CLG Ráth Caola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ráth Caola
Béarla: Rathkeale
Bunaithe: 1956
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sinsear
Iomáint: Sóisear B
Dathanna: Gorm is bán
Páirc: Garraí an Phortaigh, Ráth Caola, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Ráth Caola.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Ráth Caola in iarthar an chontae, 35km siar ó Chathair Luimnigh ar bhóthar an N21. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile Ráth Caola agus ó na bhailte máguaird ar nós Coill tSeáin, Caisleán Bhun Tráisce, Sceach na Bláithche agus Baile Liam.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go n-imrítear iomáint faoin ainm an pharóiste Naomh Mhuire agus peil faoin ainm Seán Uí Fhinn (i gcomóradh laoch Cogadh na Saoirse), is club amháin atá ann. Tá traidisiún na gcluichí Gaelacha sa cheantair bunaithe san iomáint agus bhí béim an pharóiste dírithe ina treo suas go dtí blianta na 1970í ach tá an pheil níos láidre sa chlub ón am sin i leith.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an pheil agus an iomáint á imirt i Ráth Caola sular bhunaíodh CLG sa bhliain 1884. Níos déanaí, eagraíodh comórtais idir foirne pharóiste ar fud Chontae Luimnigh. Imríodh an chéad chluiche riamh sa chontae faoi treoir CLG i Mí Aibreáin na bliana 1885 nuair a chas peileadóirí Ráth Caola ar Chill Mhíde i Ráth Caola.

Ba é Abrahamaigh Ráth Caola an chéad chlub oifigiúil sa pharóiste nuair a bunaíodh é sa bhliain 1886. Bhaineadar cáil amach dóibh féin ar dtús mar iománaithe. Ghlacadar páirt i Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1895 nuair a atheagraíodh coiste an chontae i ndiaidh scoilt an Pháirnéalaigh agus shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear an Chontae faoi dhó, sa bhliain 1900 nuair a bhuaigh Cnoc na Sailí orthu, agus sa bhliain 1905 nuair a chailleadar an cluiche ceannais i gcoinne Cathair Laighin. Ach is é an chéad tagairt do chluiche Gaelacha sa pharóiste ná cuntas ón mbliain 1894 faoi fhoireann darbh ainm di Ráth Caola ag cailliúint cluiche peile sa Chaisleán Nua Thiar i gcoinne na nóstach.

Sna blianta i ndiaidh neamhspleáchas, bhí trí chlub sa pharóiste, Ráth Caola sa bhaile féin, An Drom Ard sa chuid tuaithe de agus Baile Uí hAnnluain sa chuid deisceart de. Buadh ar Ráth Caola i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear an Chontae sa bhliain 1924.

Tháinig an triúr le chéile chun foireann amháin a chur ar an bpáirc faoin ainm Ráth Caola sa bhliain 1941, tháinig Cnoc an Doire leo idir na blianta 1943 agus 1946 agus bhí sárfhoireann iomána acu le linn blianta na 1940í. Ach bhí an mí-ádh orthu gurb é sin ré órga Átháin chomh maith agus bhuadar ar Ráth Caola i gcluichí ceannais ceannais Craobh Sinsear an Chontae na mblianta 1944, 1944 agus 1946.

Tugadh An Drom Ard/Ráth Caola ar an bhfoireann iomána nuair a ghabhadar Craobh Sóisear an Chontae i ndiaidh dóibh buachaint ar Bhrú Rí tar éis achomhairc sa bhliain 1948 agus arís ar Chlochán tar éis athimirt sa bhliain 1950 ach níor aontaigh na trí chlub go hoifigiúil faoi choiste amháin go dtí an bhliain 1952 nuair a ghlac na foirne na hainmneach atá orthu faoi láthair.

Seán Uí Fhinn v Drom Chollachair/Béal an Átha, Craobh Peile Sóisear A Iarthar Chontae Luimnigh i gCnoc an Doire, 13ú Iúil 2003

Bhí foireann iomána sinsear ag Naomh Mhuire idir na blianta 1969 agus 1975 nuair a thiteadar síos chuig an ngrad sóisear A agus tá siad ag imirt sa ghrád sóisear B ón mbliain 1999 i leith.

Bhuaigh Seán Uí Fhinn ar Na Trádálaithe chun Craobh Peile Sóisear an Chontae sa bhliain 1954 ach thit imirt na peile i léig sa pharóiste le linn blianta na 1960í agus na 1970í. Tháinig feabhas ar an scéal le linn blianta na 1980í nuair a bhuadar Craobh Sóisear A an Chontae sa bhliain 1991 ach, cé go raibh Seán Uí Fhinn ag imirt mar fhoireann idirmheánach ina dhiaidh sin, tá siad ar ais sa ghrád sóisear A ón mbliain 1995 i leith.

Ós rud é go bhfuil daonra an bhaile ag titim, bhí deacrachtaí ar leith ag an gclub ag deireadh na Mílaoise ach tá feabhas tar éis teacht ar a fhoirne óga le déanaí, go mór mór sa pheil.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil ionad mór cluichí Gaelacha i mbaile Ráth Caola í bPáirc Mhichíl Uí Nia, tá a pháirc imeartha féin ag CLG Ráth Caola i nGarraí an Phortaigh ar bhóthar Eas Géibhtine.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla Ráth Caola, tá an tiománaí Proinsias Ó Nianáin (Frank "Bugs" Neenan) a d'imir ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 1950í, na deartháireacha Séamus agus Réamonn Ó Dochartaigh (Séamus and Ray O’Doherty), peileadóirí idirchontae le linn blianta na 1980í, agus Séamus Ó Broin (Séamus Byrnes), lár-thosaigh ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Peile Faoi-21 na h Éireann sa bhliain 2000.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).