Dubhghlas de hÍde
Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde (Béarla: Douglas Hyde) nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949).[1][2] Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta 1938 agus 1945.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais aige.
Conradh na Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuidigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú sa bhliain 1893 agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915 nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bunaíodh é sa bhliain 1928.
Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann".
Ina Uachtarán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh aon bhaint aige le Sinn Féin ná le gluaiseacht na saoirse, ach bhí sé sásta suíochán a ghlacadh i Seanad Éireann. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1925. Nuair a chuir Bunreacht Oifig an Uachtaráin ar bun sa bhliain 1937, ba é de hÍde an chéad duine a toghadh. Toghadh é d’aonghuth d’Uachtaránacht na hÉireann faoin mBunreacht nua ar an 4 Bealtaine 1938 agus insealbhaíodh é 25 Meitheamh.[3]
Tháinig deireadh lena théarma uachtaránachta ar an 25 Meitheamh 1945 agus chuaigh sé chun cónaithe i Ráth Treá Beag i bPáirc an Fhionnuisce. D’éag sé ar an 12 Iúil 1949. Tharraing an tórramh in Ardeaglais Naomh Pádraig (Eaglais na hÉireann & Protastúnach) ar an 14 Iúil conspóid. Ba é de Noel de Brún an t-aon aire rialtais a bhí i láthair. D'fhan an Taoiseach John A. Costello , De Valera et al amuigh.[4] Bhí an-smacht ag an Eaglais Caitliceach ar shochaí na linne.[5][6] Shíl an file Austin Clarke go raibh an scéal scannalach agus scríobh sé dán faoin eachtra.[7]
Adhlacadh De hÍde sa reilig sa Phortach Ard i nDún Gar, Co. Ros Comáin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “DE HÍDE, Dubhghlas (1860–1949) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ DIB.ie. "Dubhghlas de hÍde". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-07-13.
- ↑ "DE HÍDE, Dubhghlas (1860–1949)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2024-07-13.
- ↑ British Pathé (2014-04-13). "Nuachtscannán Pathé ag an am / Funeral Of Dr. Douglas Hyde - Former President Of Ireland (1949)".
- ↑ Brian Murphy (2016). "Forgotten Patriot". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-07-13. Dáta rochtana: 2024-07-13.
- ↑ Mon, 09 Apr, 2018 - 01:00 (2018-04-09). "When ministers and the State bowed to the Church" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2024-07-13.
- ↑ Austin Clarke. "Dán". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-07-13. Dáta rochtana: 2024-07-13.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ailt le téacs sa Bhéarla
- Daoine a rugadh i 1860
- Básanna i 1949
- Alumni Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Baill den 2ú Seanad
- Béaloideasóirí Éireannacha
- Daoine as Contae Ros Comáin
- Filí na hÉireann
- Fir
- Gníomhaithe Gaeilge
- Polaiteoirí neamhspleácha na hÉireann
- Protastúnaigh Éireannacha
- Scoláirí an Léinn Cheiltigh
- Scoláirí Gaeilge
- Scríbhneoirí Gaeilge
- Uachtaráin na hÉireann