Jump to content

An Aragóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Aragóin
Aragón (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHimno de Aragón (21 Aibreán 1989) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 41° N, 1° O / 41°N,1°W / 41; -1
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCathair Zaragoza Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,324,397 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús27.75 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis
an Aragóinis
an Chatalóinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla47,719 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeAneto (en) Aistrigh (3,404 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síCaptaincy General of Aragon (en) Aistrigh agus Ríocht na hAragóine Cuir in eagar ar Wikidata
ÉarlamhNaomh Seoirse agus Our Lady of the Pillar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinGobierno de Aragon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachAragonese Corts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Government of Aragon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataJorge Azcón (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-AR Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES24 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinaragon.es Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhphobal féinrialaitheach í an Aragóin atá suite in oirthuaisceart na Spáinne. Go hoifigiúil glaotar Comunidad Autónoma de Aragón air. Tá achar 47,719 km² (18,424 mí²) aige le daonra de 1,277,471 (2006).

Tá teorainneacha aige leis An Fhrainc ó thuaidh, taobh thiar den Chatalóin, tá Comhphobal Valencia ó dheas agus tá sé taobh soir de an Chaistíl agus León, an Chaistíl-La Mancha, La Rioja, agus Navarra. Is iad Zaragoza, Huesca, agus Teruel na cúigí atá sa réigiún. Sruthann an abhainn Ebro tríd an réigiún, agus tá sléibhte ó thuaidh; le gleann álainn torthúil, ach áfach, giota beag aimrid ó dheas. Is í Zaragoza an phríomhchathair.

Freisin, chomh maith leis an trí chúige, tá an Aragóin fhoroinnithe i 33 comarcas nó contaetha.

Teangacha san Aragóin

Mar bharr ar labhairt na Spáinnise ag an daonra iomlán, tá bunteanga Aragóinis, a labhraítear fós i ngleann áirithe sna Sléibhte Piréiní. Labhraítear Catalóinis i gcontaetha áirithe atá in aice leis an gCatalóin. Glaotar La Franja ar an réigiún beag seo.

Ba chontae feodach é an Aragóin, Jaca, roimh bhunadh ríocht na hAragóine. Aontaíodh an ríocht seo le Pamplona (níos déanaí Navarra) sa bhliain 925.

Tar éis bás Rí Sancho, roinneadh an ríocht idir a mhic. I dtús báíre ainmníodh Ramiro I mar rí na hAragóine; i ndiaidh bás a dheartháir, Gonzalo, ainmníodh é mar Rí de Sobrarbe agus Ribagorza. D'fhás an ríocht nua go tapaidh, agus tógadh san áireamh Navarra. Ghabh an ríocht seo Zaragoza sa bhliain 1118. Scoilte ón ríocht Navarra, athbhúnaíodh Ríocht na hAragóine sa bhliain 1035 agus mhair sé mar ríocht scartha go dtí gur phós Rí Ferdinand an Caitiliceach, Éilís na Caistíle Na Monarcaí Caitliceacha sa bhliain 1479 i Valladolid ag bunú Ríocht na Spáinne.

Bhí Aragóin mar an t-ainm ar an gCorón na hAragóine freisin toisc gur pósadh cunta ó Bharcelona (Ramon Berenguer IV) le Banríon na hAragóine (Petronila ó Aragóin), lena mhac a fuair mar oidhreacht talamh na beirte acu. Bhí Ríthe na hAragóine i gceannas ar an dúiche, ní hamhain den réigiún Aragóin ach freisin an Chatalóin, agus níos déanaí na hOileáin Bhailéaracha, Valencia, an tSicil, an tSairdín agus an Nápail.

Tá dlús daonra na hAragóin beag go leor agus dá bharr tá a lán talamh folamh sa réigiún. Tá cónaí ag leath an réigiún i Zaragoza.

