Uachtarán na hÉireann
|
|||||
Sealbhóir | Mícheál D. Ó hUiginn ó 11 Samhain 2011 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cónaithe | Áras an Uachtaráin | ||||
Dlínse | Éire | ||||
Stáit | Éire | ||||
Sainordú | 7 bliain | ||||
Cruthú | 25 Meitheamh 1938 | ||||
Suíomh | president.ie… |
Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.
Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháin i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.
Toghadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.
Dualgais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.
Coimisiún an Uachtaráin
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gcás go mbíonn an tUachtarán as láthair, ar míthreoir, éagtha, éirithe as oifig nó curtha as oifig nó má theipeann air feidhmeanna a oifige a chomhlíonadh, déantar foráil sa Bhunreacht go ndéanfaidh Coimisiún cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh.[1][2][3][4]
Cumhachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:
- Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
- An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
- An tOireachtas a chomóradh
- Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
- Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
- Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)
Uachtaráin na hÉireann 1938-
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938.
Uimhir | Ainm | Pictiúr | In oifig | As oifig | Páirtí |
---|---|---|---|---|---|
1. | Dubhghlas de hÍde | 25 Meitheamh, 1938 | 24 Meitheamh, 1945 | Ainmniúchán uile-pháirti | |
2. | Seán T. Ó Ceallaigh | 25 Meitheamh, 1945 | 24 Meitheamh, 1959 | Fianna Fáil | |
3. | Éamon de Valera | 25 Meitheamh, 1959 | 24 Meitheamh, 1973 | Fianna Fáil | |
4. | Erskine H. Childers | 24 Meitheamh, 1973 | 17 Samhain, 1974 | Fianna Fáil | |
5. | Cearbhall Ó Dálaigh | 19 Nollaig, 1974 | 22 Deireadh Fómhair, 1976 | Fianna Fáil | |
6. | Pádraig Ó hIrighile | 3 Nollaig, 1976 | 2 Nollaig, 1990 | Fianna Fáil | |
7. | Máire Mhic Róibín | 3 Nollaig, 1990 | 12 Meán Fómhair, 1997 | Lucht Oibre | |
8. | Máire Mhic Giolla Íosa | 10 Samhain, 1997 | 10 Samhain, 2011 | Fianna Fáil / Neamhspleách | |
9. | Mícheál D. Ó hUiginn | 11 Samhain, 2011 | in oifig fós | Lucht Oibre / Neamhspleách |
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Office of the President of Ireland. "The President Presidential Commission" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2023-02-10.
- ↑ “Presidential Commission”. Citizens Information. Citizens Information Board (1 May 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 July 2013. Dáta rochtana: 21 December 2010.
- ↑ Private Business. - Ministerial Changes: Statement Curtha i gcartlann 2012-03-07 ar an Wayback Machine Dáil debates, 5 November 1992
- ↑ Clarity, James F. (6 November 1992). "Leader Defeated, Irish Government Collapses". New York Times. Dáta rochtana: 21 December 2010.