||||||||
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Pailís Chaonraí.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an club bunaithe ar imeall theas Béal na Sionainne sa chuid thiar thuaidh de pharóiste Cill Díoma/Pailís Chaonraí, 18km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile Pailís Chaonraí agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Drom Achair Mhóir, Rinn Mahoilín, an tSeanphailís agus Cill na Siúrach. Cé go bhfuil club eile, Cill Díoma, ann i bparóiste Cill Díoma/Pailís Chaonraí, is féidir le gach iománaí as an bparóiste uile imirt le Pailís Chaonraí.
Cluichí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go bhfuil traidisiún an pharóiste dírithe ar an iomáint, imríodh an dá chód sa chlub ó thús agus tá an stádas céanna ag an mbeirt acu ar an bpáirc imeartha.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Cill Díoma, an chéad club i bparóiste Cill Díoma/Pailís Chaonraí, ag an am gcéanna le bunú CLG féin sa bhliain 1884 agus bhí an bhéim ar an iomáint ann ó thús. Cé go bhfuil cuntas ann faoi fhoireann ag glacadh páirt i gcomórtaisí peile faoin ainm Pailís Chaonraí sa bhliain 1903, níor scoilt an dara chlub sa pharóiste go hoifigiúil ó Chill Díoma go dtí an bhliain 1906.
Tá stair an dá chlub nasctha le chéile ón am sin. Thángadar le chéile sa bhliain 1916 ach scoilteadar arís sa bhliain 1920. D’imríodar mar Cill Díoma/Pailís Chaonraí ón mbliain 1950 go dtí gur chuir Coiste an Chontae a club ar fionraí i ndiaidh eachtra le linn cluiche sa bhliain 1959. Tháinig an club aontaithe ar ais arís sa bhliain 1965 ach scoilt Pailís Chaonraí de don tríú uair sa bhliain 1971 nuair a chuadar isteach i Roinn an Iarthair agus d’fan Cill Díoma sa Roinn Cathrach. D’fhill Pailís Chaonraí ar ais ar an Roinn Cathrach sa bhliain 1978.
Ba chlub sóisear é Pailís Chaonraí í gcónaí ó am a bhunú. Cé gur bhuaigh Clochán orthu i gcluiche ceannais iomána sóisear an chontae sa bhliain 1912, níor éirigh leo aon chaobh a bhuachaint go dtí gur tháinig corn peile mionúir B an chontae chucu sa bhliain 1996. Ba é sa pheil sóisear B a bhuadar a gcéad corn sna gráid fásta, craobh na Cathrach sa bhliain 2001. Tar éis craobh iomána sóisear B na Cathrach a ghabháil cúpla bliain as a chéile, chuadar suas go dtí grad sóisear A sa bhliain 2009.
Tháinig Pailís Chaonraí agus Cill Díoma le chéile sna gráid óga sa bhliain 2006 faoin ainm Gaeil Chill Ulta agus bhuadar craobh peile mionúir B an chontae arís sa bhliain sin.
Páirc Imeartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá páirc imeartha Pailís Chaonraí suite i gceartlár an bhaile in aice an tséipéil. Osclaíodh í sa bhliain 1951.
Imreoirí Cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá Micheál Mac Eochaidh (Mike Keogh), cúlbáire Luimnigh i gcluiche ceannais peile faoi-21 sa bhliain 2000, agus Eoin Ó Síocháin (Eoin Sheehan) a ghnóthaigh scór 4-5 do Luimneach le linn cluiche i gcoinne Port Láirge i gCraobh Peile Sinear na Mumhan sa bhliain 1987.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).