Pearse Doherty
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Iúil 1977 47 bliana d'aois Glaschú, Scotland |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Dún na nGall Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Dún na nGall Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Dún na nGall Thiar Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Teachta Dála | |
26 Samhain 2010 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 30ú Dáil Toghcheantar: Dún na nGall Thiar Theas Toghadh i: 2010 Donegal South-West by-election (en) | |
Seanadóir na hÉireann | |
23 Iúil 2007 – 26 Samhain 2010 Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Talmhaíochta | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Pobalscoil Ghaoth Dobhair |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin |
Suíomh gréasáin | sinnfein.ie… |
Polaiteoir Éireannach de chuid an pháirtí polaitíochta Éireannaigh Sinn Féin é Pearse Doherty (Gaeilge: Piaras Ó Dochartaigh, *6 Iúil 1977). Toghadh é chuig Seanad Éireann ar an Rolla Talmhaíochta i 2007. Ar 26 Samhain 2010 toghadh é chuig Dáil Éireann i bhfoth-thoghchán Dhún na nGall Thiar-Theas.[1] Rugadh Doherty i nGlaschú, in Albain agus tá sé ina chónaí i nGaoth Dobhair ó bhí sé 3 bliana d'aois. Is teicneoir innealtóireachta sibhialta [2] é agus tá sé ina bhall de Shinn Féin ó 1994. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí Ógra Shinn Féin. Is cainteoir líofa Gaeilge é.
Toghadh chun Dáil Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 12 Iúil 2010, mar gheall ar iarratais Uí Dochartaigh, chuir an Ard-Chúirt tús le hathbhreithniú breithiúnach ar chén fáth nach raibh fothoghchán á reáchtáil ag an rialtas. Chuir an tUasal Dohert an tAthbhreithniú Breithiúnach chun siúil i mBéarla, agus dá réir sin bhí na himeachtaí ina dhiaidh sin ar siúl i mBéarla amháin, agus an breithiúnas a sheachadadh i mBéarla amháin[3] . Deir alt 8 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go bhfuil ".. sé de cheart ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna . " Is féidir gur chuir rogha teanga (Béarla) Uí Dhochartaigh sa chóras cúirte iontas agus nó fiú díomá ar dhaoine, ós rud é go bhfógraíonn sé (i mBéarla) go bhfuil sé ina ".. strong supporter of the Irish Language..".[4] Ar an 2 Samhain, 2010, rialaigh an Ard-Chúirt go raibh moill mhíréasúnta i reáchtáil an fhothoghcháin. In a rialú rinne Uachtarán na hArd-Chúirte, An Breitheamh Nicholas Kearns, cur síos ar an moill nach bhfacthas riamh roimhe, agus dúirt sé go raibh an mhoill ag déanamh sárú ar chearta bunreachtúla Uí Dochartaigh. Dhearbhaigh sé gur ceart Alt 30 (2) den Acht Toghcháin 1992 a fhorléiriú go bhfuil ar eascaire le haghaidh toghchán a rith laistigh d'am réasúnta ar an fholúntas a tharlóidh. Dúirt sé chomh maith.:
- "... is é an teip leanúnach chun eascaire a bhogadh don fhothoghchán ó mhí an Mheithimh 2009, sárú ar théarmaí agus spiorad an Bhunreachta agus an ceart le haghaidh ionadaíochta daonlathaí."
Mar sin féin, ní raibh an Breithiúnach Kearns ag déanamh ordú ar an Rialtas dáta a shocrú le haghaidh na ballóide. D'fhógair an Rialtas ar an 4 Samhain 2010 go mbeadh an fothoghchán ar siúl ar an 25 Samhain. Dúirt an Rialtas chomh maith go mbeadh siad ag déanamh achomharc chuig An Chúirt Uachtarach. Ar an 26 Samhain, 2010 bhuaigh Uí Dochartaigh an fothoghchán agus d'éirigh leis a shuíochán Dála a choinneáil in Olltoghchán 2011.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-06-02. Dáta rochtana: 2010-11-26.
- ↑ http://saoloibre.ie/careers/detail.php?userid=none&token=%3F§or_id=4&job_id=93
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-05. Dáta rochtana: 2011-02-25.
- ↑ http://www.sinnfein.ie/contents/14981 Leathanach Uí Dhochartaigh ar shuíomh gréasáin Shinn Féin