Pápa Beinidict XV
(1915) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Benedictus PP. XV |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (it) Giacomo Paolo Giovanni Battista della Chiesa 21 Samhain 1854 Pegli (Ríocht na Sairdíne) |
Bás | 22 Eanáir 1922 67 bliana d'aois an Pálás Aspalda (Ríocht na hIodáile) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine) |
Áit adhlactha | uaimh na Vatacáine |
258 Pápa | |
3 Meán Fómhair 1914 – 22 Eanáir 1922 ← Pápa Pius X – Pápa Pius XI → | |
Cairdinéal | |
25 Bealtaine 1914 – | |
Ard-Easpag Caitliceach | |
16 Nollaig 1907 – ← Domenico Svampa (en) – Giorgio Gusmini (en) → Deoise: Ard-Deoise Chaitliceach Bologna | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Pontifical Ecclesiastical Academy (en) Ollscoil Phontaifiúil Ghréagóra Ollscoil Genoa |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | An Róimh Stáit an Phápa |
Gairm | easpag Caitliceach (1907–), sagart Caitliceach Rómhánach (1878–) |
Teangacha | An Iodáilis |
Coisreacan | Pápa Pius X |
Ghlac sé/sí páirt i | |
31 Lúnasa 1914 | comhthionól cairdinéal 1914 |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do
| |
(la) In Te Domine Speravi, Non Confundar In Aeternum | |
Suíomh gréasáin | w2.vatican.va… |
Bhí Beinidict XV mar phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1914 agus 1922. Bhí sé ina phápa le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus an Réabhlóid Bhoilséiveach sa Rúis. Tháinig sé i gcomharbacht ar Naomh Pius X agus tháinig Pius XI ina dhiaidh.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Giacomo della Chiesa i nGenova san Iodáil i 1857. Bhain sé dochtúireachta amach sa dhlí sula oirníodh ina shagart é. Tháinig sé ag obair leis an Cairdinéal Mariano Rampolla, níos déanaí Nuinteas aspalda i Madrid, agus Rúnaí Stáit don Phápa Leo XIII.
D'éirigh della Chiesa Fo-Rúnaí Stáit sa bhliain 1901 agus ansin ardeaspag ar Bologna i 1907. Cheap Pius X é ina chairdinéal i 1914 agus toghadh della Chiesa mar phápa go gairid ina dhiaidh sin.
Pápacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí della Chiesa ina phápa linn an Chéad Chogadh Domhanda. Ba chosúil nár éist siúd a bhí i mbun cogaíochta leis agus é ag iarraidh síocháin.
Ar an 27 Bealtaine 1917, d'fhógair an Pápa an Cód Pio-Bheinidicteach 1917.[1] An chéad iarracht ar na dlíthe canónta a bhaineann leis an ngnásaíocht Laidineach san Eaglais Chaitliceach Rómhánach a chódú ab ea é. Deirtear gurb é an ócáid is tábhachtaí ó thaobh an dlí chanónta de i mbeagnach ocht gcéad bliain. Bhí sé bailí go dtí gur tháinig an Cód Dlíthe Canónta reatha i bhfeidhm sa bhliain 1983.[2]
Rinne Beinidict naomh de Jeanne d'Arc, banlaoch náisiúnta na Fraince, ar 16 Bealtaine 1920. Bheannaigh an Eaglais Oilibhéar Pluincéid sa bhliain 1920 chomh maith.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ canonlaw.info (1917). "Master Page on the Pio-Benedictine Code of 1917". www.canonlaw.info. Dáta rochtana: 2020-05-27.
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-27.