Dún na nGall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dún na nGall
Crest
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Donegal Magnified.png
Daonra (2002)
- Baile:
- Tuath:
 
2,453 
3,724
Airde: 32 m
Contae: Contae Dhún na nGall
Cúige: Ulaidh

Is baile é Dún na nGall (Donegal as Béarla) i ndeisceart Chontae Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann.

Stair[athraigh | edit source]

Roimh an 17ú haois déag, bhí an baile ina phríomhdhún ag clann Ui Dhomhnaill, rialtóirí stairiúla Tír Chonaill. Tá fianaise ann go raibh daoine ag cur fúthu ar an láthair roimh theacht na Críostaíochta. Meastar gur mar gheall ar dhún a bheith ag na Lochlannaigh sa cheantar a tugadh Dún na nGall air. Tugann na mílte cuairt ar Chaisleán Dhún na nGall gach bliain, caisleán a thóg Clann Uí Dhónaill sa chúigiú haois déag. Tá ballóga sainmhainistreach ann chomh maith, mar a raibh Ord na bProinsiasach. Rinneadh cuid mhaith den obair ar Annála na gCeithre Máistrí, ceann de na lámhscríbhinní stairiúla is tábhachtaí in Éirinn, sa mhainistir seo.

An Diamant i lár Dhún na nGall.

Nuair a theith na hIarlaí i 1607 tar éis chogadh fhada in aghaidh na Sasanach, tugadh an caisleán agus a thailte don Sasanach Basil Brooke, mar chuid de Phlandáil Uladh. Rinneadh an baile a leagan amach le cearnóg ina lár ar a dtugtar an Diamaint.

Inniu[athraigh | edit source]

Is ionad mór turasóireachta é an baile anois, é suite ag bun na gCruacha Gorma, agus in aice le cuid mhór tránna a mbíonn daoine ag tonnmharcaíocht orthu. Tá traidisiún láidir fíodóireachta sa bhaile agus sa cheantar máguaird, agus an-cháil ar chomhlacht Magee. Is ann atá ceannáras an nuachtáin an Donegal Democrat.

Tá Gaelscoil sa bhaile le tamall beag de bhlianta.