An Chóiré
An Chóiré | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Goryeo | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Daonra | |||||
Déamainm | Cóiréach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 219,155 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir na Seapáine, Yellow Sea (en) agus Muir na Síne Thoir | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Joseon (en) | ||||
Á leanúint ag | an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas |
An Chóiré (Cóiréis: (조선 nó 한국) is ainm don réigiún tíreolaíochta agus iar-stát atá suite in oirthear na hÁise, ar Leithinis na Cóiré. Sibhialtacht ársa atá ann, ach tá sí roinnte ina dhá tír eile sa lá atá inniu ann - an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas. Tá teorainneacha aici le Daon-Phoblacht na Síne iarthuaidh agus Cónaidhm na Rúise oirthuaidh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá fianaise sheandálaíocht go raibh daoine ina gcónaí ar an leithinis seo 700,000 bliain ó shin, agus thosaigh an ré Neoiliteach timpeall 6000 RC.
Gojoseon
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sean-ríocht ab ea Gojoseon, a bunaíodh sa bhliain 2333 RC, de réir an finscéal Dangun. Thugtaí an t-ainm Joseon uirthi ag an am, ach úsáidtear Gojoseon inniu ("Sean-Joseon") chun idirdhealú a dhéanamh ón Ríshliocht Joseon (1392-1910).
B'í Asadal, i ndeisceart Manchúr an céad príomhchathair, ach bogadh í níos déanaí go dtí an phríomhchathair nua-aimseartha Pyongyang (san Chóiré Thuaidh inniu). Tá déantáin cultúrtha ón ré seo le fáil fós ar fud na Cóiré agus an Manchúr.
D´fhás Gojoseon idir an 7ú haois RC agus an 4ú haois RC, agus fógraíodh ina ríocht féin í tar éis tamaill. Thit sí sa bhliain 108 RC, tar éis ionsaí ag an Ríshliocht Han na Síne.
Na Trí Ríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh bun le trí ríocht nua tar éis Gojoseon - Goguryeo, Silla, agus Baekje, a bhí i gcomórtas le chéile i gcúrsaí airgeadais agus mhíleata. B'é an Búdachas an phríomh-reiligiún a bhí acu.
Bunaíodh Goguryeo sa bhliain 37 RC ag Jumong, nó Rí Dongmyeongseong. Bhí Buyeo, Okjeo, Dongye agus stáit eile aontaithe le chéile sa ríocht seo, agus cuireadh deireadh leis an réigiún Síneach deireanach i 313. Bhí an lámh in uachtar ag Goguryeo thar na ríochta eile, ach bhí sí ag troid i gcónaí in aghaidh na ríshliochta Síneach Sui agus Tang. Bhí Baekje bunaithe sa bhliain 18 RC ag Onjo, mac le Jumong, san áit ina bhfuil an chathair nua-aimseartha Súl suite. Bhí an taobh deisceartach an leithinis faoi smacht an ríocht seo i rith an tréimhse seo. B'é Bak Hyeokgeose a bhunaigh an ríocht Silla i 57 RC.
Silla Aontaithe agus Balhae
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Silla ionsaí ar Baekje i 660 agus Goguryeo i 668, le cabhair ón Ríshliocht Tang ón tSín. Cruthaíodh ríocht nua le hainm Silla Aontaithe, a chlúdaigh an chuid is mó den leithinis ag an am. Mar thoradh, thóg an iar-ghinireál Goguryeo Dae Joyeong slua daoine chuig an réigiún Jilin i Manchúr, agus bhunaigh siad Balhae ina chomharba ar Ghoguryeo. Scriosadh Balhae ag na Khitanaigh sa bhliain 926.
Ríshliocht Goryeo
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é Goryeo an ríshliocht ab láidir idir 918 agus 1392. Chuaigh a lán de na ceannairí ón mBalhae isteach ann, agus clúdaigh sé an leithinis go hiomlán agus roinnt talún atá suite sa tSín inniu. I rith an ré seo, tháinig seirbhís shibhialta isteach agus d'fhás an Búdachas go flúirseach.
Lean ionsaithe ó na treibheanna Jurchen agus Khitan ar aghaidh le linn an 10ú haois agus an 11ú haois, ar an teoreann tuaisceartach don chuid is mó. Bhí coimhlint idir na húdaráise shibhialta agus mhíleata ag méadú, agus tar éis tamall bhí éirí amach ag na húdaráis mhíleata.
Rinne Impireacht na Mongóile ionradh sa bhliain 1238. Mhair an cogadh ar feadh tríocha bliana, agus síníodh conradh ag an deireadh.
Thosaigh an impireacht ag laghdú i rith na 1340í, agus bhí an Chóiré saor chun athchóiriú a dhéanamh gan cur isteach ag na Mongólaigh.
Ríshliocht Joseon
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh tús leis an ríshliocht Joseon sa bhliain 1392, tar éis coup d’état a bhí eagraithe ag Yi Seong-gye. Bogadh an phríomhchathair go dtí Hanseong (an chathair Súl (Seoul) inniu), agus tógadh an pálás le hainm Gyeongbokgung sa bhliain 1394. Chruthaigh Rí Sejong Mór (1418-1450) Hangul (an aibítir Chóiréach), agus rinneadh a lán dul chun cinn i gcúrsaí cultúrtha agus teicneolaíochta i rith an ré seo.
Rinne an tSeapáin ionradh faoi dhó idir 1552 agus 1598. Cé go raibh a lán dochar déanta acu, bhí siad ábalta an lámh in uachtar a fháil le cabhair ón Ríshliocht Ming. Lean na hionraí ar aghaidh áfach, sna 1620í agus na 1630í, an Manchúr a bhí i gceist an am seo. Tar éis an chailleadh seo, bhain an Chóiré taitneamh as dhá céad bliain síochánta. Tugadh an leasainm "an ríocht díthreabhach" uirthi sa tréimhse seo.
Faoi smacht na Seapánaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]As na 1870í amach, thosaigh an tSeapáin ag cur brú ar an gCóiré chun teacht isteach faoi a cuid smacht. Bhí Banimpire Empress Myeongseong na Cóiré feallmharaithe ag na Seapánaigh sa bhliain 1895. Troideadh an Cogadh Síneach-Seapánach agus an Cogadh Rúiseach-Seapánach, agus thit an Chóiré faoi riail na Seapánaigh. I 1910, chuir na Seapánaigh brú ar Chóiré an Conradh Nasc-Ghabháil Seapáin-Cóiré a shínigh.
Bhí gluaiseacht sa Choíré i gcoinne riail crua na Seapánaigh, a bhí le feiceáil san Gluaiseacht 1 Márta 1919. Cuireadh é faoi chois, agus maraíodh 7,000 duine ag na póilíní.
Ag an am chéile, bhí an comhoibriú ann freisin. Bhí an smaointeoir Yun Chi-ho ina ghníomhaí ar son neamhspleáchas na Cóiré óna Seapánaigh ar dtús. Ach comhoibritheoir de chuid na Seapánaigh ba ea é ó na 1910idí amach, is cosúil.
Bhris amach coimhlint eile anois is arís i Manchúr i gcoinne na Seapánaigh. Tháinig na míle daoine isteach san Arm Náisiúnta Réabhlóideach agus an Arm Saoirse chun troid i gcoinne na Seapáine, agus bunaíodh rialtas deoraíocht Chóiréach i Shang-hai.
Rinne a lán dochar do chultúr na Cóiré. Cuireadh cosc ar an dteanga Cóiréis, agus bhí orthu ainmneacha Seapánacha a úsáid. Thóg na Seapánaigh a lán de na déantáin go dtí an tSeapáin, agus tá siad le fáil fós i músaem Seapánach.
I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí ar an Chóiré tacaíocht a thabhairt do na Seapánaigh.
An cumannachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cheap Kim Il-sung idé-eolaíocht nua a tugadh Juche air, meascán de thírghrá agus féintuilleamaí.
Bhí nasc láidir idir Kim Il-sung agus an Aontas Sóivéadach faoi Joseph Stalin. Thacaigh an tSín chomh maith leis na pleananna a bhí ag Kim an t-ionradh a dhéanamh ar Súl[1].
De réir a chéile, sháraigh Juche an Marxachas-Leiníneachas agus an cumannachas.
Cogadh 1950-1953
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 25 Meitheamh 1950, rinne An Chóiré Thuaidh ionradh ar an gCoiré Theas, ag cur tús lé cogadh mór millteanach. D'ordaigh Kim Il-sung ionradh na Cóiré Theas.
Chreid na ceannairí polaitiúla in SAM gurb é Stalin a threoraigh Kim Il Sung ionradh a dhéanamh ar an Chóiré Theas. Ní raibh SAM sásta glacadh leis gurb é Kim féin a rinne an cinneadh.
Agus trúpaí na Cóiré Thuaidh ag dul thar an 38ú líne dhomhanleithid, ba léir go raibh an Rúis ag iarraidh an cummanachas a leathnú. Mura rachadh SAM i mbun gnímh sa Chóiré, bheadh na stáit máguaird faoi smacht an Chumannachais. Seo ráiteas ó rialtas SAM i 1950:
Anseo sa Chóiré tá iarracht déanta ag na Cumannaigh (Rúisigh) an domhan a ghabháil. Is siombail í an Chóiré don domhan mór. Má fhaigheann Cumannachas an ceann is fearr orainn san Áise, is cinnte go dtitfidh an Eoraip leis chomh maith. Má ligimid do na Rúisigh smacht a fháil ar an Chóiré, beidh an domhan den tuairim go bhfuil babhta eile inár gcoimhlint leo caillte againn. An clú atá orainn mar chosantóirí an domhain shaoir, beidh sé thíos leis[2].
Agus dúirt an t-uachtarán Truman:
“Má chlisimid ar an Chóiré, leanfaidh na Rúisigh leo agus stát i ndiaidh an stáit eile den Áise á ngabháil acu, agus an Eoraip féin ina dhiaidh sin…”
Tharraing SAM fórsaí na Náisiúin Aontaithe isteach chun an Chóiré Theas a chosaint. Scríobh Nikita Krushchev, iarcheannaire APSS, an méid seo faoi Chogadh na Cóiré sa bhliain 1971:
Ba é Kim Il Sung féin a cheap an cogadh sa Chóiré. Bhí sé ag iarraidh an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas a aontú faoina smacht féin. Chuir Stalin ina luí air gur chóir dó dianmhachnamh a dhéanamh sula ndéanfadh sé ionsaí ar an Chóiré Theas. D’inis Kim Il Sung do Stalin go raibh sé iomlán cinnte go n-éireodh leis. Is cuimhin liom go raibh amhras ar Stalin. Bhí sé buartha go gcuirfeadh SAM a ladar isteach sa scéal. Ghéill sé do Kim, áfach, agus bhí sé sásta soláthairtí agus comhairleoirí míleata a chur go dtí an Chóiré Thuaidh.[3]
Mhair an chogaíocht fíochmhar go dtí an sos comhraic a cuireadh i bhfeidhm ar 27 Iúil 1953.
In Panmunjom a síníodh an conradh faoin sos cogaidh, a chuir deireadh le Cogadh na Cóiré - go sealadach, ar fad. Ní conradh síochána é, agus mar sin, ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, níl an cogadh sin críochnaithe i gceart go fóill.
Líon iomlán na marbh: 2.5[4] - 5 milliún[5] (daonra 30 milliún, Theas agus Thuaidh, i 1950),
An Cogadh Fuar
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhan an tír i maos i mbochtaineacht faoi Kim Il-sung. Ba mhinic a bhí gorta ann, d'ainneoin chuidiú na Sóivéadach.
1990idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a tháinig deireadh leis an gcóras cumannach san Aontas Sóivéadach agus bhris an stát sin suas, tháinig deireadh leis an gcuidiú Sóivéadach. Dá bharr sin, d'éirigh staid na Cóiré Thuaidh níos measa sna blianta deireanacha de réimeas Kim. Ba mhinic a bhí gorta ann.
Chruthaigh Kim Il-sung cultas pearsantachta a mhair go dtí an lá inniu, ní hamháin dó féin ach dona mhac, Kim Jong-il, agus a dá gharmhac, Kim Jong-un. Ceannaire ar an an Chóiré Thuaidh a bhí ann ar feadh 46 bliana, ó bhunú an stáit go dtí lá a bháis ar an 8 Iúil 1994.
Tháinig Kim Jong-il i gcomharbacht ar a athair Kim Il-sung, bunaitheoir an stáit. Bhí Kim Jong-il ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí Oibrithe na Cóiré, Cathaoirleach ar Choimisiún Cosanta Náisiúnta na Cóiré Thuaidh, agus Ardcheannasaí ar Arm an Phobail (an ceathrú harm is mó ar domhain ag an am sin).
21ú hAois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Kim Jong-un i gcumhacht ar bhás a athar i mí na Nollag sa bhliain 2011. "An Comharba Mór" a thug seirbhís theilifíse an stáit air.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Foinse: The USA and the Cold War[nasc briste go buan]: Oliver Edwards 1997
- ↑ Foinse: Rialtas SA[nasc briste go buan]. 1950 (oiriúnaithe)
- ↑ Foinse: Nikita Khrushchev: Khrushchev Remembers, An Autobiography[nasc briste go buan] 1971
- ↑ CNN facts
- ↑ History.com