CLG Stáicéirí de Bhailís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stáicéirí de Bhailís
Béarla: Staker Wallace
Bunaithe: 1885
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear B
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Glas is buí
Páirc: Páirc Chuimhneacháin An tAthair Seán Ó Riain, Baile an Scálaigh, Baile Mháirtín, Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Stáicéirí de Bhailís.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club ainmnithe in onóir an tÉireannach Aontaithe Pádraig “An Stáicéir” de Bhailís (1733-1798) a rugadh sa Thír Mhór, Baile Mháirtín agus a chrocadh ag na Sasanaigh i gCill Fhionáin i ndiaidh Éirí Amach na Bliana 1798.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Builgidín/Baile Mháirtín i nDeisceart Chontae Luimnigh idir Cnoc Loinge agus Cill Mocheallóg, 37km ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as as ceantracha tuaithe an pharóiste ar nós Builgidín, Baile Mháirtín, Baile an Mhághúnaigh agus Baile an Scálaigh. Tagann roinnt peileadóirí as paróiste Eithbhinn chomh maith.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint sa cheantar, imrítear an pheil sa chlub chomh maith. Tá an bhéim go láidir I dtreo na hiomána. Tá Stáicéirí de Bhailís nasctha le Eithbhinn i gcomhair comórtaisí na n-óg agus imríonn siad faoin ainm Gaeil Cois Sléibhe.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá paróiste Builgidín/Baile Mháirtín suite i lár limistéar traidisiúnta na hiomána agus bunaíodh an chéad club ann faoin ainm Na Stáicéirí sa bhliain 1885. Ghlacadar páirt i gcomórtaisí iomána a d’eagraíodh le linn blianta deiridh na 19ú aoise ach is ar éigin ar éirigh leo mórán a bhuachaint mar bhíodar faoi scáth Cill Fhionáin, an club ba láidre sa chontae ag an am.

Tá cuntas ann faoi bhua foirne faoin ainm Builgidin ar Mhainistir i gcomórtas Brú na Déise i Mí Bhealtaine na bliana 1903 ach tugadh Na Stáicéirí ar an gclub suas go dtí blianta na 1930í. Bhí blianta ann sa tréimhse sin nuair ná rabhadar gníomhach de dheasca na dTrioblóidí nó d'easpa imreoirí ach, nuair a atheagraíodh iad le linn blianta deiridh na 1930í, ghlacadar Stáicéirí Baile an Mhághúnaigh mar ainm orthu.

Idir an dá linn, shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt na bliana 1933. inar bhuaigh CLG Cill Mocheallóg orthu ach ní rabhadar in ann leanúint ar an bhforbairt. Tháinig Builgidin ar ais mar ainm ar fhoirne mhionúra an chlub le linn blianta na 1940í agus ba na Na Stáicéirí arís iad go léir ó bhlianta dheiridh na 1940í suas go dtí blianta lár na 1960í nuair a thiteadar as a chéile arís.

Athbhunáiodh an club atá sa lá inniu ann faoin ainm Stáicéieí de Bhailís sa bhliain 1972 agus tháinig an dul chun chin go tapaidh orthu. Bhuadar ar Bhaile an Chaisleáin/Béal Átha Grean chun Craobh Iomána Sóisear A an Deiscirt na bliana 1976 a ghabháil agus d’éirigh leo Craobh an Chontae a bhuachaint sa bhliain dár gcionn nuair a sháraíodar ar Mháigh Rua sa chluiche ceannais. Ach níor éirigh leo fanacht i bhfad sa ghrád sinsear agus, i ndiaidh na glúine sin éirí as an imirt, thit an iomáint i léig.

Tháinig feabhas éigin ar an scéal nuair a bhuadar Craobh Iomána Sóisear B an Chontae faoi dhó sna blianta 1989 agus 1992 ach bhí orthu fanacht go dtí an bhliain 2008 sular éirigh leo Craobh Iomána Sóisear A an Deiscirt a ghabháil arís. Mí amháin ina dhiaidh sin, shroich an fhoireann cluiche ceannais an chontae ach chailleadar i gcoinne Móin na nGé.

Sa bhliain 1992, buadh an chéad agus taon chorn peile riamh i stair Stáicéieí de Bhailís, Craobh Sóiser B an Desicirt.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir Stáicéirí de Bhailís i lárionad pobal Builgidín/Baile Mháirtín I mBaile an Mhághúnaigh go dtí gur cheannaigh an airgeadóir SP Mac Mánais é. D’oscláiodar a pháirc imeartha féin 1km siar ón seanpháirc i mBaile an Scálaigh i gceartlár an pharóiste sa bhliain 2008 agus is anseo a bhfuil an chéad ionad uile-aimsear CLG sa chontae. Bhí Páirc Chuimhneacháin An tAthair Seán Ó Riain oscailte sa bhliain 2013.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla an chlub tá Brian Ó Riain (Brian Ryan) ar imir ar fhoireann iomána sinsear an chontae le linn blianta na 1970í.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).