CLG Brú Rí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brú Rí
Béarla: Bruree
Bunaithe: 1893
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear A
Iomáint: Príomh Idirmheánach
Dathanna: Bán is gorm
Páirc: Brú Rí, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Brú Rí.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Cnoc na Carraige/Brú Rí idir Cromadh agus Ráth Luirc i nDeisceart Chontae Luimnigh , 35km ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as baile Brú Rí agus as ceantracha tuaithe an pharóiste ar nós Doire Álainn, Garraí Phaighean, Cnoc an Bhodaigh agus Daichead Acra. Tagann roinnt peileadóirí as paróiste Eithbhinn chomh maith.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint sa cheantar, imrítear an pheil sa chlub chomh maith. Tá an bhéim an chlub dírithe go láidir i dtreo na hiomána ach bhí tréimhse ann le linn blianta na 1990í nuair a bhí foireann sinsear ag Brú Rí sa dá chód.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí roinnt foirne gníomhach sa pharóiste nuair a réitíodh rialacha caighdeánach na hiomána i ndiaidh bunú CLG sa bhliain 1884 agus d’imríodar faoi ainmneacha éagsúla go dtí gur chláraíodh club faoin ainm Club Iomána Luimneach Theas sa bhliain 1893. Bhí dhá choiste riarachán i gContae Luimnigh ag an am sin, iad deighlte mar thoradh ar an achrann polaitiúla faoi Pharnell, agus ba é cathaaoirleach an chlub agus sagart an pharóiste, an tAthair Eoghan Mac Síthigh, ceannaire na buíona frith-Pharnell.

Bhuaigh Luimneach Theas Craobh Iomána Sinsear an Chontae díreach ina diaidh nuair a sháraíodar ar Naomh Mícheál i gcluiche ceannais na bliana 1893 ach bhris an club suas ina pharóistí éagsúla nuair a aontaíodh coiste an chontae go gairid ina dhiaidh sin. Lean an chuid a bhí fágtha i bparóiste Cnoc na Carraige/Brú Rí féin ag imirt faoin ainm Brú Rí ach níor éirigh leo i gcraobh eile ar bith go dtí gur thiteadar as a chéile le linn na dTrioblódí.

Eagraíodh dhá chlub ina áit nuair a atosaíodh na comórtaisí i ndiaidh teacht na síochána ach níor éirigh le Cnoc na Carraige rud ar bith a bhuachaint ar pháirc an imeartha agus ba é Craobh Iomána Sóisear an Descirt na bliana 1930 an t-aon toradh amháin ar shaothar Bhrú Rí sular éirigh an bheirt acu as an imirt ar fad timpeall na bliana 1940.

D’athraigh an scéal i ndiaidh dóibh athbhunú mar chlub aontaithe amháin faoin ainm Brú Rí sa bhliain 1944. Nuair a bhuadar ar An nGleann Rua chun Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt a ghabháil don dara huair sa bhliain 1948, d’fhan an chorn sin sa pharóiste ar feadh ceithre bliana go dtí gur sháraíodar ar Shaor Theas i gcluiche cheannais Craobh Iomána Sóisear an Chontae.

Níor éirigh le Brú Rí áit buan a ghreamú dóibh féin san iomáint sinsear agus thiteadar ar ais go dtí an grád sóisear ar roinnt ócáid go dtí gur bhuadar ar Bhaile Brún chun Craobh Sóisear an Chontae a ghabháil don dara huair sa bhliain 1966. Tá siad ag imirt sa phríomhghrád go leanúnach ón am sin i leith ach níor shroicheadar cluiche ceannais craobh an chontae go dtí an bhliain 1982 nuair a fuair Tobar Phádraig an lámh in uachtar orthu. Bhíodar thar n-ais i gcluiche ceannais na bliana 1994 ach chailleadar i gcoinne a gcomharsan as Cill Mocheallóg ar an ócáid sin.

Tháinig seans eile chucu sa bhliain 2006 agus d’érigh leo ar an tríú iarracht nuair a bhíodar ach cúilín amháin chun tosaigh ar Thobar Phádraig i ndiaidh an réiteoir an fheadóg dheiridh a shéideadh ar chraobh sinsear an chontae.

Ní raibh mórán le rá faoi pheil Brú Rí suas go dtí an bhliain 1977 nuair a fuaireadar an lámh in uachtar ar Fheadamar chun seilbh a ghlacadh ar Chraobh Sóisear A an Chontae. Músclaíodh an suim arís sa liathróid mhór nuair a bhuadar an chorn sin don dara huair sa bhliain 1992 agus Craobh Peile Idirmheánach an Chontae dhá bhliain ina dhiaidh sin tar éis dóibh An Gleann a shárú. Cé gur thiteadar síos sa bhliain dár gcionn, bhíodar ar ais ag imirt peile sinsir ar an gcéad iarracht nuair a bhuadar ar Ghaeil Ghailtí i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae na bliana 1996. Chinneadar ar fhilleadh ar pheil sóisear ar a dtoil féin go gairid ina dhiaidh sin, sháraíodar ar An gCeapach chun Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh na bliana 2003 a bhuachaint ach thiteadar as an dara grád arís sa bhliain 2008.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imríonn foirne an chlub ar pháirc an phobail taobh thiar den scoil náisiúnta, 1km soir ó lár-bhaile Brú Rí ar Bhothar Chill Mocheallóg.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá Séamus Ó Briain (Jim O’Brien) ar imir ar fhoireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear na hÉireann sa bhliain 1973, Stiofán Mac Donnchadha (Stephen McDonagh), ball foireann Luimnigh i gcluichí ceannais Craobh na hÉireann na blianta 1994 agus 1996 agus Pádraig Poitéar (Pat Potter), peileadóir an chontae le linn blianta na 1980í.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).