Tá gleanna iontach iargúlta agus sléibhte iontach ard sna Piréiní. Tá roinnt deacracht bealach a fháil isteach iontu agus dá bharr tá a áille choimthe acu. Níos mó ó thuaidh tá na gleanna lán se eaglais bailte agus radharcanna iontach. Sa deisceart tá an Teruel a bhfuil beagnach dódheanta, iarracht dul ann, agus ata iontach álainn.

Tá cosaint ó UNESCO ag roinnt de na séadchomharthaí den Teruel agus Zaragoza mar chuid den tionscnamh Suíomh Dúchais Ailtireacht Mudéjar na hAragóine.

Daonra agus Aonaid Riaracháin na hAragóine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá thart ar leath de dhaonra na hAragóine ina gcónaí i bpríomhchathair Zaragoza. Is í Huesca an t-aon chathair eile sa réigiún le daonra níos mó ná 50,000 daoine.

Seo iad a leanas liosta na cathracha is mó sa réigiún ó thaobh daonra de:

Cathracha agus Bailte san Aragóin de réir daonra (2016)
Uimhir Cathair Cúige Daonra Zaragoza
Zaragoza
Huesca
Huesca
Teruel
Teruel
20080817-Calatayud
Calatayud
1 Zaragoza Zaragoza 661,108
2 Huesca Huesca 52,282
3 Teruel Teruel 35,564
4 Calatayud Zaragoza 20,191
5 Utebo Zaragoza 18,466
6 Monzón Huesca 17,237
7 Barbastro Huesca 16,961
8 Ejea de los Caballeros Zaragoza 16,541
9 Alcañiz Teruel 16,043
10 Fraga Huesca 14,925

Tá níos mó ná 70%, de dhaonra an réigiúin ina gcónaí i gCúige Zaragoza agus 17% ina gcónaí i gCúige Huesca, agus 11% ina gcónaí i gcúige Teruel. Tá an réigiúin mar an dara réigiúin is lú ó thaobh dlús daonra de (i ndiaidh an Chaistíl-La Mancha): sé sin 26.8/cm². Tá na áiteanna is airde ó thaobh daonra de bruach na habhann Ebro, go háirithe thart ar Zaragoza, agus i gcnoic Piréineach agus na háiteanna is lú ó thaobh dlús daonra ar ndóigh ná sna Sléibhte Piréineach agus i ndeisceart Cúige Teruel.

Níl ach ceithre cathracha le níos mó ná 20,000 daoine iontu; sé sin Zaragoza le thart ar 70,000, Huesca ag 50,000, Teruel ag 35000, agus Calatayud 20,000.

Mar sin tá an Aragóin roinnte i dtrí cúige, ainmnithe dona bpríomhchathair: Huesca, Zaragoza agus Teruel. Tá na cúige roinnte i 33 contaetha agus tá 732 bardais sa réigiún.

Léarscáil contaetha na hAragóine.

AN ARAGÓIN
Cúige Contaetha Bardais
Cúige Huesca
Daonra
227,609
Contaetha Huesca
Alto Gállego, Bajo Cinca, Cinca Medio, Hoya de Huesca, La Jacetania, La Litera, Los Monegros, La Ribagorza, Sobrarbe y Somontano de Barbastro.

Huesca
52,296
Tá 202 bardais i gCúige Huesca.
Cúige Teruel
Daonra
143,728
Contaetha Teruel
Bajo Martín, Jiloca, Cuencas Mineras, Andorra-Sierra de Arcos, Bajo Aragón, Comhphobal Teruel, Maestrazgo, Sierra de Albarracín, Gúdar-Javalambre y Matarraña.

Teruel
35,841
Tá 236 bardais i gCúige Teurel.
Cúige Zaragoza
Daonra
978,130
Contaetha Zaragoza
Aranda, Bajo Aragón-Caspe, Campo de Belchite, Campo de Borja, Campo de Cariñena, Campo de Daroca, Cinco Villas, Comhphobal Calatayud, Ribera Alta del Ebro, Ribera Baja del Ebro, Tarazona y el Moncayo, Valdejalón y Contae Zaragoza.

Zaragoza
679,624
Tá 292 bardais i gCúige Zaragoza.



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla