An Míosach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Tulmhaisiú, curtha leis sa bhliain 1532
Radharc ar an gcúl view

Cumhdach mionmhaisithe Éireannach de chuid na 11ú haoise is ea An Míosach.[1][2] Tháinig sé ó dhúchas as Cluain Maine, tuaisceart Dún na nGall. Luaitear é sna hannála don chéad uair faoin mbliain 1165.[3] Tugtar dáta siar go dtí an 11ú haois dó, nuair a chosnaítí ann is dócha lámhscríbhinn le sailmsoiscéalta. Bhí an cumhdach folamh áfach faoin 18ú haois nuair a scríobhadh chur síos air.

Maraon le Cathach Cholm Cille, thógtaí i mbun catha é sa mheánaois cosúil le meirge.[4] Bhí nasc níos deireanaí idir é agus Naomh Cairneach, éarlamh Thuiléin, Contae na Mí,[5][6] ach faoin meánaois dhéanach, ba chuid de chultas Cholm Cille (521-59 AD) é.[7]

Cuireadh leis an gcumhdach sa bhliain 1534 ag an ngabha óir, Brian O'Morrison, le tul- agus taobh-mhaisiú le clocha leathlómhara, agus rilífí san áireamh Céasadh Íosa, Muire Ógh agus Leanbh, agus na triúr éarlamh Éireann: Bríd, Pádraig agus Colm Cille.

Caomhnaítear é i nArd-Mhúsaem na hÉireann, ina fhoirgneamh seandálaíochta ar tSráid Chill Dara.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Crawford, Henry. "A Descriptive List of Irish Shrines and Reliquaries. Part I". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 6ú sraith, imleabhar 13, ui. 1, Meitheamh 1923. JSTOR 25513282
  • Fitzpatrick, Elizabeth. Royal Inauguration in Gaelic Ireland C.1100-1600: A Cultural Landscape Study. Suffolk: Boydell Press, 2004. ISBN 978-1-8438-3090-0
  • Hourihane, Colum. Gothic Art in Ireland, 1169-1550. New Haven, CT: Yale University Press, 2003. ISBN 978-0-3000-9435-0
  • Kelly, Eamonn. The Lough Kinale Shrine: The Implication for the Manuscripts. In: O'Mahony, Felicity. "The Book of Kells: Proceedings of a conference at Trinity College, Dublin, 6–9 September 1992". Baile Átha Cliath: Trinity College & Scolar Press, 1994. ISBN 978-0-8596-7967-1
  • Lucas, Anthony. "The Social Role of Relics and Reliquaries in Ancient Ireland". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, imleabhar 116, 1986. JSTOR 25508904
  • Moss, Rachel. Medieval c. 400—c. 1600: Art and Architecture of Ireland. New Haven, CT: Yale University Press, 2014. ISBN 978-03-001-7919-4
  • Mitchell, Perette. "The Inscriptions on Pre-Norman Irish Reliquaries". Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature, imleabhar 96C, ui. 1, 1996. JSTOR 25516156
  • Mullarkey, Paul. In: Moss, Rachel. Medieval c. 400—c. 1600: Art and Architecture of Ireland. New Haven, CT: Yale University Press, 2014. ISBN 978-03-001-7919-4
  • Ó Floinn, Raghnall. Treasures of the National Museum of Ireland: Irish Antiquities. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan, 2002. ISBN 0-7171-2829-6
  • —. "Irish Goldsmiths' Work of the Later Middle Ages". Irish Arts Review Yearbook, imleabhar 12, 1996. JSTOR 20492877
  • Petrie, George. "Exhibition of the Missagh, or Miosach". Proceedings of the Royal Irish Academy (1836–1869), imleabhar 5, 1850–1853. JSTOR 20489800
  • Stalley, Roger. "Irish Art in the Romanesque and Gothic Periods". In: Treasures of early Irish art. NE: An Músaem Ealaíne Meitreapholaiteach, 1977. ISBN 978-0-8709-9164-6
  • Stokes, William. The Life and Labours in Art and Archæology, of George Petrie. Cambridge: Cambridge Library Collection - Archaeology, 1868
  • Wallace, Patrick. "Viking Age Ireland, AD 850-1150". In Ó'Floinn, Raghnal; Wallace, Patrick (eag). Treasures of the National Museum of Ireland: Irish Antiquities. Ard-Mhúsaem na hÉireann, 2002. ISBN 978-0-7171-2829-7

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Petrie (1850–53), ll. 464–467
  2. "Enshrining The Book". Coláiste na Tríonóide, 2016
  3. Leabhar Mhic Cárthaigh LMC, 1165.2
  4. Lucas (1986), lch. 27
  5. Aided Muirchertaig Meic Erca, Cuid 2, Alt 12, ar CELT
  6. "Shrine of the Miosach: An Early Irish Book Shrine". Irish Archaeology, 28ú Breataine 2014.
  7. O Floinn (2002), lch. 269